Faigh rochtain ar Thuairisc Oifigiúil Dhíospóireachtaí uile an Chonartha, ón 14 Nollaig, 1921, go dtí an 7 Eanáir, 1922. Foghlaim tuilleadh faoi chomhthéacs gach díospóireachta lenár dtráchtaireacht ghairid ar gach díospóireacht an lae.
Scrúdaigh díospóireacht an lae maidir leis an gConradh
- Réamhrá: An Dara Dáil
-
I mí na Bealtaine 1921 bhí toghcháin ann le haghaidh an dá pharlaimint a bunaíodh faoin Acht um Rialtas na hÉireann 1920. Níor caitheadh aon vóta le haghaidh Pharlaiminte an Deiscirt, mar a raibh gach iarrthóir gan freasúra, agus toghadh 124 ball de Shinn Féin agus ceathrar aontachtaí neamhspleácha. Níor aithin Sinn Féin Teach na dTeachtaí nua i nDeisceart Éireann agus bhunaigh siad an Dara Dáil, ar fhreastail siad siúd a toghadh ar son Shinn Féin ó thuaidh agus ó dheas uirthi. Cé gur toghadh seisear iarrthóirí de chuid Shinn Féin sa Tuaisceart, toghadh cúigear (Micheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Art Ó Gríobhtha, Seán Milroy agus Eoin Mac Néill) chun an dá Pharlaimint, agus toghadh duine amháin, Seán O’Mahony, i bhFear Manach amháin, rud a d’fhág go raibh 125 comhalta sa Dara Dáil.
Éamon de Valera ag labhairt sa Dara Dáil, an 23 Lúnasa 1921 / bailiúchán grianghraf Spaarnestad
Tionóladh an Dara Dáil ar an 16 Lúnasa, mí tar éis an tSosa Cogaidh, le gleadhradh a bhí difriúil go maith leis na cruinnithe faoi rún sa dá bhliain roimhe sin. Bhí an Chéad Dáil tar éis feidhmiú faoi cheilt den chuid ba mhó, gan a bheith ag teacht le chéile ach ó am go ham, i dtithe príobháideacha go minic, lena lán Teachtaí ar a seachaint nó i bpríosún.1 Thionóil an Dara Dáil a céad seisiún poiblí sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara, mar a raibh sluaite ag ligean gártha molta astu ar theacht isteach do na Teachtaí agus don Uachtarán de Valera, a bhí á thionlacan ag na céadta Óglach.
Bhí gnó tábhachtach roimh an Dara Dáil: na cainteanna a bhí ar siúl le gairid le Rialtas na Breataine a phlé, freagairt a chomhaontú agus ullmhú le haghaidh caibidlí ar chomhaontú idir an Bhreatain agus Éire, agus san áireamh leis sin cé a rachadh – agus, rud an-tábhachtach, cé nach rachadh – agus a dtreoracha. Bhí an plé sin ar chaibidlí an-leochaileach go deo, ar ndóigh, mar sin tharla na díospóireachtaí seo go príobháideach i seacht suí a thosaigh ar an 18 Lúnasa, agus a chríochnaigh le Dáil Éireann ag daingniú na toscaireachta ar an 14 Meán Fómhair 1921. Níor bhuail an Dáil le chéile arís go dtí tar éis shíniú na nAirteagal Comhaontaithe i Londain ar an 6 Nollaig, nuair a bhuail siad le chéile chun faomhadh an chomhaontaithe a phlé.
1 Fógraíodh Dáil Éireann, a chruinnigh le chéile ar an 19 Eanáir 1919, a bheith ina heagraíocht mhídhleathach ar an 12 Meán Fómhair 1919. Níor chruinnigh siad ach roinnt uaireanta ina dhiaidh sin, den chuid ba mhó i dteach mór ar Chearnóg Mhuinseo ar leis an mBardasach Walter Cole é, in Óstán Flemming ar Phlás Ghairdinéir, ar le Seán O’Mahony TD é, chomh maith leis an Seomra Darach i dTeach an Ard-Mhéara.
- Lá 1: Dé Céadaoin, 14 Nollaig 1921
-
Seisiúin phoiblí agus phríobháideacha
Thug slua a bhí díograiseach ach srianta gártha molta do chomhaltaí an Dara Dáil nuair a tháinig siad go hArdán Phort an Iarla chun an Comhaontú a phlé sula gcaithfidís vóta ar rún faoi ainm Airt Uí Ghríobhtha:
Go bhfaomhann Dáil Éireann an Conradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire a síníodh i Londain an 6 Nollaig 1921.
Líon Teachtaí Dála isteach i Seomra na Comhairle ag ceann amháin den seomra agus tháinig timpeall 100 fear agus bean ó nuachtáin in Éirinn agus ar fud an domhain isteach sa cheann eile den seomra. Thit an cúram míthaitneamhach cathaoirleacht a dhéanamh ar na himeachtaí ar Theachta thoghcheantar Chathair Dhoire agus thoghcheantar Ollscoil na hÉireann (duine de na cúigear Teachtaí Dála a toghadh i dtoghcheantair ar dhá thaobh na teorann), an tOllamh Eoin Mac Néill, a toghadh ina Cheann Comhairle i mí Lúnasa. Agus nósanna imeachta parlaiminteacha doiléire roimhe, anuas ar Theachtaí gan mórán taithí, chomh maith le cuid mhór a bheith i ngeall lena raibh ar siúl agus a raibh i láthair a bheith ar tinneall go minic, rinne Mac Néill a dhícheall i gcúram a dúirt sé a bhí “achrannach tuirsiúil”. Ar thaobh amháin de bhí de Valera, a bhí ina shuí le de Staic agus Brugha, os comhair Uí Ghríobhtha, Uí Choileáin agus Cosgrave ar an taobh eile den seomra.
Eoin Mac Néill, Ceann Comhairle, ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Ag 11.35 a.m., ghlaoigh an cléireach an rolla agus dúirt an séiplíneach, an Dochtúir Oirmhinneach Browne, na paidreacha. Ba é an chéad chnámh spairne ná cé acu ba cheart nó nár cheart don Dáil cruinniú le chéile go poiblí nó go príobháideach. Mhol Teachta Phort Láirge, Vincent White, suíonna príobháideacha mar ba dhóchúla go mbeadh Teachtaí ag labhairt go hoscailte. Bhí roinnt daoine, Micheál Ó Coileáin agus Cathal Brugha ina measc, i bhfách le suíonna poiblí, ach sa deireadh d’aontaigh an Teach le leasú Risteaird Uí Mhaolchatha go ndéanfadh an Dáil díospóireacht ar bhuntáistí an Chonartha i seisiún poiblí agus a bhunús go príobháideach, i seisiún a rabhthas ag dréim leis críochnú an tráthnóna sin.
“D’áitigh de Valera gurbh ionann an Conradh agus neamhspleáchas na hÉireann a vótáil ar shiúl agus de bhrí nach raibh aon údarás ag Dáil Éireann sin a dhéanamh bhí sé ultra vires.”
Um thráthnóna, phléigh an Dáil na treoracha a tugadh do na lánchumhachtaigh agus cé acu a sháraigh nó nár sháraigh siad an sainordú a thug Dáil Éireann dóibh le linn a suíonna príobháideacha i mí Lúnasa. D’áitigh de Valera gurbh ionann an Conradh agus neamhspleáchas na hÉireann a vótáil ar shiúl agus de bhrí nach raibh aon údarás ag Dáil Éireann sin a dhéanamh bhí sé ultra vires. Lean an cruinniú ina chíor thuathail ar feadh uaireanta fada. In ainneoin mhaíomh an Chinn Comhairle go raibh sé ag déanamh cathaoirleachta le slat iarainn, bhí gnó an tseisiúin doiléir. Rinne an Coileánach, i measc daoine eile, gearán nárbh fhéidir labhairt gan cur isteach, agus rinne Teachta amháin eile ar a laghad gearán gur chuir an Dáil an lá ar fad beagnach amú. Faoi dheireadh na n-imeachtaí ag 9.30 p.m. ní raibh aon dul chun cinn déanta.
- Lá 2: Déardaoin, 15 Nollaig 1921
-
Seisiúin phoiblí agus phríobháideacha
Nuair a chuaigh an Dáil isteach i seisiún príobháideach ag am lóin an chéad lá, thug an tUachtarán Éamon de Valera le fios go mairfeadh sé ar feadh na hiarnóna agus go dtosófaí seisiún poiblí in athuair an mhaidin dár gcionn. Ach ina ionad sin, lean an Dáil ar aghaidh go príobháideach nuair a chruinnigh sí le chéile ag 11 a.m. Déardaoin agus lean sí ar aghaidh go príobháideach ar feadh dhá lá eile, agus níor thosaigh sí in athuair go poiblí go dtí Dé Luain, 19 Nollaig.
Lean an plé faoi cháilíochtaí na lánchumhachtach ar aghaidh ón lá roimhe sin, le mórán díospóireachta ar na doiciméid ó idirbheartaíochtaí an Chonartha ba cheart a scaipeadh ar na Comhaltaí. Bhí a chuid moltaí déanta ag coiste ad hoc a cuireadh ar bun chun a shocrú cad iad na doiciméid a chuirfí faoi bhráid an Tí, ach anois bhí éilimh ann go scaipfí nótaí Riobáird Bhartúin, chomh maith le díospóireacht ar a stádas. Tar éis an phlé sin bhí ráitis ghairide ó na lánchumhachtaigh, a mheath go gasta ina argóint ghéar faoina gcáilíochtaí. Ansin cuireadh cor ar leith sa díospóireacht.
