Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An dearcadh ó Westminster

TCÉ

Féach isteach

Ar an lá céanna ar thosaigh Dáil Éireann an díospóireacht ar an gConradh, thionóil Parlaimint na Ríochta Aontaithe freisin. In Alt 18 den Chonradh bhí an fhoráil seo ann, ‘Cuirfidh Rialtas a Mhórgachta an t-ionstraim isteach le haghaidh fhaomhadh na Parlaiminte’. San fhoclaíocht shimplí seo bhí sraith de chruacheisteanna suntasacha bunreachtúla agus polaitiúla i bhfolach.

D’eascair siad seo amach as bunábhar an chomhaontaithe agus an chaoi a ndearnadh é a chaibidliú. Ní nach ionadh, rug lucht cáinte an Chonartha in Westminster ar na laigí braite seo nuair a thosaigh an díospóireacht i dTeach na dTeachtaí agus i dTeach na dTiarnaí araon Dé Céadaoin an 14 Nollaig 1921.

Leathanach tosaigh The Daily Mirror ag tuairisciú torthaí idirbheartaíochtaí na síochána, i mí na Nollag 1921

Leathanach tosaigh The Daily Mirror ag tuairisciú torthaí idirbheartaíochtaí na síochána, i mí na Nollag 1921 | ©John Frost Newspapers/Mary Evans Picture Library

Réamhléiríodh nádúr uathúil na hócáide in aitheasc an Rí le comhchruinniú an dá theach:

Ghlaoigh mé oraibh cruinniú ag an am neamhghnách seo chun gur féidir na hAilt Chomhaontaithe atá sínithe ag mo chuid Airí agus ag Toscaireacht na hÉireann a chur faoi bhur mbráid le haghaidh bhur bhfaofa. Ní chuirfear aon ghnó eile in bhur láthair sa Seisiún reatha. Ba le lúcháir ar mo chroí a d’fhoghlaim mé faoin gComhaontú ar thángthas air tar éis caibidlí a mhair i bhfad ar feadh mórán míonna agus a imríonn tionchar ar leas, ní hamháin na hÉireann, ach leas chiníocha na Breataine agus na hÉireann ar fud an domhain. Is é dóchas mo chroí go bhféadfar, leis na hAilt Chomhaontaithe atá curtha faoi bhur mbráid, deireadh a chur leis na céadta bliain d’achrann, agus go mbainfidh Éire amach, mar chomhpháirtí saor sa Chomhlathas Náisiún arb ionann sin agus Impireacht na Breataine, comhlíonadh a hidéal náisiúnta. Guím go mbeidh beannacht Dé Uilechumhachtaigh ar bhur saothar.

Líníocht de pholaiteoirí na Breataine agus na hÉireann timpeall boird

Idirbheartaíochtaí an Chonartha ag 10 Sráid Downing mar a léirítear in Illustrated London News ar an 5 Nollaig 1921 | © Illustrated London News Ltd/Mary Evans Picture Library

Ina dhiaidh sin bhí trí lá de dhíospóireacht a bhí, in amanna, binbeach. Thairg daoine a chuir i gcoinne an Chonartha leasuithe i dTeach na dTeachtaí agus i dTeach na dTiarnaí. Chloígh an Rialtas na leasuithe seo sa deireadh le móraimh ollmhóra sna pasáistí vótála, agus faomhadh bunfhoclaíocht mholtach an aithisc. D’éirigh leis na daoine a chuir ina choinne buillí suntasacha a bhualadh le linn na n-argóintí. Tháinig siad seo ó Theachtaí Parlaiminte Aontachtaithe Uladh agus ó laistigh den Pháirtí Choimeádach féin agus díríodh iad ar chomhrialtas a bhí faoi cheannas na dTóraithe. D’fhág seo suntas mór polaitiúil, agus ag amanna pearsanta, sa díospóireacht agus sa vóta araon. Mar gheall ar an monaplacht, nach mór, cumhachta a bhí ag Teach na dTeachtaí in Westminster bhí na díospóireachtaí ansin níos tábhachtaí, ach bhí na hargóintí ba ghéire i dTeach na dTiarnaí.

