D’óstáil an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, Fóram Meabhairshláinte i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 19 Meán Fómhair 2017.
D’éist Teachtaí Dála agus Seanadóirí san Fhóram le tuairimí na ndaoine sin a bhfuil cur amach acu ar sheirbhísí meabhairshláinte in Éirinn. Bhí sé i gceist san Fhóram rannpháirtíocht a chur chun cinn agus bonn eolais a chur faoi dhíospóireacht. Éistfidh na Comhaltaí le taithí na ndaoine agus beidh an éisteacht sin i gcroílár an Fhóraim.
Fáilte an Chinn Comhairle
Fáilte chuig leathanach gréasáin an Fhóraim Meabhairshláinte. Tabharfaidh an fóram deis do Chomhaltaí Dála agus Seanaid éisteacht le taithí na ndaoine a oibríonn i seachadadh seirbhísí ríthábhachtacha in go leor réimsí den tacaíocht mheabhairshláinte in Éirinn agus na daoine sin a úsáideann na seirbhísí freisin.
Físeán
Féach ar an bhFóram Meabhairshláinte
Féadfaidh tú féachaint ar chlúdach físe iomlán den Fhóram Meabhairshláinte, arna léiriú ag Teilifís an Oireachtais.
Comhaltaí den Fhóram
An Dr Tony Bates, Jigsaw – Seirbhís Meabhairshláinte Óige
An Dr Shari McDaid, Stiúrthóir ar Athchóiriú Meabhairshláinte
Anne O’Connor Uasal, Stiúrthóir Náisiúnta FSS, Meabhairshláinte
An Dr Philip Dodd, Comhairleoir Náisiúnta Cliniciúil FSS agus Ceannaire an Ghrúpa Chliniciúil (Meabhairshláinte)
Ciaran McLoone Uasal, Bunaitheoir Connect Mental Health
Donal Scanlan Uasal, Bainisteoir Tionscadal le Mental Health First Aid Ireland
Cindy O’Connor Uasal, Príomhoifigeach Cliniciúil le Pieta House
Richard Butler Uasal, Bord Gáis Energy