Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (103)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

103. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí clár ama mar gheall ar chur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge agus an dtabharfaidh sí uasdátú maidir le forbairt na teicneolaíochta a moladh sa Phlean sin i mí na Nollag. [8401/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinneadh an Plean Digiteach don Ghaeilge a sheoladh i mí na Nollag seo caite. Is plean uaillmhianach atá ann ina leagtar amach na nithe a bhfuil forbairt le déanamh orthu as seo go ceann cúig bliana ionas go mbeidh an Ghaeilge gob ar ghob le teangacha forbartha eile sa réimse digiteach agus ionas go mbeidh pobal na Gaeilge in ann saol digiteach a chaitheamh ina dteanga féin mar atá pobail teanga eile.

Is plean cúig bliana atá i gceist, mar thús, agus an tréimhse ó 2023 go 2027 luaite leis. Meastar, mar sin féin, gur obair fhadtréimhseach leanúnach a bheidh anseo.

Cheana féin, le tacaíocht mo Roinne, tá roinnt forbairtí suntasacha curtha i gcrích a thagann le cuspóirí an Phlean Dhigitigh. Áirítear orthu sin:

(1) Bailiú leanúnach sonraí aistriúcháin náisiúnta atá ar siúl ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tríd an Stáisiún Náisiúnta Athsheachadta, atá ag feidhmiú le roinnt míonna anuas faoin ainm ‘eSTÓR’. Faoin tionscnamh sin, tá sonraí aistriúcháin á mbailiú go leanúnach ó chomhlachtaí poiblí éagsúla agus ó ranna rialtais faoi chomhaontuithe éagsúla ceadúnúcháin. Go dtí seo, bailíodh os cionn 195,000 abairt chomhthreomhar, Béarla-Gaeilge.

Tá ná sonraí seo á mbailiú ar mhaithe le meaisínaistriúchán a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach. Cheana féin, tá toradh na hoibre sin le sonrú ar eTranslation, is é sin an córas meaisínaistriúcháin atá forbartha ag an gCoimisiún Eorpach. Tá meaisínaistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge, ar chaighdeán ard, ar fáil do chomhlachtaí poiblí faoin gcóras sin, agus tá cruinneas an chórais ag dul i bhfeabhas ar feadh an ama de thoradh an ionchuir ó eSTÓR.

Tá maoiniú iomlán €876,023 ceadaithe ag mo Roinn as seo go deireadh na bliana 2025 chun dlús a chur leis an tionscadal seo.

(2) Tá córais téacs-go-caint don Ghaeilge á bhforbairt ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath le tacaíocht mo Roinne. Tá forbairt déanta ar chórais sintéise, bunaithe ar chainteoirí dúchais ó na trí mhórchanúint, agus tá siad ar fáil saor in aisce ar shuíomh idirlín ABAIR.ie. Tá modhanna éagsúla sintéise agus innill labhartha in úsáid. Is féidir an chanúint agus an cainteoir a roghnú, chomh maith leis an inneall labhartha (agus an modh sintéise) is fearr a oireann do riachtanas ar leith.

Tá taighde leanúnach ar siúl ag foireann taighdeoirí ABAIR.ie chun forleathnú a dhéanamh ar na corpais agus ar na glórtha sintéiseacha.

Tá maoiniú iomlán €1,124,069 ceadaithe ag mo Roinn as seo go deireadh na bliana 2025 chun dlús a chur leis an tionscadal seo.

Anuas air seo uile, tá tús curtha ag mo Roinn le comhráití le hÚdarás na Gaeltachta maidir le deiseanna fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeltachta ag eascairt as gnéithe den Phlean Digiteach a chur i bhfeidhm.

Barr
Roinn