Tá An Seanad ag Féachaint Chun Cinn an taispeántas deiridh inár sraith ‘Guthanna Mionlaigh, Athruithe Móra’, ina ndéantar ceiliúradh ar chéad bliain de Sheanad Éireann. Sa taispeántas seo tarraingímid aird ar obair atá ar bun sa Seanad a neartóidh an ról atá aige i dtaobh iniúchta, díospóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna reatha agus rannpháirtíocht an phobail.

Iniúchadh, ionadaíocht a dhéanamh ar mhionlaigh, rannpháirtíocht an phobail
Le 100 bliain anuas tá 14 tuarascáil foilsithe ar athchóiriú an tSeanaid.
In 2013, léiríodh sa reifreann chun deireadh a chur le teach uachtarach an Oireachtas go bhfuil fonn mór ann le haghaidh athrú. Aithníonn Seanad Éireann an gá atá le hathnuachan agus athchóiriú.
Ag tráth a bhfuil neart dúshlán roimh an daonlathas, tá súil agam go léiríonn an taispeántas seo mar a leanfaidh Seanad Éireann de bheith ina ardán náisiúnta do ghuthanna mionlaigh agus d’athruithe ollmhóra go ceann i bhfad.
Cruthóidh bunú Choiste Roghnóireachta nua Sheanad Éireann, a dhéanfaidh formhaoirseacht níos fearr ar Ionstraimí Reachtúla a thrasuíonn treoracha ón AE, leibhéal trédhearcachta breise i leith reachtaíocht thánaisteach an AE a mbeidh fáilte roimhe, agus a mbeidh sé de chumhacht aici tairbhe a dhéanamh do réimsí amhail an comhshaol, cearta tomhaltóirí agus cearta fostaithe
Ag féachaint chun cinn rannpháirtíocht an phobail
Téama eile a bhíonn ag teacht chun cinn arís agus arís eile sna tuarascálacha ar athchóiriú an tSeanaid is ea rannpháirtíocht an phobail a mhéadú.
Is beart athchóirithe a cuireadh i bhfeidhm le gairid é bunú an Fhóraim nua Phainéal an tSeanaid a mhéadóidh an méid rannpháirtíochta a dhéantar le comhlachtaí poiblí agus ainmniúcháin.
Tá athrú ó bhonn ag teastáil laistigh d’ocht mbliana chun go mbeimid san áit cheart do 2030 agus chun go mbeidh domhan sábháilte againn don am atá le teacht
Leis féin, tá deis luachmhar curtha ar fáil ag comóradh 100 bliain a bhunaithe chun rannpháirtíocht an phobail le Seanad Éireann a mhéadú trí chlár for-rochtana agus tionscnaimh oideachais a mairfidh a n-oidhreacht go deo