Riobárd Bartún, an dara duine ó dheis, le comhaltaí eile den toscaireacht a rinne an Conradh a idirbheartú / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Cé gurbh é an t-ábhar substainteach faoi bhráid na Dála glacadh, nó eile, le hairteagail an chomhaontaithe a síníodh i Londain, cheap de Valera plean chun “cur i gcoinne an Chonartha le Conradh”. Is luath a baisteadh Doiciméad Uimh. 2 air, agus ba chomhréiteach é a dréachtaíodh faoi dheifir, a bhí cosúil ar mhórán bealaí leis an gConradh, ach seachas Éire a shamhlú mar chuid den Chomhlathas, moladh ann gur “ceangal seachtrach” an caidreamh a bheadh ann leis an mBreatain, coincheap a léirigh de Valera i léaráid cháiliúil de chiorcail a raibh a línte ag baint dá chéile seachas a bheith ag trasnú a chéile.
“Faoin oíche, bhí an teannas ag éirí níos soiléire, le comhráite cantalacha idir Erskine Childers agus Art Ó Gríobhtha ag spreagadh achainí ón gCeann Comhairle scoilt i gcampaí naimhdeacha a sheachaint.”
Tar éis de Valera bhí Seán T. O’Kelly, a thacaigh leis an doiciméad sa tsúil is go bhféadfadh sé an tír a shábháil ón “toradh a bheadh ar scoilt mar a bhí le Parnell, nó níos measa”. In óráid fhada ó urlár an Tí, áfach, bhí an Ceann Comhairle Eoin Mac Néill diongbháilte gurbh é an t-aon ábhar a bhféadfadh an Dáil vótáil air ná cé acu a comhaontaíodh nó nár comhaontaíodh na hairteagail chomhaontaithe a síníodh i Londain.
Faoin oíche, bhí an teannas ag éirí níos soiléire, le comhráite cantalacha idir Erskine Childers agus Art Ó Gríobhtha ag spreagadh achainí ón gCeann Comhairle scoilt i gcampaí naimhdeacha a sheachaint. Mhol Seoirse Gabhánach Ó Dubhthaigh go leanfadh an Dáil ar aghaidh i seisiún príobháideach lá eile nó ba é a haidhm teacht ar réiteach agus, de bhrí nár labhair mórán fós, ní raibh sé sin tarlaithe fós. Bhí daoine eile ag smaoineamh ar an am. Bhí frustrachas ar James Dolan le héidreoir na n-imeachtaí agus d’áitigh sé gur chóir don Teach suí go poiblí ionas go dtiocfadh le gach Comhalta a rá cén fáth a dtacódh nó nach dtacódh siad le faomhadh, agus ansin vótáil dá réir. Chomhaontaigh Ó Gríobhtha: “Má chuirimid siar ár gcinneadh tar éis an tSathairn ar a mhoille beidh trioblóid agaibh sa tír. Ceapaim go mbeidh orainn seisiún poiblí a bheith againn Dé Sathairn. Má théimid níos faide ná an deireadh seachtaine beidh daoine mífhoighneach agus beidh siad ag glao amach cén fáth nach raibh an Dáil ábalta a hintinn a shocrú.” Ina áit sin, shocraigh an Dáil cruinniú arís go príobháideach an lá dár gcionn agus machnamh a dhéanamh ar na doiciméid rúnda a bhí le leagan thar a bráid.
- Lá 3: Dé hAoine, 16 Nollaig 1921
-
Seisiún príobháideach
Bhí an Dáil 40 nóiméad mall ag tosú a gnó ar an Aoine, nuair a chruinnigh siad chun machnamh a dhéanamh ar ocht ndoiciméad. Bhain an chuid ba mhó acu leis na hidirbheartaíochtaí, is é sin:
- Cáilíochtaí na lánchumhachtach, an 7 Deireadh Fómhair
- Treoracha do na lánchumhachtach, an 7 Deireadh Fómhair
- Meamram ó ionadaithe na hÉireann, an 22 Samhain
- Meamram ó na hionadaithe Éireannacha, an 28 Samhain
- Airteagail chomhaontaithe ón mBreatain, an 2 Nollaig
- Nótaí an Rúnaí ar chruinnithe na Comh-Aireachta ar an 25 Samhain agus ar an 3 Nollaig
- Leasuithe ó ionadaithe na hÉireann ar na hairteagail chomhaontaithe mholta, an 4 Nollaig
- Nótaí Riobáird Bhartúin ar dhá fho-chomhdháil, an 5–6 Nollaig.
Bhí comhaltaí ar a míle dícheall go bhfanfadh na doiciméid sábháilte agus faoi rún. B’éigean síniú a thabhairt le haghaidh gach cóipe agus iad a chur ar ais ar eagla go n-imeodh sí ar strae; níor cheadmhach aon nótaí a dhéanamh dá raibh iontu agus níor cheadmhach iad a thabhairt lasmuigh de Sheomra na Comhairle. Chloígh Teachtaí leis sin, ag fágáil go raibh tuairisceoirí ag gearán faoin leisce a bhí orthu go ginearálta faisnéis a thabhairt do lucht na nuachtán. Ag socrú gurbh fhearr a bheith cúramach, áfach, d’eisigh Deasún Mac Gearailt ordú don phéas poblachtach gan ligean do lucht na nuachtán dul níos faide ná an halla íseal mar, nuair a shiúil siad dorchlaí Ardán Phort an Iarla, bhí siad in ann a rabhthas ag rá a chúléisteacht.
Deasún Mac Gearailt / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sular tosaíodh gnó an tríú lá, rinneadh iarrachtaí slacht a chur ar imeachtaí. Rinneadh moladh go dtabharfadh cainteoirí ón dá thaobh a n-ainmneacha do na haoirí, a thabharfadh iad don Cheann Comhairle le glao orthu. Ag an bpointe sin ní raibh a fhios ag gach Comhalta cérbh iad na haoirí. Chomh maith leis sin, tarraingíodh anuas leis sin an cheist an rabhthas ag súil le Teachtaí taobhanna a ghlacadh roimh ré. Mar a dúirt an Dr Pádraig Mac Cartáin, “An bhfuil Aoirí ann an taobh seo den Teach agus an taobh sin den Teach? Braithim go bhfuil cuid mhór daoine cosúil liom féin nach mbaineann le ceachtar taobh.”
Tar éis an fhódóireacht a chur i gcrích agus na doiciméid a scaipeadh, thosaigh díospóireacht in athuair, an iarraidh seo ar an mionn. Fuair óráid Chathail Bhrugha, nuair a cháin sé an toscaireacht, freagairtí feargacha ó Ó Gríobhtha agus Ó Coileáin, a raibh a chaidreamh go dona leo le tamall. Bhí foighne an Chinn Comhairle ar tí briseadh agus is amhlaidh go raibh glór Bhrugha róghéar, rud a spreag Mac Néill le foláireamh a thabhairt in éadan scoilteadh. “Nach bhfuilimid ag cur ár gcuid ama amú le cuid mhór amaidí?” a d’fhiafraigh sé, ag iarraidh measa. Rinne roinnt daoine a bhí i gcoinne an Chonartha gearán go raibh Mac Néill tar éis a údarás a shárú, agus ina dhiaidh sin chinntigh sé go raibh a leas-Cheann Comhairle sa Chathaoir nuair a shíl sé go mbeadh a chuid ráiteas ag imeacht rófhada isteach sa pholaitíocht seachas nós imeachta.
“Mar a dúirt an Dr Pádraig Mac Cartáin, ‘An bhfuil Aoirí ann an taobh seo den Teach agus an taobh sin den Teach? Braithim go bhfuil cuid mhór daoine cosúil liom féin nach mbaineann le ceachtar taobh.’”
Níos moille, labhair Seán Mac an tSaoi, arbh as Béal Feirste dó agus a bhí ina Theachta Dála ar son Mhuineacháin, ar feadh tamall fada, agus bhí a óráid suntasach mar gheall gur dhírigh sé ar Chúige Uladh agus an chríochdheighilt, ábhar nach raibh ann, cuid mhór, sna díospóireachtaí roimhe sin ná ina dhiaidh. Bhí Mac an tSaoi neamhghnách freisin sa mhéid is gur thagair sé do na díospóireachtaí ar an gConradh a bhí ag tarlú ag an am céanna in Westminster. A fhad is gur lean an Dáil ar aghaidh lena plé, ar an lá seo, vótáil Teach na dTeachtaí 401 in aghaidh 58 ar son Aitheasc a chur faoi bhráid an Rí ag faomhadh an Chonartha. Ceadaíodh an t-aitheasc céanna i dTeach na dTiarnaí trí lá ina dhiaidh sin, cé go raibh an 13 Márta 1922 ann sular rith Parlaimint na Breataine an tAcht, 12 Geo. 5, c. 4, a dhaingnigh i ndáiríre an Conradh.
Faoi dheireadh an tríú lá, ní raibh mórán dul chun cinn déanta agus bhí na doiciméid rúnda fós gan léamh agus gan phlé den chuid ba mhó, rud a d’fhág go raibh lá eile de sheisiún príobháideach riachtanach. Bhí imní ar roinnt Teachtaí faoin bpobal a coimeádadh, cuid mhór, sa dorchadas faoi imeachtaí go dtí sin, rud a spreag moladh go n-eiseodh an tUachtarán agus Ó Coileáin, mar cheannaire na toscaireachta, comhráiteas chun an pobal a chur ar a suaimhneas maidir leis na forbairtí, nó an easpa forbairtí, in Ardán Phort an Iarla. Sa deireadh scoir an Teach ag 9.50 p.m. le gáirí le moladh WT Cosgrave go nglacfadh an Dáil le nós Meiriceánach, is é sin go dtabharfadh comhaltaí den Seanad agus den Chomhdháil a n-óráidí isteach ionas go bhféadfadh cibé duine is mian leo iad a léamh. “An bhfuil aon seans ann gurbh fhéidir linn sin a dhéanamh anseo chun roinnt ama a shábháil?”
