Spreagchainteoir: Alan Quinlan
Iar-imreoir rugbaí idirnáisiúnta tiomnaithe agus tiomanta é Alan, a d’imir rugbaí gairmiúil agus a bhí ar an imreoir ba mhó a raibh caipíní aige le 212 ina iomlán sular éirigh sé as le déanaí i mí na Bealtaine 2011. Ia as baile Thiobraid Árann é ó thús, agus thosaigh sé a shaol rugbaí le Clanwilliam FC. Tar éis dó imirt go hiontach ansin fuair sé deis imirt leis an tSionainn, agus rinne sé ionadaíocht ansin do chúige Mumhan. Bhí sé d’onóir ag Alan freisin ionadaíocht a dhéanamh dá thír, Éire, ag leibhéal Idirnáisiúnta.
Labhraíonn Alan go hoscailte faoina thaithí le himní agus is ambasadóir rialta é ar son Young Mental Health Ireland, ag ardú feasachta trína thaithí féin a roinnt.
Bean an Tí: Alison O'Connor
Iriseoir agus craoltóir is ea Alison O’Connor. Ina cuid oibre mar cholúnaí polaitiúil, déanann sí tráchtaireacht rialta ar chúrsaí reatha ar an raidió agus ar an teilifís. Tá colún seachtainiúil aici san Irish Examiner.
D’éist an fóram le dhá phainéal saineolaithe ar an soláthar seirbhís meabhairshláinte.
Painéal 1
‘Fís don Athrú’: An chaoi ar athraigh soláthar seirbhíse tar éis Fís, céard ba cheart tarlú anois? Cé chomh minic agus is féidir linn an Fhís a athnuachan?
- An Dr Tony Bates, Jigsaw – Seirbhís Meabhairshláinte Óige
-
Síceolaí cliniciúil is ea Tony Bates agus bhunaigh sé Jigsaw – an tIonad Náisiúnta do Mheabhairshláinte na hÓige. In 2016, d’éirigh sé as post an Phríomhfheidhmeannaigh chun straitéis a fhorbairt chun meabhairshláinte agus folláine a leabú in iar-bhunscoileanna, ar a dtugtar “Tionscnamh na Scoileanna Éisteachta”.
Sular bhunaigh sé Jigsaw, bhí Tony ina Cheann ar an Roinn Síceolaíochta in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sé agus chuaigh sé faoi oiliúint sna Stáit Aontaithe agus in Ollscoil Oxford i dteannta roinnt de na smaointeoirí is mó le rá ar domhan sa mheabhairshláinte. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn in 1990, bhunaigh sé Máistreacht Choláiste na Tríonóide sa tSíciteiripe Chognaíoch.
Cuireann Tony go rialta le díospóireachtaí clóite agus craolta maidir leis an meabhairshláinte. Bhí sé ina eagarthóir ar ‘Fís don Athrú’, agus bhí sé páirteach i dtáirgeadh ‘Connecting for Life’, ‘Better Outcomes, Better Futures’, agus roinnt tuairiscí eile maidir le cosc féinmharaithe, agus meabhairshláinte na hóige. Tá sé ina bhall reatha den chomhairle chomhairleach chun Better Outcomes, Better Futures a fhorfheidhmiú sa roinn leanaí agus gnóthaí óige. Tá sé ina bhall chomh maith den Tascfhórsa Náisiúnta maidir le Meabhairshláinte Óige.
