Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 March 2024

Tuesday, 5 March 2024

Ceisteanna (308)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

308. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cé mhéid airgid a chaitheann an Rialtas in aghaidh na bliana ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. [10381/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998 le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith. Baineann ról na Comhairle leis an mbunoideachas agus leis an iar-bhunoideachas agus tá trí mhór-réimse oibre ann: § Soláthar acmhainní teagaisc § Seirbhísí taca § Taighde In aitheantas ar an ról tábhachtach seo, d’ardaigh an Roinn a leithdháileadh maoinithe don Chomhairle ó €2,840,000 in 2022 go €3,040,000 in 2023 agus tá méid comhchosúil leithdháilte aici do 2024. Áirítear leis an bhfigiúr seo leithdháileadh de €297,000 do chlár oibre COGG maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. In 2023 fuair COGG maoiniú de €35,000 ó Fhoras na Gaeilge maidir lena gcuid oibre ar chlubanna leabhair.

Barr
Roinn