- Lá 4: Dé Sathairn, 17 Nollaig 1921
-
Seisiún príobháideach
Ar an gceathrú lá de shuíonna, d’fhoilsigh na nuachtáin comhráiteas ó de Valera agus Ó Gríobhtha go mbeadh seisiúin phríobháideacha an tSathairn ar na cinn dheireanacha agus go dtosófaí ar an rún maidir le faomhadh i seisiún poiblí ar an Luan.
Ba léir go raibh fíorbheagán dul chun cinn déanta in 18 n-uair an chloig de dhíospóireacht nuair a thosaigh imeachtaí lena thuilleadh plé ar chumhachtaí na lánchumhachtach agus cé ach a bhí nó nach raibh an t-údarás ag an Dáil glacadh leis an gConradh ar chor ar bith. Go luath, áfach, thiontaigh aird ar an gceist cad a tharlódh dá dteipfeadh uirthi teacht ar chomhaontú agus an raibh an cumas aici leanúint ar aghaidh ag troid “cogadh níos déine” mar a ghlaoigh Caoimhghin Ó hUigín air. Níor chuir an Ginearál Seán Mac Eoin, a labhair mar “shaighdiúir simplí a bhfuil a fhios aige cad atá i gceist le bheith i gcogadh”, fiacail ann: “Má théann Sasana chun cogaidh arís scriosfaidh sí cách mar a bhí sí réidh le déanamh sa chuid dheireanach den chogadh le deireanaí”. Ní raibh sé leis féin ná baol air á chur sin in iúl. Ní mó ná sásta a bhí Mac Eoin le maíomh an Aire Cosanta, Cathal Brugha, go raibh an tArm ag an bpointe i bhfad níos láidre ná mar a bhí roimh an Sos Cogaidh. Ní raibh sé sin ag cur isteach ná amach fós ar Sheán Etchingham, duine diongbháilte, nuair a dúirt sé, “Féadfaidh sé gur duine diongbháilte mé, ach is fearr bás a fháil go diongbháilte ná go réidh. Fuair Traolach Mac Suibhne bás go diongbháilte; bhí sé níos mó ná nócha lá ag fáil bháis. Cad a bhfuair sé bás ar a shon? An bhfuair sé bás ar son an ruda seo atá faoinár mbráid?” D’fhreagair deirfiúr Mhic Suibhne, nach bhfuair.
“Chuir gach duine de na ban-Teachtaí – Nic Shuibhne, Clarke agus Pearse chomh maith leis an gCuntaois Markievicz, an Dr Ada English agus Kate O’Callaghan – i gcoinne an Chonartha.”
Ba é seo líne scoilte na díospóireachta do chuid mhór den lá. Chomh maith le cloisteáil nó Nic Shuibhne, chuala an Teach ó Kathleen Clarke, ar cuireadh a fear, Tom, agus a deartháir, Edward Daly, chun báis tar éis 1916, agus Margaret Pearse, a dúirt go mbeadh sí “céasta ag taibhsí mo chlann mhac”, Pádraig agus Liam, dá vótálfadh sí ar son an Chonartha. Chuir gach duine de na ban-Teachtaí – Nic Shuibhne, Clarke agus Pearse chomh maith leis an gCuntaois Markievicz, an Dr Ada English agus Kate O’Callaghan – i gcoinne an Chonartha.
Kathleen Clarke, an Chuntaois Markievicz, Kate O'Callaghan agus Margaret Pearse ag sroicheadh Ardán Phort an Iarla / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Más ea go raibh bunús óráidí fhir an airm an-éagsúil le hóráidí na mban, agus i bhfách leis an bhfaomhadh, ní raibh an tAire Cosanta, Cathal Brugha, ina measc. Bhí Brugha diongbháilte go mbeadh siad in ann agus gur chóir dóibh leanúint ar aghaidh ag troid, ach braitheadh go raibh a óráid i dtreo dheireadh an lae ró-íogair agus níor taifeadadh í. Níor nótáladh sa Tuairisc Oifigiúil ach go ndearna Brugha “anseo ráiteas mar fhreagairt ar an gcainteoir deiridh maidir le conas a sheas an t-arm”. Sa deireadh, 20 nóiméad roimh mheán oíche, scoir an Teach, ag tabhairt na seisiúin “rúnda” chun críche ar deireadh.
- Lá 5: Dé Luain, 19 Nollaig 1921
-
Seisiún poiblí
Ní thiocfadh le Teachtaí ag teacht ag Ardán Phort an Iarla le haghaidh a gcéad díospóireachta ó bhí an 14 Nollaig ann gan an bailiúchán póstaer a bhí tar éis nochtadh thar oíche a thabhairt faoi deara. In aice le ceann amháin ag áitiú ar Theachtaí “Seas le hÓ Coileáin agus an Conradh” bhí cuid eile ar a raibh scríofa “An Phoblacht Abú” agus “Diúltaigh don Saorstát”. Bhí an rún ar an gConradh ar tí a bheith tairgthe agus bhí an pobal meáite ar dheis cainte a bheith acu.
Tar éis an ghlaoigh rolla, d’fhógair an Ceann Comhairle gur tarraingíodh siar ón bplé, ar iarratas an Uachtaráin, Doiciméad Uimh. 2 a pléadh sna “seisiúin rúnda”, agus go bhfanfadh sé faoi rún. Bhí imní ar Art Ó Gríobhtha nach gcoimeádfaí siar é ón bpobal ach bhí sé buartha freisin go raibh sé deacair a inneachar a sheachaint le linn na díospóireachta. D’aontaigh sé go drogallach iarracht a dhéanamh an doiciméad a sheachaint agus dúirt sé nach “gcuirfeadh sé an mhalairt mholta i bhfolach ó mhuintir na hÉireann”. Chuir drogall de Valera an doiciméad a fhoilsiú isteach ar Ó Gríobhtha fós sna laethanta beaga ina dhiaidh sin, ach ba é an t-ábhar faoi bhráid an Tí anois an rún “Go bhfaomhann Dáil Éireann an Conradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire a síníodh i Londain an 6 Nollaig 1921.” De réir mar a thosaigh Ó Gríobhtha ag déanamh a cháis ar son an Chonartha, bhrúigh léigiún d’iriseoirí agus de theachtairí teileagraif chun tosaigh chun éisteacht. Bhí sé, mar ba ghnáth, tomhaiste agus díreach, agus ba mhó a tharraing a argóint dhea-ullmhaithe ar an réasúnaíocht ná ar mhothúcháin, cé gur chuir sé roinnt mearbhaill ar an lucht éisteachta nach raibh eolach ar a raibh i nDoiciméad Uimh. 2.
“Tugadh bualadh bos d’óráid Uí Ghríobhtha agus d’óráid de Valera araon, agus dúirt breathnóirí gur chríonna an té a déarfadh cé acu a tharraing an méid ba mhó tacaíochta.”
Chuidigh an Ginearál Seán Mac Eoin le rún Uí Ghríobhtha, agus labhair sé go hachomair agus chuir sé chun tosaigh cás ar son an Chonartha ar mhinic é athráite: “Maidir liom féin, is beag ciall atá le siombailí, aitheantais, scáthanna. … Maidir liom féin, tugann an Conradh seo dom an méid ar throid mise agus mo chomrádaithe ar a shon; tugann sé dúinn den chéad uair le 700 bliain aslonnú fhórsaí armtha na Breataine amach as Éirinn.” Dúradh faoi de Valera, cé go bhféadfaidh cuma lagmheasartha a bheith ar a óráid ar pháipéar inniu, gur chuir sé an seomra ar tinneall. Cé gur tharraing Ó Gríobhtha ar Thomás Dáibhis, tharraing de Valera ar Parnell, ag leagan béime air go gcuirfeadh an Conradh srian ar “máirseáil chun cinn náisiúin”. Threisigh leithéidí Aibhistín de Staic, an Chunta Pluincéid, agus Erskine Childers le seasamh de Valera níos deireanaí sa lá. Tugadh bualadh bos d’óráid Uí Ghríobhtha agus d’óráid de Valera araon, agus dúirt breathnóirí gur chríonna an té a déarfadh cé acu a tharraing an méid ba mhó tacaíochta.
Art Ó Gríobhtha ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Bhí an iarnóin ann nuair a d’éirigh Micheál Ó Coileáin le labhairt. Arís, thosaigh pinn luaidhe an lucht glactha nótaí a scríobadh go fraochta. Sheas an Coileánach lena shíniú i Londain agus, ag labhairt níos bríomhaire de réir mar a lean sé ar aghaidh, ag coinneáil leis ar a dhícheall lena phointe a raibh iomrá air faoin am seo go dtugann an Conradh “saoirse dúinn, ní an tsaoirse dheiridh is mian le gach náisiún a fhorbairt ina treo, ach an tsaoirse í a bhaint amach”. Maidir le Cúige Uladh, a ghlac fíorbheagán ama sna díospóireachtaí ar fad, mhaígh sé go mbeadh de thoradh ar an gConradh “dea-thoil agus an tOirthuaisceart ag teacht isteach faoi Pharlaimint na hÉireann”.
Deonú an focal deiridh do Riobárd Bartún, ar tharraing a óráid go leor clúdach preasa an mhaidin dár gcionn. Ag tagairt do bhagairt Lloyd George cogadh láithreach a fhearadh mura síneofaí an Conradh, d’admhaigh Bartún gurbh fhearr leis rogha an chogaidh, ach ní leomhfadh sé freagracht a ghlacadh as. Ar an gcúis sin, a dúirt sé, thairg sé a shíniú.