Tá sé ina údar ar leabhair shárdhíola lena n-áirítear “Coming through Depression: a mindful approach to recovery”. - An Dr Shari McDaid, Stiúrthóir ar Athchóiriú Meabhairshláinte
-
Ceapadh an Dr Shari McDaid mar Stiúrthóir ar Athchóiriú Meabhairshláinte, an chomhghuaillíocht náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar son athchóiriú an chórais meabhairshláinte, i mí Dheireadh Fómhair 2013. Tá sí ina Cathaoirleach ar an gComhghuaillíocht um Meabhairshláinte Leanaí agus ina ball den Chomhairle Éire Shláintiúil. I mí Iúil 2016, cheap an tAire le freagracht as meabhairshláinte, an tAire Helen McEntee í ar an Tascfhórsa Náisiúnta um Meabhairshláinte na hÓige. Tháinig Shari ag obair le hAthchóiriú Meabhairshláinte mar Oifigeach Beartais in 2011. Roimhe sin, d’oibrigh Shari le Amnesty International Ireland ó 2008 go 2011 mar Oifigeach Beartais ar a fheachtas meabhairshláinte. Bhí sí ina hOifigeach Beartais roimhe sin san Údarás Náisiúnta Míchumais agus ina Bainisteoir Beartais agus Riaracháin le Shine. Fuair Shari a dochtúireacht in 2008 ón Ionad Léann Cothromais in UCD, le tráchtas dar teideal Power, Empowerment and User Involvement in the Public Mental Health Services in Ireland. Rinne Shari comheagarthóireacht leis an Ollamh Agnes Higgins ar an téacs Mental Health in Ireland: Policy, practice and law, arna fhoilsiú in 2014 ag Gill and Macmillan.
- Anne O’Connor Uasal, Stiúrthóir Náisiúnta FSS, Meabhairshláinte
-
Fuair Anne O’Connor oiliúint mar Theiripeoir Saothair i Learpholl agus d’oibrigh sí sa Ríocht Aontaithe ar feadh roinnt blianta sular fhill sí le hoibriú i mBaile Átha Cliath in 1995, áit a ndearna sí MSc i dTeiripe Saothair i gColáiste na Tríonóide. In 2000, ghlac sí le ról Bainistíochta Tionscadal ag forbairt seirbhísí príomhchúraim i nDeisceart Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Fuair sí post mar Bhainisteoir Sláinte Áitiúil in Iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath in 2007 agus mar Bhainisteoir Limistéar Seirbhíse Comhtháite do Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath in 2011.
Ceapadh í mar Cheann Náisiúnta Oibríochtaí agus Feabhsúchán Seirbhíse do Sheirbhísí Meabhairshláinte leis an Rannóg Meabhairshláinte nua i mí na Nollag 2013 agus ghlac sí le post mar Stiúrthóir Gníomhach Náisiúnta don Mheabhairshláinte i mí na Bealtaine 2014. Ceapadh go foirmiúil chuig an ról mar Stiúrthóir Náisiúnta í i mí na Nollag 2015 agus tá sí i mbun staidéir faoi láthair i gcomhair MSc i gCleachtas Bainistíochta.
Leagann Rannóg Meabhairshláinte FSS amach fís le tacú leis an daonra an mheabhairshláinte is fearr is féidir a bhaint amach trí sheirbhís d’ardchaighdeán a sholáthar, arna spreagadh ag feabhsúchán leanúnach. Tá sé de phribhléid ag Anne 10,000 ball foirne a sheachadann seirbhísí meabhairshláinte in Éirinn a stiúradh – cuirtear na seirbhísí sin ar fáil do gach aoisghrúpa agus áirítear leo seirbhísí pobalbhunaithe agus géarchúram d’othair chónaitheacha. - An Dr Philip Dodd, Comhairleoir Náisiúnta Cliniciúil FSS agus Ceannaire an Ghrúpa Chliniciúil (Meabhairshláinte)
-
Ceapadh an Dr Philip Dodd (MB., Msc., MRCPsych., MA., MD.) mar Chomhairleoir Náisiúnta Cliniciúil agus Ceannaire Ghrúpa Chliniciúil (Meabhairshláinte) le FSS i mí na Bealtaine 2017.
Is Síciatraí Comhairleach/Stiúrthóir Síciatrachta é le Seirbhísí Theach Naomh Mícheál i mBaile Átha Cliath agus is Ollamh Comhlach Cliniciúil é sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Áirítear lena chuid oibre cliniciúla oibriú le daoine faoi mhíchumas intleachtach, agus tá suim chliniciúil aige i síciteiripe freisin.
Áirítear lena shuimeanna taighde dul in aois agus meabhairshláinte, méala casta, agus forbairt seirbhís meabhairshláinte.
Painéal 2
Cén chaoi ar féidir linn meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn sa tsochaí agus san ionad oibre, céard a oibríonn?
