Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 26 April 2023

Wednesday, 26 April 2023

Ceisteanna (100)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

100. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad atá i gceist sna liúntais do chomhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta in aghaidh na bliana, agus an bhfuil sé i gceist go dtiocfaidh aon athrú ar na liúntais sin agus na toghcháin le cur ar siúl arís faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. [19695/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Léirítear thíos na sonraí maidir leis na liúntais a íoctar le comhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta in aghaidh na bliana:

Cathaoirleach – €11,970 Gnáthchomhalta – €7,695

Is faoi réir an phrionsabail 'Duine Amháin Tuarastal Amháin' a íoctar na liúntais seo.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí Sheachadh PFN agus Athchóirithe atá freagrach as luach na liúntas maidir le boird stáit a leagan síos.

Barr
Roinn