- Lá 6: Dé Máirt, 20 Nollaig 1921
-
Seisiún poiblí
Bhí Teachtaí leathuair mall ag suí síos maidin an 20 Nollaig, agus thosaigh siad a ngnó le tuilleadh anoird i leith nós imeachta tar éis athrú ag an nóiméad deiridh ar an gclár oibre. Lorg de Valera an t-athrú chun ligean dó rún a thabhairt isteach maidir le Doiciméad Uimh. 2 dá chuid tar éis an vóta ar an gConradh, cé nár cuireadh an doiciméad faoi bhráid an Tí fós go foirmiúil.
Ba é Seán Etchingham a chuir bonn faoi chúrsaí do na daoine i gcoinne an Chonartha, ag leagan béim ar, dar leis, uafáis an stádais tiarnais agus an mhionna dílseachta. Le díocas seanmóra, shocraigh sé an chaoi a mbeadh óráidí mórán de na ndaoine diongbháilte a bhí le teacht ina dhiaidh agus d’fhógair nach ndearna siad siúd a thug a mbeatha ó 1916 i leith amhlaidh ar mhaithe le “rialtas dúchais coilíneach”. Bhí an oiread sin achainí ar na mairbh gur bhraith an chéad chainteoir eile, Fionán Ó Loingsigh, go raibh sé cuí a fhógairt “go rabhthas tar éis gliogar míchuí a bhaint as cnámha na marbh seo i láthair an tionóil seo”. Ba mhinic a cuireadh é sin i leith na mban-Teachtaí.
Cibé faoi bheith ag caint ar son na marbh, bhí sé ag tosú a bheith ina fhadhb freisin labhairt ar son na mbeo. Bhain cur isteach ó Ghobnait Ní Bhruadair creathnú as Ó Loingsigh, a bhí ina suí i measc na gcuairteoirí, agus ní mó ná sásta a bhí sí lena ráiteas go dtiocfadh leis labhairt ar son mhuintir Chiarraí Theas. Thuairiscigh an Irish Times go ndeachaigh dhá phóilín phoblachtacha ionsar Ghobnait Ní Bhruadair láithreach agus rinne siad í a thionlacan amach as an seomra.
Gobnait Ní Bhruadair (ar dheis) agus Máire Nic Suibhne ag teacht ag Ardán Phort an Iarla / © Illustrated London News Ltd/Mary Evans Picture Library
Bhí focail ghéire ann go luath san iarnóin nuair a chuir Ó Gríobhtha, bunaithe ar mhíthuiscint, i gcoinne rúin dul isteach i seisiún príobháideach arís eile. Thug de Valera faoin impleacht go raibh eolas á choinneáil siar ón bpobal, ag rá: “Ceapaim go bhfuil rud éigin eile seachas an Conradh tar éis teacht ó Shráid Downing.” Mheall a leithscéal, a eisíodh ní ba mhoille, bualadh bos.
“Bhí an oiread sin achainí ar na mairbh gur bhraith an chéad chainteoir eile, Fionán Ó Loingsigh, go raibh sé cuí a fhógairt “go rabhthas tar éis gliogar míchuí a bhaint as cnámha na marbh seo i láthair an tionóil seo”.
Bhí óráid an Dr Pádraig Mac Cartáin ar cheann de na hóráidí ba shuaithinsí an lá sin. Bhíothas den tuairim gur thacaigh sé leis an gConradh, ach chuir sé síos a ainm chun labhairt ina choinne, mar sheift, ba chosúil, chun cuma níos drámatúla a chur ar a óráid. Is cosúil gur oibrigh sé sin. Ba dhuine sonraíoch é nó ba chosúil, ní hionann agus aon duine eile, go raibh sé ag caitheamh drochmheasa ar dhá thaobh na Comh-Aireachta, ag rá mar chlabhsúr go ndearna an dá thaobh feall ar an bPoblacht. Chríochnaigh an lá le hathmhuintearas nuair a mhol Micheál Ó Coileáin go leanfadh an díospóireacht ar aghaidh tar éis na Nollag chun deis a thabhairt do gach Teachta labhairt. Ach ní lúcháir na Nollag go léir a bhí ann: deirtear gur ordaigh sé do gach Teachta a bheith in am an mhaidin dár gcionn. Dar leis an tuairisceoir Pádraig de Búrca, d’fhreagair iriseoirí Éireannacha “áiméan” don ghuí seo ar son na poncúlachta.
- Lá 7: Dé Céadaoin, 21 Nollaig 1921
-
Seisiún poiblí
Cibé acu a bhí nó nach raibh sé mar gheall ar rabhadh an Choileánaigh faoi choinneáil ama an oíche roimhe nó an fhéidearthacht go mbeadh tuilleadh díospóireachta ann tar éis na Nollag, tháinig Teachtaí isteach go poncúil ar an 21 Nollaig. Lá a bhí ann a raibh lucht na nuachtán ag dréim le vóta, agus lá a mbeadh lucht na nuachtán féin ag teacht faoi ghrinnscrúdú.
Roimh an lón, chuala na Teachtaí ón mbeirt lánchumhachtach nár labhair fós, Seoirse Gabhánach Ó Dubhthaigh agus Eumonn Ó Dubhgáin. Mhol an bheirt acu glacadh leis an gConradh. Mhaígh Ó Dubhthaigh, a raibh a cheann agus a chroí i gcoinne a chéile mar gheall air, gur baineadh a shíniú uaidh faoi bhagairt chogaidh, ach dúirt Ó Dubhgáin gur shínigh sé dá shaorthoil féin é. Tharraing ráitis Uí Dhubhgáin faoin mionn dílseachta fraoch de Valera, a thug soiléiriú faoina mhionn malartach.
Tar éis an lóin, tharraing Ó Coileáin aird ar ráitis a rinneadh ar maidin, go háirithe ráiteas JJ Walsh, maidir le tuairisciú míchruinn ag na nuachtáin. Mhol sé go ndéanfaí óráidí os comhair Chathaoir an Chinn Comhairle ionas go bhféadfadh iriseoirí ag cúl an tseomra iad a chloisteáil níos fearr. Dar le tuairisceoir amháin, bhí an fhuaim chomh holc sin nár chualathas go soiléir oiread agus focal amháin d’óráid 15 nóiméad a rinneadh ar maidin.
“Thug Máire Nic Shuibhne feannadh géar i gcoinne comhréitigh a ghlac beagnach trí uair an chloig.”
Bhí codarsnacht i ngnó na hiarnóna. Rinne WT Cosgrave, agus é ag baint leas as gach cleas óráidí dhéanta, ionsaí ar gach argóint a chuala sé i gcoinne an mhionna dílseachta, a mhaígh sé a d’fhéadfaí a léirmhíniú cibé bealach ba mhaith le duine. Thug bealach cainte tur Cosgrave éadroime isteach sna himeachtaí agus b’éigean do de Valera féin gáire a dhéanamh nuair a rinne sé scigaithris ar chur chuige matamaiticiúil an Uachtaráin i leith na polaitíochta: “Más ionann x agus neamhspleáchas iomlán agus más ionann y agus neamhspleáchas, deirtear linn go bhfuilimid ag tréigean luach coibhneasta x agus y i leith a chéile.”
Máire Nic Shuibhne / Leabharlann na Comhdhála, Prints & Photographs Division [LC-F8- 10831]
Ní raibh aon gháire ann le linn na hóráide ina dhiaidh sin nuair a thug Máire Nic Shuibhne feannadh géar i gcoinne comhréitigh a ghlac beagnach trí uair an chloig. Agus í ag téamh suas, tuairiscítear gur bhain sí di a hata, a stoc agus a cóta, agus í a dhéanamh sin d’imigh Teachtaí áirithe ón seomra. Dar leis an Irish Times, “bhí sí deisbhéalach, deorach, íorónta, dúthrachtach, cáinteach, doshuaimhnithe; ach ba é an faltanas a thiomáin a huile fhocal, agus níorbh fhéidir óráid ba lú tairbhe a shamhlú.” Dúirt de Valera níos faide anonn gur imir a hóráid tionchar ar an vóta deiridh.
Faoi dheireadh an lae, bhí an dá thaobh beagnach gob ar ghob, 15 Theachta tar éis labhairt i bhfách leis an gConradh agus 13 ina éadan. Leis an oiread sin fós le labhairt agus gan aon rialú ann teorainn a chur le fad óráidí, ba lú agus ba lú an chosúlacht go gcríochnófaí roimh an Nollaig. D’fhógair Art Ó Gríobhtha agus frustrachas air gur cheart go mbeadh Teachtaí in ann a raibh le rá acu a rá laistigh de dheich go cúig nóiméad déag. Gan amhras bhí mífhoighne Uí Ghríobhtha le brath ar fud na tíre.
- Lá 8: Déardaoin, 22 Nollaig 1921
-
Seisiún poiblí
Faoi mhaidin an 22 Nollaig, ba léir an tuirse ar aghaidh beagnach gach Teachta a bhí i láthair, go háirithe de Valera, a bhí faoin am seo tnáite mílítheach i gcosúlacht. Ba léir freisin an iomad suíochán folamh nuair a ghlaoigh an Ceann Comhairle an Teach chun oird. Bhí lorg thuirse na díospóireachta le feiceáil. Má bhí cuibhiúlacht le brath ar lá a haon, ina áit anois bhí siléig, an oiread sin go raibh roinnt Teachtaí ag géilleadh don chaitheamh tobac a chaitheamh le linn dóibh a bheith ag éisteacht leis na himeachtaí. Ba chosúil go raibh dearmad déanta acu go raibh an saol mór ag breathnú.
In ainneoin na féidearthachta go mbeadh lá eile ann d’óráidí athráiteacha gan srianta ama, ba bheag an deis chomhréitigh a bhí ar láimh do Theachtaí, agus anois agus arís bhí ráitis a bhí ceaptha a bheith le dea-rún ag titim chun ceartaisíochta agus chun roisc pháirtí a dhéanamh. Ba é “Damnú ar an gConradh” focal faire PJ Moloney ó Thiobraid Árann, agus “Ná bain don Phoblacht” a bhíodh Seán Moylan a rá, poblachtach neamhghéilliúil ó thuaisceart Chorcaí.