- Ciaran McLoone Uasal: Bunaitheoir Connect Mental Health
-
Bhunaigh Ciarán Connect Mental Health i mí Eanáir 2015 le cuidiú chun feasacht a ardú ar shaincheisteanna meabhairshláinte agus seirbhísí atá ar fáil i ceantar Dhún na nGall theas. Eagraíocht phobail meabhairshláinte is ea Connect Mental Health a stiúrann oibrithe deonacha. Trí imeachtaí, na meáin dhigiteacha agus seimineáir oideachais tá sé mar aidhm acu:
• Tuiscint a fheabhsú ar iompar féinmharfach, meabhairshláinte agus folláine agus tosca cosanta agus riosca lena mbaineann
• Feasacht a mhéadú ar na seirbhísí meabhairshláinte atá ar fáilD’éirigh le Connect Mental Health trí phríomhpháirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta a dhéanamh páirteach i meabhairshláinte óige agus daoine fásta ón tús. Chuir an cur chuige comhoibríoch sin ar chumas Connect Mental Health imeachtaí, ceardlanna agus acmhainní spriocdhírithe atá bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil go héifeachtach ó thaobh costais de le haghaidh os cionn 3,000 duine go dáta.
Tháinig spreagadh chun Connect Mental Health a chruthú ag Ciarán óna thaithí féin ar an ndúlagar agus imní. Is as Béal Átha Seanaidh i gContae Dhún na nGall Ciaran ó dhúchas, ach tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath áit a n-oibríonn sé le Fáilte Éireann.
I gcomhair tuilleadh faisnéise tabhair cuairt ar: www.connectmentalhealth.ie
- Donal Scanlan Uasal: Bainisteoir Tionscadail le Mental Health First Aid Ireland
-
Tá Bainisteoir Mental Health First Aid Ireland ag oibriú agus ag staidéar mar ghairmí i réimse na meabhairshláinte agus na folláine le beagnach 20 bliain. Pléann sé anois is arís leis na meáin dhigiteach agus phrionta agus labhraíonn sé go minic go poiblí maidir le meabhairshláinte in Éirinn i scoileanna, coláistí agus sa domhan corparáideach agus tá léachtaí tugtha aige i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Oibríonn sé go rialta le ceannairí smaointe eile ag tacú agus ag cur le See Change (National Partnership on Stigma Reduction), feachtas meabhairshláinte Green Ribbon, Cycle Against Suicide agus Spunout.ie. Le déanaí, ceapadh é mar Bhainisteoir ar Mental Health First Aid Ireland agus tugadh de dhualgas air maoirsiú a dhéanamh ar sheoladh oifigiúil, leagan amach náisiúnta, scálú agus seachadadh oiliúna gan trácht ar fheachtas digiteach agus margaíochta náisiúnta ionas go mbeadh eolas air go forleathan.
- Cindy O’Connor Uasal: Príomhoifigeach Cliniciúil le Pieta House
-
Cindy O’Connor, Príomhoifigeach Cliniciúil agus iar-Stiúrthóir Cliniciúil ag Pieta House.
Síciteiripeoir gairmiúil le MA i Maoirsiú Cliniciúil. Tá creidiúnú ag Cindy mar Shíciteiripeoir agus Maoirseoir le IACP.
Tá cúlra ag Cindy i gCearta Leasa agus d’oibrigh sí mar Theiripeoir le cúig bliana déag anuas i gcleachtas príobháideach agus le Barnardos. Bhí baint aici le Pieta House ó thosaigh sé in 2006 agus chomhscríobh sí a múnla teiripeach agus éascaíonn sí ceardlanna i gCosc Féinmharaithe agus Féinghortaithe. - Richard Butler Uasal: Bord Gáis Energy
-
Is é Richard Butler an speisialtóir sláinte saothair le Bord Gáis Energy. Tá taithí cúig bliana aige i réimse na nAcmhainní Daonna agus ocht mbliana eile taithí i sláinte agus sábháilteacht saothair. Le trí bliana anuas, bhí Richard freagrach as leagan amach cláir shláinte agus fholláine d’fhostaithe Bhord Gáis Energy, lena n-áirítear tionscnaimh meabhairshláinte. Tá fochéim aige i Staidéar Gnó le Speisialtacht in Acmhainní Daonna agus dioplóma iarchéime i sláinte agus sábháilteacht saothair ó Ollscoil Chathair Bhaile Cliath. Tá sé cáilithe chomh maith mar chóitseálaí cothaithe agus sláinte.