Foilsíonn an Seanad Riar na hOibre ar gach lá suí ina leagtar amach an gnó os comhair an Tí. Féadfaidh an Seanad Riar Oibre Forlíontach a fhoilsiú freisin.
Tá gach mír ghnó a chuirfear faoi bhráid na Dála le feiceáil ar shuíomh gréasáin Ghnó na Dála. Foilsíonn an Dáil Páipéar Ceisteanna laethúil ina mbíonn téacs na gceisteanna béil, na gceisteanna tosaíochta agus na gceisteanna scríofa go léir don lá.
Tá Riar Oibre na Dála ar fáil i bhformáid dhigiteach ar shuíomh gréasáin Ghnó na Dála. Tá gach mír gnó atá faoi bhráid Dháil Éireann le feiceáil ansin.
Páipéir ceisteanna
Déar, 1 Beal
Dáil Question Paper (Thurs)
Céad, 30 Aib
Dáil Question Paper (Wed)
Máirt, 29 Aib
Order of Business 29 April - 1 May 2025
Máirt, 29 Aib
Dáil Questions Paper (Tue)
Páipéir ghnó an tSeanaid
Déar, 1 Beal
Seanad Order Paper (Thurs)
Céad, 30 Aib
Seanad Order Paper (Wed)
Dáil Éireann: Saincheisteanna Tráthúla
Tugann saincheisteanna tráthúla deis do na Teachtaí Dála saincheisteanna arb ábhar imní dóibh iad a tharraingt anuas. Chun é seo a dhéanamh ní mór dóibh fógra a thabhairt don Cheann Comhairle faoi na saincheisteanna is mian leo a tharraingt anuas. Ansin roghnaíonn an Ceann Comhairle ceithre shaincheist lena bplé i lá amháin. I ngach cás déanann an Teachta Dála lena mbaineann ráiteas tosaigh ceithre nóiméad agus bíonn sé de cheart ag an Aire ráiteas ceithre nóiméad a thabhairt mar fhreagra. Ansin, bíonn dhá nóiméad ag an Teachta Dála le haghaidh ráiteas forlíontach agus bíonn dhá nóiméad ag an Aire le haghaidh ráiteas deiridh.
Dé Céadaoin, 30 Aibreán 2025
Deputy Joanna Byrne
Dálaí oibre ag stáisiún na n-otharcharr i nDroichead Átha
Deputy Brian Brennan
Bearta agus dreasachtaí chun láithreáin thréigthe ar fud na tíre a chomhrac
Deputy James O'Connor
Iompar scoile i limistéir gabhála Scoil Náisiúnta Chill Chríodáin
Deputy Paul Nicholas Gogarty
Stad traenach idirchathrach ag stáisiúin traenach Bhaile Adaim nó na Ciseoige
Deputy Robert O'Donoghue
Méaduithe ar tháillí iompair phoiblí sna Sceirí agus i mBaile Brigín
Seanad Éireann: Nithe i dTosach Suí
Féadfaidh Seanadóirí saincheisteanna a chuireann imní orthu a tharraingt anuas ag tús gach lae suí – tugtar Nithe i dTosach Suí orthu seo. Chun é seo a dhéanamh ní mór dóibh fógra a thabhairt don Chathaoirleach faoi na saincheisteanna is mian leo a tharraingt anuas. Ansin roghnaíonn an Cathaoirleach ceithre shaincheist agus féadfaidh an Seanadóir lena mbaineann óráid ceithre nóiméad a thabhairt. I ngach cás, bíonn sé de cheart ag an Aire ráiteas ceithre nóiméad a thabhairt mar fhreagra.
Dé Céadaoin, 30 Aibreán 2025
Senator Eileen Flynn
Tacaíochtaí cuí do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus ar d’eitneacht an Lucht Siúil agus na Romach iad
Senator Maria Byrne
An dara hospidéal Shamhail 4 a sholáthar do réigiún an iarthair láir
Senator Mike Kennelly
Braitheoireacht chairdiach éigeantach do lúthchleasaithe iomaíocha atá idir 12 bhliain agus 18 mbliana d’aois
Senator Fiona O'Loughlin
Maoiniú a sholáthar do bhonneagar uisce
Gluais
An bhfuil an difríocht idir Riar na hOibre agus Buan-Orduithe ar eolas agat? Díchódaigh an béarlagair parlaiminteach lenár dtreoir ó A go Z.