Ba é an tOllamh Michael Hayes ó Ollscoil na hÉireann a labhair ar dtús, ag áitiú go dtabharfadh an Conradh stádas d’Éirinn nach raibh aici riamh roimhe thar sáile. Ina dhiaidh sin bhí an tAire Oideachais, Sceilg (Seán Ó Ceallaigh) a dhamnaigh an Conradh mar mhasla ar chuimhne comrádaithe a martraíodh. Luaigh Kathleen Clarke na pointí céanna.
“Chuaigh Liam de Róiste, agus é ag cosaint an Chonartha san iarnóin, chomh fada lena chur in iúl dá mba amhlaidh nár labhair Teachtaí ach i nGaeilge, ní thiocfadh focail chailicéireachta na díospóireachta i mBéarla chun cinn. Bhain sé seo leis an díospóireacht ar an difear idir “Free State” agus “Republic”, ó tharla gur úsáideadh “Saorstát” agus “Poblacht” go hinmhalairteach i nGaeilge.”
Bhí ionad na Gaeilge ina ábhar a luaigh roinnt cainteoirí le linn na ndíospóireachtaí, a bhí cuid mhór i mBéarla. Chuir duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Máille, go háirithe, béim uirthi, a bhí ag iarraidh, cosúil le Sceilg roimhe, go ndéanfaí an gnó ar fad trí Ghaeilge. Chuaigh Liam de Róiste, agus é ag cosaint an Chonartha, chomh fada lena chur in iúl dá mba amhlaidh nár labhair Teachtaí ach i nGaeilge, ní thiocfadh focail chailicéireachta na díospóireachta i mBéarla chun cinn. Bhain sé seo leis an díospóireacht ar an difear idir “Free State” agus “Republic”, ó tharla gur úsáideadh “Saorstát” agus “Poblacht” go hinmhalairteach i nGaeilge.
Thosaigh Risteard Ó Maolchatha, Ceann Foirne an IRA, i nGaeilge freisin. Lean sé air, ag admháil cé nach bhfuair rogha de Valera an éisteacht ba chóir, ní fhéadfadh sé aon rogha a fheiceáil ach glacadh leis an gConradh. Nuair a d’fhág an Ceann Comhairle Eoin Mac Néill an Chathaoir chun labhairt, mhaígh sé gur cheart na hóráidí in éadan an Chonartha a dhéanamh sular cuireadh na lánchumhachtaí go Londain.
Risteard Ó Maolchatha / Leabharlann na Comhdhála, Prints & Photographs Division [LC-DIG-ggbain-36973]
Ag deireadh lá óráidí a dúirt an Belfast News Letter a bhí “fiáin”, tháinig an cheist chun cinn faoi fhionraí go dtí tar éis na Nollag. Cé gur theastaigh ó de Valera go gcríochnófaí an díospóireacht an tráthnóna dár gcionn, mhol Micheál Ó Coileáin rún chun dul ar athló go dtí an 3 Eanáir. Chuir Seán Mac an tSaoi, a bhraith “contúirt thromchúiseach náisiúnta” dá gcuirfí an plé ar athló le haghaidh na Nollag, ina choinne seo, ach sa deireadh ritheadh rún Uí Choileáin, ar chuidigh an Chuntaois Markievicz leis. Cé gur féidir go raibh an Nollaig sábháilte, de réir mar a dhún na Teachtaí a raibh faoiseamh orthu cnaipí a gcótaí móra, chuir de Valera fainic chrua orthu: “Ní mór comhaontú coitianta a bheith ann nach ndéanfar óráidí san eatramh.”
- Lá 9: Dé Máirt, 3 Eanáir 1922
-
Seisiún poiblí
D’fhill an Dáil ar an Seomra Comhairle tar éis a bheith as láthair beagnach coicís. Bhí an sos suntasach. Tar éis na Nollag, ar an 27 Nollaig, scríobh de Valera dá nglacfaí an vóta ar an 22ú lá “bhíothas den tuairim go bhféadfaimis vóta nó dhó de thromlach a bheith againn i gcoinne an chonartha. Ach tá na nuachtáin ag obair go crua ar fud na tíre ag iarraidh a thabhairt ar chomhlachtaí poiblí, comhairlí contae, etc., rúin a rith ar son an chonartha – agus tá an Eaglais ag obair go crua freisin.” An mhaidin sin, luadh in The Freeman’s Journal “an oiread is a bhaineann sé le léiriú dhearcadh an phobail, … is féidir a rá go bhfuil an Conradh rite ag an tír cheana féin”, ach ní raibh sé cinnte fós go nglacfadh an Dáil leis dá meallfaí roinnt Teachtaí smaoineamh ar dhiúltú.
Iarrthóirí Shinn Féin ab iad Comhaltaí uile den Dara Dáil a toghadh gan freasúra san olltoghchán. Níor léirigh ceannas sin Shinn Féin go cruinn an dearcadh sa tír, rud a d’fhéadfaí a thomhas níos fearr ó na toghcháin áitiúla in 1920, ina raibh Páirtí an Lucht Oibre agus eile san iomaíocht, agus iad ag déanamh ionadaíochta ar leasanna eile seachas an náisiúnachas amháin. Luaigh an Teachta ó Chorcaigh a bhí ar son an Chonartha, JJ Walsh, ar maidin an difear idir an meon sa tír agus sa Dáil. “Dá gcuirfimis ceist ar mhuintir Chorcaí vóta a chaitheamh ar son nó i gcoinne an Chonartha,” a mhol sé, “bheadh 90 faoin gcéad againn ar a laghad ag vótáil ar a shon. Sin aontacht nach raibh sa tír seo riamh, ná ar son Poblachta ná ag an chéim eile dá stair.” Cé gur buille faoi thuairim a bhí i bhfigiúirí Walsh, bhí an t-am a chaith Teachtaí ar ais sa bhaile ina dtoghcheantair tar éis tionchar a imirt ar bheirt acu ar a laghad, Daniel O’Rourke agus Peter J. Ward, a dúirt go raibh siad in éadan an Chonartha ach gur athraigh siad a n-inchinn tar éis labhairt le daoine ina ndáilcheantair i rith an tsosa.
“Dúirt breathnóir rialta amháin gur thosaigh Teachtaí a léamh an pháipéir nó ag dul ar shiúlóid sna dorchlaí le linn na ndíospóireachtaí, a bhí lán athrá agus neamhábharthachta.”
Den chuid ba mhó, bhí an giúmar measartha leamh. Ag meabhrú ar “díospóireacht leadránach” an lae, dúirt breathnóir rialta amháin gur thosaigh Teachtaí a léamh an pháipéir nó ag dul ar shiúlóid sna dorchlaí le linn na ndíospóireachtaí, a bhí lán athrá agus neamhábharthachta, ach “is é an íoróin é go gcuireann siad go léir ar ár suaimhneas sinn go bhfuil siad ag dul a bheith gairid go leor”. Má braitheadh go raibh na hóráidí fada, áfach, bhí siad ag claonadh i dtreo deich nó cúig nóiméad déag. Lean an díospóireacht ar aghaidh mórán mar a bhí, ach le beagán níos mó de shúil ar an gclé.
Piaras Beaslaí / Wikimedia Commons
Ag labhairt ar maidin dó, bhreathnaigh Piaras Béaslaí chun cinn i dtreo a bhféadfadh a bheith ann tar éis an Chonartha, ag áitiú, “nuair a bheidh na Briotánaigh tar éis aslonnú ónár dtír is é a bheidh sa Saorstát díreach an méid a dhéanfaimid de; agus is féidir linn dúiche mhór agus ghlórmhar a dhéanamh de, mar a bhfuil cultúr breá Gaelach, córas ardfhorbartha talmhaíochta a bheidh inchomórtais leis an Danmhairg; le tionscail forbartha b’fhéidir mar a mholann roinnt daoine, ar línte comhoibritheacha, neamhchaipitlíocha; agus smaointe cróga agus áille arna n-oibriú sa chleachtas.” Ní raibh an Chuntaois Markievicz, a bhí ina dhiaidh, sásta le, mar a dúirt sí, Bille Rialtais Dúchais clúdaithe le siúcra, agus dúirt sí gur sheas sí “le hidéal Shéamuis Uí Chonghaile, Poblacht Oibrithe, comhlathas comhoibritheach”. Ní raibh ansin ach ceann amháin de na tagairtí don Chonghaileach, nár luadh sna díospóireachtaí roimhe sin, ach ar luadh a ainm nuair a osclaíodh agus nuair a dúnadh imeachtaí ar an gcéad lá fada ar ais tar éis na Nollag.
- Lá 10: Dé Céadaoin, 4 Eanáir 1922
-
Seisiún poiblí
Lá a bhí ann “a thosaigh go ciúin, a lean ar aghaidh go marbhánta agus a chríochnaigh le radharc teasaí a d’fhág cách imníoch agus as anáil”, dar le cuntas amháin. Thosaigh an díospóireacht arís go tuirseach ar Dhoiciméad Uimh. 2, le frustrachas nádúrtha nach raibh sé fós curtha os comhair an Tí go foirmiúil trí seachtaine tar éis é a achoimriú.
Mheabhraigh de Valera, a d’oibrigh ar dhréacht a rinneadh go tapa le linn na saoire (ar ar tugadh “Doiciméad Uimh. 3”), go raibh sé “réidh ag am ar bith é a thabhairt chun tosaigh má chomhaontaíonn an taobh eile go dtabharfaidh mé chun tosaigh é mar leasú”. Nuair a d’fhiafraigh Art Ó Gríobhtha, a bhí mífhoighneach, an raibh sé réidh an doiciméad a thabhairt do na nuachtáin, d’fhreagair de Valera, “Tairgfidh mé amárach é”.
