Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghnú an Chinn Comhairle

Faigh amach faoi roghnú an Chinn Comhairle (cathaoirleach) agus an Leas-Chinn Comhairle (leas-chathaoirleach) anseo.

Nuair a chuirtear Dáil nua ar bun tar éis olltoghcháin, is é an chéad rud nach mór a dhéanamh ná Ceann Comhairle a roghnú as measc na gComhaltaí. Roghnaítear an Ceann Comhairle trí bhallóid rúnda leis an gcóras PR-STV (ionadaíocht chionmhar le haonvóta inaistrithe).

An Leas-Cheann Comhairle don 33ú Dáil

Roghnaíodh an Teachta Catherine Connolly mar an Leas-Cheann Comhairle don 33ú Dáil agus toghadh í trí vóta oscailte i nDáil Éireann ansin ar an 23 Iúil 2020.

An Ceann Comhairle don 33ú Dáil

Roghnaíodh Seán Ó Fearghaíl mar Cheann Comhairle an 33ú Dáil agus thogh an Dáil go foirmiúil é ar an 20 Feabhra 2020. Ba é an Teachta Ó Fearghaíl Ceann Comhairle an 32ú Dáil.

Cérbh iad na hiarrthóirí?

Tar éis an olltoghcháin ar an 8 Feabhra 2020 agus sula raibh an chéad suí ag an 33ú Dáil, fuair Cléireach Dháil Éireann, Peter Finnegan, dhá ainmniúchán bhailí, agus measadh gurbh iadsan na hiarrthóirí le haghaidh phost an Chinn Comhairle.

 

Foghlaim tuilleadh

Cé na daoine ar féidir leo iarrthóirí a ainmniú le toghadh mar Cheann Comhairle?
Cén chaoi a n-oibríonn toghadh an Chinn Comhairle?
Céard a dhéanann an Ceann Comhairle?
Céard a dhéanann an Leas-Cheann Comhairle?
Cé a bhí in Oifig an Chinn Comhairle roimhe seo?
Barr
Roinn