Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (104)

Catherine Connolly

Ceist:

104. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte 3700/23, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an tríú gné den obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus leis an gcur chuige atá á gcur i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus maidir leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8513/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, agus ceisteanna faoin ábhar seo á bhfreagairt roimhe seo, thug Údarás na Gaeltachta faoi shuirbhé sna cliantchuideachtaí i mí na Samhna 2022.

Tuigtear ón Údarás gur dáileadh ceistneoir agus gur rinneadh iarrachtaí fostóirí agus fostaithe a spreagadh le heolas agus tuairimí a roinnt maidir lena riachtanais teanga agus na tacaíochtaí a bheadh úsáideach dóibh - bíodh sé sa láthaireán oibre nó sa phobal ina bhfuil siad lonnaithe.

Mar atá ráite roimhe seo, tuigtear go bhfuil anailís idir lámha ag an Údarás ar na treochtaí agus na tuairimí atá ag teacht chun cinn ón suirbhé. Úsáidfear na sonraí ón taighde mar bhunús le moltaí a dhéanamh ar chur chuige a bheidh dírithe ar na bealaí is fearr inar féidir leis an Údarás tacú leis na cliaint agus na fostaithe maidir le cur chun cinn na Gaeilge de agus déanfar scéim nua tacaíochta a thairiscint, dá réir.

Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag ullmhú leagan críochnúil de na torthaí faoi láthair agus go bhfuil sé beartaithe ag an eagraíocht an taighde seo agus cur chuige na scéime nua a sheoladh go luath.

Question No. 105 answered with Question No. 92.
Barr
Roinn