Eoin O'Duffy / Wikimedia Commons
I measc óráidí suntasacha bhí óráid Eoin Uí Dhufaigh agus óráid “ná géilltear” ó Liam Ó Maoilíosa, a cuireadh i láthair Teachtaí a bhí sáite ina nuachtáin. Bhí focail éadroma anonn agus anall, ach bhí siad seo an-éagsúil le cuid de na hóráidí a rinneadh a fhad is go raibh níos mó tuirse agus frustrachais ag teacht ar Theachtaí. D’inis Daniel McCarthy – a bhí i measc fhir Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann a bhí i gcuideachta Mhicheáil Uí Choileáin i Londain – don Teach: “Táim ag dul a shocrú m’intinne cosúil le Micheál Ó Coileáin – mar Éireannach simplí. Ní fheicim aon dílseacht sa mhionn. Dá mbeadh ní ghlacfainn é. Tá gach cainteoir a mhaíonn go bhfuil fuil Shasanach ann i gcoinne an Chonartha.” Pléadh go fonnmhar in The Freeman’s Journal an lá dár gcionn an dímheas a caitheamh go minic ar dhea-mhéin na ndaoine a raibh gaolta acu nárbh Éireannaigh iad, rud a mheall cáineadh nár bheag sa Teach.
“D’éirigh an Teach nuair a thug an bheirt fhear aghaidh ar a chéile, rud a ghríosaigh go mór lucht na nuachtán.”
Agus lá eile ag teacht chun deiridh gan dul chun cinn, agus an Teach ag comhaontú gur cheart dóibh scor, d’fhógair de Valera go raibh sé ag beartú a rogha mhalartach ar an gConradh a thairgeadh mar leasú an lá dár gcionn. Níor comhaontaíodh é sin leis an gCeann Comhairle ná leis an Teach agus chuir an taobh ar son an Conartha ina choinne go glórach. Chomh maith leis sin, rinne Ó Gríobhtha gearán go raibh an doiciméad a bhí beartaithe ag an Uachtarán a chur faoi bhráid an Tí (Doiciméad Uimh. 3) difriúil go maith leis an méid ar chuir sé síos air roimh an Nollaig – rud a thug ar de Valera go raibh Ó Gríobhtha ag cailicéireacht. Nuair a mhaígh de Valera, “Táim freagrach as na moltaí agus beidh ar an Teach cinneadh a dhéanamh mar gheall orthu. Táim ag dul a roghnú mo nóis imeachta féin”, d’fhreagair Ó Gríobhtha nach raibh sé faoina chumas a nós imeachta féin a roghnú: “Is comhlacht bunreachtúil é seo nó ní hé. Más uathlathas é seo abair sin agus fágfaimid é.” D’éirigh an Teach nuair a thug an bheirt fhear aghaidh ar a chéile, rud a ghríosaigh go mór lucht na nuachtán. Shocraigh Ó Gríobhtha, óna thaobhsa de, beart a dhéanamh é féin agus thug sé cóipeanna de Dhoiciméid Uimh. 2 agus Uimh 3 go príobháideach don Irish Independent agus The Freeman’s Journal, a chlóbhuail iad an lá dár gcionn.
- Lá 11: Déardaoin, 5 Eanáir 1922
-
Seisiún poiblí
Cuireadh síos ar an Déardaoin mar lá ina raibh “cambús agus ráflaí faoi chambús”. Tharla fíorghnó an lae ar shiúl ón urlár ach bhí dóthain ruaille buaille ann chun aird a tharraingt, ar a laghad. Thosaigh gnó an lae ag 11.15 a.m. ach cuireadh ar atráth é beagnach láithreach go dtí 3 p.m., sular thosaigh sé arís tar éis 8.30 p.m. Chríochnaigh imeachtaí na hoíche roimhe sin ar bhealach a bhí achrannach go leor go raibh na nuachtáin ag dréim le hábhar maith scríofa an lá dár gcionn.
Mar a tharla, ba chosúil gurbh iad na nuachtáin féin ábhar phríomhscéalta an lae. I dtús báire, gabhadh iriseoir Sasanach ó The Times. D’éiligh lucht an phreasa eachtrannaigh baghcat ar na himeachtaí. Rinne a gcomhghleacaithe Éireannacha machnamh air ach dhiúltaigh siad sa deireadh é mar níor shíl siad go ndéanfadh tuairisceoirí Sasanacha amhlaidh dá dtarlódh an rud céanna d’iriseoir Éireannach i Londain. Scaoileadh saor an t-iriseoir an dá dár gcionn. Bhíothas tar éis é a thabhairt go Corcaigh, ach seachas sin “ní raibh aon drochbhail air”.
Erskine Childers / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Níos moille, nuair a thosaigh an Teach in athuair faoi dheireadh ar a ghnó, thiontaigh an díospóireacht go dtí cé acu ba cheart nó nár cheart don Dáil cuid de lucht na nuachtán Éireannach a dhíbirt go dtí, mar a dúradh san Irish Independent, “uair amháin bhí cuid den phreas ag bagairt an Dáil a chur faoi chois agus uair eile bhí an Dáil ag bagairt cuid den phreas a chur faoi chois”. Ba é ba chúis leis an dara cuid ionsaí pearsanta ar an Uachtarán, agus ar Erskine Childers, ag The Freeman’s Journal an mhaidin sin, inar dúradh arís cuid de ráitis an lae roimhe. “Ní raibh dúchas Éireannaigh ina chuid fola” ag an chéad duine acu, agus ba “iarspiaire” ab é an dara duine. Bhí Teachtaí ar aon fhocal ag cáineadh an eagarfhocail, ach sa deireadh tharraing Risteard Ó Maolchatha siar a mholadh an Freeman a dhíbirt mura ngabhfaidís leithscéal, le cuid daoine, Micheál Ó Coileáin san áireamh, cúramach a dhearbhú gur chreid siad i saoirse an phreasa. I lár na díospóireachta seo gan tábhacht, tháinig Énrí Ó Beóláin, a bhí as láthair sna Stáit Aontaithe go dtí anois, isteach sa Seomra i measc ollghairdis, ach choinnigh sé a chaint go dtí an lá dár gcionn. Nuair a tháinig sé bhí duine eile ag imeacht, mar léigh an Ceann Comhairle litir scoir ón Teachta ó Thiobraid Árann, Proinsias Ó Druacháin, a shocraigh éirí as seachas vótáil ar son an Chonartha.
“Mar a tharla, ba chosúil gurbh iad na nuachtáin féin ábhar phríomhscéalta an lae. I dtús báire, gabhadh iriseoir Sasanach ó The Times.”
Níor éirigh aon rud tábhachtach ó na himeachtaí sa Seomra Comhairle an lá sin, ach díreach roimh an scor d’inis Eoin Ó Dufaigh don Teach faoi iarrachtaí ag grúpa de Theachtaí ón dá thaobh thar an dá lá scoilt sa ghluaiseacht a sheachaint. Ar an gcoiste seo bhí cúigear Teachtaí i gcoinne an Chonartha (Seán T. Ó Ceallaigh, Liam Ó Maoilíosa, PJ Ruttledge, Art Ó Conchubhair agus Seán Moylan) agus ceathrar Teachtaí a bhí ar son an Chonartha (Patrick Hogan, Seosamh Mac Aonghusa, Michael Hayes agus Eoin Ó Dufaigh). Tar éis d’Ó Maoilíosa easaontú, chomhaontaigh siad moltaí go leanfadh de Valera ar aghaidh mar Uachtarán agus go staonfadh na Teachtaí poblachtacha ó vóta an Chonartha. Nuair a cuireadh na moltaí i láthair de Valera Déardaoin, dhiúltaigh sé dóibh go neamhbhalbh. Lean an coiste ar aghaidh lena gcainteanna isteach sa tráthnóna agus san oíche, agus chomhaontaigh an Dáil suí i seisiún príobháideach an lá dár gcionn chun plé a dhéanamh ar mar a sheas rudaí ansin.
- Lá 12: Dé hAoine, 6 Eanáir 1922
-
Seisiúin phoiblí agus phríobháideacha
Thosaigh an suí go príobháideach chun tuairisc an choiste a bhí ag iarraidh teacht ar chomhréiteach a phlé go discréideach. D’inis Eoin Ó Dufaigh don Teach, cé gur chomhaontaigh an coiste beagnach na pointí go léir an oíche roimhe, ní raibh na Teachtaí a bhí i gcoinne an Chonartha ag iarraidh go nochtfaí cineál an chomhaontaithe. Bhí méid áirithe doichill ann i measc gnáth-Theachtaí go raibh na cainteanna seo ar siúl go discréideach agus nach n-inseofaí dóibh fúthu go dtí seisiún príobháideach eile, ach bhí tacaíocht ghinearálta ar gach taobh do rud ar bith a d’fhéadfadh an aontacht a choinneáil agus scoilt a sheachaint. Díreach nuair a bhí an Teach ar tí scor le haghaidh an lóin, chuaigh de Valera isteach sa Seomra agus tháinig sé aniar aduaidh ar chách nuair a d’fhógair sé, “Táim ag dul a shocrú an ruda seo go léir trí éirí as go poiblí ag an seisiún poiblí”.
