Tá faisnéis faoi na toghcháin agus na corrthoghcháin is déanaí ar fáil anseo, lena n-áirítear torthaí agus sonraí iomlána faoi aistrithe vótaí.
Cuireadh an fhaisnéis ar fad i dtoll a chéile ó fhógraí poiblí agus ó fhaisnéis bhreise a chuir cinn comhairimh ar fáil. Is féidir eolas a fháil freisin faoin tslí a reáchtáiltear toghcháin agus cé a ghlacann páirt i dtoghcháin an tSeanaid.
Corrthoghchán an tSeanaid 2022
Toghadh Tom Clonan i gCorrthoghchán Sheanad Éireann Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Tá an folúntas ann mar gheall gur éirigh Ivana Bacik as a post, bean a toghadh chun Dáil Éireann i mí Iúil 2021.
Corrthoghchán na Dála 2021
Toghadh Ivana Bacik chun Dáil Éireann i gcorrthoghchán Chuan Bhaile Átha Cliath Theas. Tá an folúntas ann mar gheall gur éirigh Eoghan Murphy as.
Corrthoghcháin an tSeanaid, 2021
Bhí corrthoghcháin ar siúl i mí Aibreáin 2021 chun dhá fholúntas a líonadh sa Seanad, folúntais a tháinig chun cinn de bharr éirí as oifig na Seanadóirí Michael D’Arcy agus Elisha McCallion.
Olltoghchán na Dála 2020
Féach torthaí iomlána an chomhairimh in olltoghchán an 33ú Dáil le haghaidh gach dáilcheantair agus anailís ar thorthaí an olltoghcháin.
Olltoghchán an tSeanaid, 2020
Féach torthaí iomlána olltoghchán an 26ú Seanad anuas ar anailís ar thorthaí an olltoghcháin.
Toghcháin na Dála
Déar, 8 Iúil 2021
Bye-Election to the 33rd Dáil which was held on 8th July 2021 - constituency of Dublin Bay South
Déar, 28 Beal 2020
Dáil General Election 2020 Count Details Schema (csv)
Dáil General Election 2020 Count Details Schema (csv) open data
Déar, 28 Beal 2020
Dáil General Election 2020 Count Details (csv)
Dáil General Election 2020 Count Details (csv) open data
Cén uair a tharlaíonn olltoghcháin?
Caithfear an Dáil a lánscor agus olltoghchán a reáchtáil gach cúig bliana ar a laghad. Tarlaíonn toghchán don Seanad suas go dtí 90 lá tar éis Dáil Éireann a lánscor. Úsáidtear an córas ionadaíochta cionmhaire i dtoghcháin na hÉireann.
Roghnú an Chinn Comhairle
Faigh amach faoi roghnú an Chinn Comhairle (cathaoirleach) agus an Leas-Chinn Comhairle (leas-chathaoirleach) sa 33ú Dáil.
Toghcháin Seanaid
Aoine, 31 Beal 2024
Register of Nominating Bodies (2024)
Register of Nominating Bodies as revised at the annual revision and signed by the Seanad Returning Officer in pursuance of section 19 of the Seanad Electoral (Panel Members) Act 1947, as amended by the Seanad Electoral (Panel Members) Act 1954.
Luan, 27 Márta 2023
Register of Nominating Bodies (2023)
Register of Nominating Bodies as revised at the annual revision and signed by the Seanad Returning Officer in pursuance of section 19 of the Seanad Electoral (Panel Members) Act 1947, as amended by the Seanad Electoral (Panel Members) Act 1954.
Aoine, 27 Beal 2022
Register of Nominating Bodies (2022)
Register of Nominating Bodies as revised at the annual revision and signed by the Seanad Returning Officer in pursuance of section 19 of the Seanad Electoral (Panel Members) Act 1947, as amended by the Seanad Electoral (Panel Members) Act 1954.
Toghcháin Seanaid: Cé hiad seo
Is é Cléireach an tSeanaid an Ceann Comhairimh do thoghcháin Seanaid.
Liostaítear sa Chlár de Chomhlachtaí Ainmniúcháin na comhlachtaí atá i dteideal iarrthóirí a ainmniú le haghaidh na dtoghchán don Seanad.
Cuirtear an rolla toghthóirí le haghaidh gach toghcháin don Seanad le chéile tar éis lánscor na Dála. Maidir le corrthoghchán don Seanad, ní féidir ach le Comhaltaí de Dháil Éireann agus le Comhaltaí de Sheanad Éireann vóta a chaitheamh.
Físeán
Próiseas toghcháin an tSeanaid
Nuashonraithe go deireanach: 13 Eanáir 2022