Bhí breathnóirí ag seisiún an tráthnóna, nach raibh ag súil le mórán ach tuilleadh óráidí leadránacha deighilteacha, breá sásta le ráiteas a thabharfadh ar na buachaillí nuachta brostú trí na sráideanna laistigh de dhá mheandar. Sheas de Valera, a raibh dath an bháis air, agus d’fhógair sé go diongbháilte go raibh a Chomh-Aireacht scoilte go buan, ní hamháin i dtaca le pearsantachtaí, ach ar bhunphrionsabail freisin, agus nach mbeadh sé ábalta feidhmiú a thuilleadh ar an mbonn sin. Dá réir sin, thairg sé éirí as. Ba é an rud a bhí sé a smaoineamh dá dtoghfaí arís é, d’fhéadfadh sé a rogha mhalartach a chur i láthair na mBriotánach agus Comh-Aireacht nua a cheapadh a d’aontódh d’aon ghuth lena pholasaí an Phoblacht a chosaint. Ag cuimhneamh, b’fhéidir, ar cháineadh sna nuachtáin agus sa Dáil nach raibh ina pholasaí ach a pheata féin de scéim, d’fhógair sé nach raibh le déanamh aige ach a chroí féin a scrúdú lena fháil amach cad a bhí ó mhuintir na hÉireann. San idirlinn, bhí tráchtairí fágtha ag tochas a gcinn maidir le cé acu a bhí sé ag dul a éirí as a phost mar Uachtarán na Dála nó mar Phríomh-Aire.
Éamon de Valera agus Art Ó Gríobhtha (ina suí) ag idirbheartaíochtaí an Chonartha i Londain, 1921 / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sa rírá agus ruaille buaille ina dhiaidh sin, chuir Ó Coileáin agus Ó Gríobhtha i gcoinne aon rúin chun an clár oibre a athrú chun éirí as de Valera a phlé. Rinne Ó Coileáin a bheag den fhógra, ag rá gur “ag tarraingt scéal thairis trasna ár gcosáin” a bhíothas. Tar éis plé teasaí ar an gcur chuige is fearr, ghéill de Valera agus tharraing sé siar a éirí as, agus rinneadh cinneadh leanúint ar aghaidh le díospóireacht thapa ar an gConradh.
Nuair a thosaigh na hóráidí ar an gConradh in athuair, d’éirigh siad níos tintrí de réir mar a lean an lá ar aghaidh. Thóg Séumas Mac Róibín tamhach táisc, mar shampla, nuair a léigh sé litir thar ceann an iomad briogáidí IRA a bhraith go ndearnadh feall orthu nuair a síníodh an Conradh. Thug de Valera amach dó, agus é airdeallach nár cheart do Theachta labhairt thar ceann briogáide agus, b’fhéidir, eagla air go bhféadfaidh na Briotánaigh fáil amach faoi scoilt san IRA. Tuairiscítear nach raibh Ó Coileáin sa Seomra chun a sheasamh a chosaint. Bhí an chuid ba mhó de dhímheas Mhic Róibín dírithe ar na daoine pragmatacha a cháin, i rith na ndíospóireachtaí, idéil agus siombailí mar scáthanna agus nithe neamhréadúla. Ag cur san áireamh an ghangaid a bhí ag dul i méid i gcuid de na hóráidí, ba chosúil nárbh fhéidir scoilt i measc na dTeachtaí a sheachaint.
- Lá 13: Dé Sathairn, 7 Eanáir 1922
-
Seisiún poiblí
Bhí daoine ar bís maidin Dé Sathairn agus Teachtaí ag teacht go hArdán Phort an Iarla le haghaidh chlabhsúr na n-imeachtaí. Tar éis an phlé go léir, bhí an toradh fós measartha doiléir. D’inis Joe McGrath, an tAoire ar son an Chonartha, leis an Irish Independent nach raibh “aon amhras” ann ná go gcloífí é. Ba chosúil go raibh na huimhreacha go measartha cothrom agus bheadh an toradh ag brath ar vótaí ceathrar nó cúigear Teachtaí nach raibh a n-intinní ar eolas. Go deimhin, bhreathnaigh an taobh ar son an Chonartha ar na huimhreacha agus bhí siad measartha muiníneach go mbeadh an bua acu le vóta amháin ar a laghad, ach ní raibh aon rud le gnóthú dá ndéarfaidís sin.
Thosaigh an lá ag 11.30 a.m. nuair a léigh an Ceann Comhairle rún a chuir sé isteach ina ainm féin mar iarracht eile scoilt a sheachaint, ach ní raibh tacaíocht ar bith, geall leis, aige agus níor cuireadh chun vóta riamh é. Seachas óráidí níos faide ó Énrí Ó Beóláin, Joe McGrath agus Paudie O’Keefe, bhí gnó na maidine briosc, le cuid de na Teachtaí san iomaíocht go bhfeicfidís cé a d’fhéadfadh an óráid is giorra a dhéanamh, le go bhféadfaidís rudaí a thabhairt chun críche sa deireadh. Mar gheall ar theip an choiste Teachtaí cúlbhinse teacht ar chomhaontú ar a mholtaí, ní raibh aon rud le gnóthú trí rudaí a spíonadh amach.
Cathal Brugha le John F. Kelly
Um thráthnóna bhí focail scoir ó Theachtaí sinsearacha ar an dá thaobh. D’éirigh an tAire Cosanta Cathal Brugha díreach tar éis a 5 p.m. agus labhair sé go dtí beagnach 6.30 p.m. in óráid a bhí, sa chuid ab fhearr de, díchéillí. Lainseáil sé ionsaí ar Mhicheál Ó Coileáin a bhí chomh pearsanta agus binbeach sin go ndeirtear gur chaill sé idir dhá agus ceithre vóta don taobh i gcoinne an Chonartha. Ina dhiaidh sin bhí sos ar feadh uair an chloig sular tugadh an t-urlár d’Art Ó Gríobhtha chun críochnú os comhair lán tí. Ag labhairt díreach os cionn uair an chloig dó, thug sé óráid chumhachtach. Chríochnaigh sé ag 8.30 p.m. agus ansin, faoi dheireadh, glaodh an vóta.
“Bhí gnó na maidine briosc, le cuid de na Teachtaí san iomaíocht go bhfeicfidís cé a d’fhéadfadh an óráid is giorra a dhéanamh, le go bhféadfaidís rudaí a thabhairt chun críche sa deireadh.”
Thóg sé roinnt nóiméad an vóta ó bhéal a ghlao, le Teachtaí ag freagairt “is toil” (ar son an Chonartha) nó “ní toil” (ina choinne). Vótáil 121 Teachta ar fad. Staon an Ceann Comhairle, agus bhí beirt, Tom Kelly agus Labhrás Mag Fhionnghaill, as láthair. Chuir Art Ó Gríobhtha agus Seán Milroy, beirt den chúigear a raibh suíochán acu i dtoghcheantair sna Sé Chontae is Fiche agus sna Sé Chontae, i gcoinne nach raibh cead acu vótáil faoi dhó, ach ní dhearna sé aon difríocht ábhartha don toradh nuair a suimíodh na vótaí, próiseas a thóg dhá nóiméad fhada. Scríobh Pádraig de Búrca faoin gcaoi “ar chualathas liú ollmhór taobh amuigh. Fuair an slua taobh amuigh an toradh fiú sular cuireadh na hiomláin i lámha an Chinn Comhairle.” Seasca a ceathair ar a shon, caoga a seacht ina choinne. Taobh istigh den seomra, bhí an fhreagairt difriúil go maith. Chuimhnigh Frank Gallagher, iar-bholscaire de chuid Shinn Féin a chuir i gcoinne an Chonartha: “bhí ciúnas iomlán ann. Níor bhog aon duine, níor lig aon duine liú, níor labhair aon duine fiú. Chuaigh nóiméid thart.”
Sa deireadh d’éirigh de Valera agus é mílítheach agus labhair sé go hachomair chun an Phoblacht a dhearbhú. Ina dhiaidh bhí Micheál Ó Coileáin, a leag béim air nach bua a bhí sa toradh do thaobh amháin ar an taobh eile, agus a mhol comhoibriú a bheith ann idir an dá thaobh. Scoir an Teach oíche Dé Sathairn, agus shocraigh an dá thaobh bualadh ar leithligh an lá dár gcionn sula mbuailfeadh Dáil Éireann le chéile arís Dé Luain.
- Iarfhocal
-
Bhuail Dáil Éireann le chéile faoi dhó tar éis vóta an Chonartha sular scoir sí ar feadh sé seachtaine. Nuair a bhuail an Dáil le chéile arís ag Ardán Phort an Iarla Dé Luain, 9 Eanáir, mhol Micheál Ó Coileán coiste a bhunú idir an dá thaobh chun aontacht a chaomhnú agus ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí, ach dhiúltaigh na daoine a bhí i gcoinne an Chonartha dó. D’éirigh de Valera as mar Uachtarán, agus ina dhiaidh sin mhol Kathleen Clarke (go measartha drogallach) é don phost uair amháin eile. Chaill de Valera, ach ní raibh ach dhá vóta ann. An lá dár gcionn, toghadh Art Ó Gríobhtha d’aon ghuth mar Uachtarán na Dála, tar éis do de Valera tarraing siar ón Teach, “agus a lucht tacaíochta ar fad ina dhiaidh”. Malartaíodh focail ghéara idir na Teachtaí agus iad ag imeacht.
Teachtaí Dála i gcoinne an Chonartha / Cartlanna Míleata, IE/MA/HS/A/0863
I ndiaidh Comh-Aireacht nua a dhaingniú, d’fhill na Teachtaí frith-Chonartha ar an Teach, dár thug toscaireacht Lucht Oibre aitheasc sular chuala siad ráiteas beartais ón Uachtarán nua, Art Ó Gríobhtha. Aontaíodh moladh Uí Ghríofa go scoirfeadh an Teach ar feadh míosa chun deis a thabhairt don Rialtas nua gníomhú mar a aontaíodh. Mar a dúirt sé, “Ní féidir linn cruinniú le chéile gach lá anseo, agus ag an am céanna iarracht a dhéanamh na rudaí a chur i gcrích.” Le hathdhearbhuithe go bhfanfadh an tArm faoi smacht, agus tar éis d’Ó Gríobhtha agus de Valera buíochas a ghabháil leis an gColáiste Ollscoile as an halla a úsáid, scoir an Dáil agus níor bhuail sí le chéile arís go dtí an 28 Feabhra.
“Ócáid rí-shuntasach a bhí i bhfaomhadh an Chonartha. D’éascaigh sé aistarraingt na Breataine ó 26 chontae d’Éirinn, chomh maith le scoilt bhuan a chruthú i ngluaiseacht an náisiúnachais.”
Is fíor gur vótáil Dáil Éireann ar son na n-airteagal comhaontaithe ach, dar le hairteagal 18, b’éigean iad a chur isteach le haghaidh a bhfaofa chuig “cruinniú arna ghlao chun na críche de na baill a toghadh chun suí i dTeach na dTeachtaí i nDeisceart Éireann”, ina raibh an ceathrar comhaltaí aontachtacha ó Choláiste na Tríonóide. Ghlaoigh Ó Gríobhtha cruinniú den Tionól sin, a chruinnigh le chéile sa Seomra Darach i dTeach an Ard-Mhéara ar an 14 Eanáir. Cruinniú grod a bhí ann. Ní raibh an Ceann Comhairle Eoin Mac Néill sa chathaoir, agus níor coinníodh aon taifead. Ní raibh aon óráidí ann, go díreach gnó, a ndearnadh an chuid ba mhó de i nGaeilge. Glaodh rolla, glacadh leis an gConradh agus ceapadh Rialtas Sealadach. Laistigh d’uair an chloig, bhí an Tionól i gcrích, agus níor chualathas iomrá air riamh arís. Dhá lá ina dhiaidh sin, ar an 16 Eanáir, chuaigh an Rialtas Sealadach, faoi chathaoirleacht Mhicheáil Uí Choileáin, i mbun rialtais, a choinnigh sé go dtí bliain ó shíniú an Chonartha. Bhí an Rialtas Sealadach ann taobh le Comh-Aireacht Dháil Éireann, an bheirt acu ag forluí go suntasach ar a chéile.
Teachtaí Dála ar son an Chonartha / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Ócáid rí-shuntasach a bhí i bhfaomhadh an Chonartha. D’éascaigh sé aistarraingt na Breataine ó 26 chontae d’Éirinn, chomh maith le scoilt bhuan a chruthú i ngluaiseacht an náisiúnachais. Arís agus arís le linn na ndíospóireachtaí, d’éiligh Teachtaí aontacht agus thug siad foláireamh maidir le hiarmhairtí na scoilte, ag cuimhneamh ar scoilt Parnell i ngluaiseacht an rialtais dúchais díreach 30 bliain roimhe sin. Le níos mó i ngeall air, agus le hairm, bheadh an scoilt seo míle uair níos measa. Bhí díospóireachtaí an Chonartha fada agus ba mhinic iad athráiteach. Bhí a lán óráidithe, chun frása a ghoid, “ina bpolaiteoirí de thaisme”. Cé go raibh cuid acu ina dTeachtaí de Dháil Éireann ar feadh trí bliana, nár chruinnigh le chéile ach go hannamh, is beag duine acu a raibh taithí acu ar an gcaint phoiblí ná ar an díospóireacht, agus is dócha gur mó saighdiúirí ná óráidithe a bhí sa Teach.
Uaireanta, bhí naimhdeas pearsanta nó éagsúlacht pholaitiúil ina gcúis le comhráite géara gangaideacha. Céad bliain ar aghaidh, áfach, is minic an cairdeas agus an corrnóiméad éadrom idir na Teachtaí ar na taobhanna éagsúla na gnéithe is iontaí do léitheoir na ndíospóireachtaí.
Ach an ndearna díospóireachtaí an Chonartha difear ar bith? An ndearna aon rud a dúradh i Seomra na Comhairle rud ar bith chun aon chroí nó intinn a athrú sa deireadh? I measc na dTeachtaí is cosúil nach ndearna. Más ea go deimhin gurbh í saoire na Nollag a bhrúigh roinnte Teachtaí nach raibh cinnte i dtreo é a fhaomhadh, cuireann sé sin in iúl go raibh na Teachtaí Dála faoi thionchar an ghiúmair sa tír seachas an díospóireacht ina measc féin. Bhí uair amháin ann nuair a creideadh go forleathan gur athraigh an díospóireacht féin vótaí, ba é sin ionsaí Chathail Bhrugha ar an gCoileánach, a bhain siar astu siúd a bhí ar a thaobh féin fiú. Agus, ar ndóigh, bhí a lán stocaireachta ann taobh amuigh den díospóireacht féin. Chuimhnigh Earnán de Blaghd ar a bheith ag caint cuid mhór le beirt Teachtaí, ar vótáil an bheirt acu ar son an Chonartha tar éis dóibh “a bheith tamall fada go hiomlán éiginnte”. Ach mura ndearna an díospóireacht mórán chun an vóta a athrú, b’fhéidir go raibh tionchar aici mar sin féin. Bhraith Risteard Ó Maolchatha, mar shampla, go raibh tionchar gríosaitheach ag roinnt de na ráitis sa Dáil a rinne Teachtaí in éadan an Chonartha ar an Arm. Ar an gcaoi chéanna, dúirt an staraí Michael Laffan “gur imríodh tionchar ar an dearcadh poiblí de bhrí gur chuir an oiread comhaltaí Dála i gcoinne an tsocraithe”.
Bliain nó dhó tar éis dhíospóireachtaí an Chonartha, d’inis WT Cosgrave, a bhí ina Uachtarán an t-am sin, don Dáil:
Bhuel, má tá ceacht amháin foghlamtha agam i mo shaol, is é nach dtarlóidh díospóireachtaí cosúil leo siúd ar an gConradh arís sa tír seo. Creidim gur ídigh siad an óráidíocht go léir sa tír, agus nach bhfuil aon duine ag iarraidh iad a fheiceáil arís. An oiread sin, ceapaim, gur scríobh fear amháin i gceann de nuachtáin Bhaile Átha Cliath go ndeachaigh sé chun faoistine agus go ndúirt sé gur ghoid sé gabhar agus gurb é an pionós a fuair sé óráidí na Dála ar dhíospóireacht an Chonartha a léamh seacht n-uaire.
Ghlac an staraí nach maireann Peter Hart seasamh níos flaithiúla, nuair a scríobh sé gur mhinic a rinneadh ceap magaidh de dhíospóireacht an Chonartha as é a bheith iontach greannmhar agus gan éifeacht intleachtúil, ach nach raibh sé sin cothrom:
Bhí sé seo ar an bhfíorbheagán ócáidí sa nuastair ina ndearna náisiúnaithe na hÉireann iarracht (nó ar cuireadh brú orthu) iad féin a shainmhíniú agus a gcuid polaitíochta a chosaint i ndíospóireacht oscailte, agus rinne siad é sin le han-scil agus léargas go han-mhinic, chomh maith le déine phaiseanta. Phléigh siad stair na hÉireann, riocht an domhain iarchogaidh, agus prionsabail na náisiúntachta, an daonlathais agus na saoránachta. Beidh a lán teistiméireachtaí pearsanta creidimh ann chomh maith le loighic theibí bunreachtanna agus measúnuithe praiticiúla ar an méid a bhí bainte amach ag an ngluaiseacht. Uaidh seo a d’eascair an chuid is mó de nuapholaitíocht na hÉireann, a páirtithe agus a hideolaíochtaí. Is beag tír eile atá ábalta a mhaíomh go bhfuil túsphointe chomh hionraic agus chomh domhain sin acu.

Michael Knightly (ar chúl ar chlé) i Londain le comhaltaí eile de thoscaireacht an Chonartha | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Michael Knightly, príomhthuairisceoir Dhíospóireachtaí an Chonartha
Ba é Michael Knightly an t-iriseoir ar a raibh an cúram tuairisc Dhíospóireachtaí an Chonartha a scríobh. Iarshaighdiúir ó Éirí Amach na Cásca, ceapadh Knightly ina chéad Eagarthóir ar Dhíospóireachtaí Thithe an Oireachtais.

An seomra inar tionóladh Díospóireachtaí an Chonartha | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Díospóireachtaí an Chonartha a eagrú agus a fhoilsiú
B’éigean do Dháil Éireann ionad a eagrú inarbh fhéidir le Comhaltaí díospóireacht a dhéanamh ar an gConradh tar éis díospóireachtaí ó am go chéile a bhí faoi choim sna dá bhliain roimhe sin. Tionóladh foireann tuairisceoirí chun na díospóireachtaí a thras-scríobh, cáipéisí ar fhoinse thábhachtach iad do staraithe sa lá atá inniu ann.
Díospóireachtaí agus Comhaltaí den Dara Dáil
Tá Tuairisc Oifigiúil Dhíospóireachtaí an Oireachtais ón gCéad Dáil go dtí an lá atá inniu ann ar fáil sa rannán Díospóireachtaí ar an suíomh gréasáin seo.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Comhaltaí gach Dála, féach ar an rannán Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

Tuairiscíocht Illustrated London News ar oscailt Dhíospóireachtaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath ar an 14 Nollaig 1921 | © Illustrated London News Ltd/Mary Evans
Díospóireachtaí an Chonartha
In 1921 agus 1922 déanaimid comóradh céad bliain ar dhíospóireachtaí na Dála ar an gConradh Angla-Éireannach.
Ba é an plé ar an gConradh an díospóireacht ba shuntasaí i stair na Dála. Tráth ríthábhachtach i stair na hÉireann a bhí ann, inar socraíodh conair nua d’Éirinn.