Díospóireachtaí comhthreomhara

Tharla an díospóireacht ar an gConradh in Westminster ag an am céanna leis an díospóireacht sa Dáil, agus ceann de na gnéithe ba shuntasaí den chur agus cúiteamh ná an nasc san fhíor-am idir an dá dhíospóireacht. Bhí seirbhís sreinge idir Baile Átha Cliath agus Londain agus d’fhoilsigh roinnt nuachtán eagráin i ndiaidh a chéile ar feadh lá amháin. Mar gheall air seo bhí na cainteoirí in Westminster eolach ar óráidí sa Dáil, agus vice versa, uaireanta gan ach roinnt uaireanta tar éis na bun-óráide i gceist (in ainneoin gur tionóladh na chéad seisiúin sa Dáil go príobháideach).

 

Bhí na cainteoirí in Westminster eolach ar óráidí sa Dáil, agus vice versa, uaireanta gan ach roinnt uaireanta tar éis na bunóráide.

Le linn a óráide labhair an Leifteanant Coirnéal Martin Archer-Shee (leathdheartháir ‘Winslow Boy’, George Archer-Shee, a bhfuil iomrá air, agus duine a vótáil i gcoinne an Rialtais), mar seo faoi na hargóintí in Éirinn:

‘Feicim go ndúirt Micheál Ó Coileáin cheana féin – tá sé ar an téip – gur chuir duine amháin de lucht Shinn Féin ina leith gur fealltóir é, agus bhí sin díreach sular scoir siad le haghaidh lóin.’

Ar an gcaoi chéanna, ag tagairt don nath clúiteach a d’úsáid an Coileánach, dúirt Rupert Gwynne, ‘Ní ghlacann Sinn Féin leis an gConradh ach mar chéim ina n-éileamh ar Phoblacht. Is “cloch mhíle” é mar a dúirt duine dá n-ionadaithe féin.’ Ar an téad céanna dúirt an Coirnéal John Gretton, agus é ag caint ar sheasamh na n-ionadaithe Éireannacha, gur ‘toscairí de chuid Phoblacht na hÉireann iad na daoine a tháinig chun na hailt seo a phlé. Tuigim ón ráiteas a rinne an tUasal de Valera ag an gcruinniú i mBaile Átha Cliath inné, gur dúradh sin sa doiciméad.’

Grianghraf de Mhicheál Ó Coileáin ag teacht amach as gluaisteán, 1921

Micheál Ó Coileáin ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla le haghaidh Dhíospóireachtaí an Chonartha | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Chuaigh cáinteoirí eile treo beagáinín éagsúil, leithéid Ronald McNeill, ag moladh gur chóir stad a chur le himeachtaí i Londain le fanacht le toradh an chinnidh i mBaile Átha Cliath. Ag an bpointe seo, is cosúil, bhí a lán daoine den bharúil go mbeadh an díospóireacht sa Dáil – foras i bhfad ní ba lú ná Teach na dTeachtaí ná Teach na dTiarnaí – measartha gairid. Chuir Arthur Henderson, Príomh-Aoire Pháirtí an Lucht Oibre agus duine a thacaigh leis an gConradh, a mhalairt de thuairim chun cinn, agus dúirt sé go neartódh sé go mór an dream ar son an Chonartha i mBaile Átha Cliath dá mbeadh forógra luath agus tacúil ó Westminster.

Bhí daoine eile a thacaigh leis an gcomhaontú eolach freisin ar íogaireachtaí i mBaile Átha Cliath, agus d’fhéach siad le díospóireacht Westminster a stiúradh ar shiúl ó charraigeacha an chlaonpháirteachais. Dúirt Sir Samuel Hoare, an chéad duine a labhair ar son an Chonartha sa díospóireacht i dTeach na dTeachtaí:

‘Tá lucht scriosta Bhaile Átha Cliath ag déanamh ionsaí ar an tsíocháin. Ná déanaimis-ne sa Teach seo tasc lucht na dea-thola níos deacra.’

Labhair ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, John Clynes, ar bhealach comhchosúil, ach ba ón bPríomh-Aire, David Lloyd George, a tháinig an óráid ba shuntasaí. Le linn na gcéad óráidí dúirt an Príomh-Aire gur cinnte go gcuirfí laincis ar an díospóireacht i Londain dá mbeadh an t-eolas ann go raibh a gcuid focal á dtuairisciú agus á n-úsáid in éadan an chonartha i mBaile Átha Cliath. Cé gur mhol sé gníomhartha na bpolaiteoirí Coimeádacha, leithéid an Tiarna Birkenhead a ghlac riosca polaitiúil ollmhór nuair a shínigh sé an comhaontú, dúirt sé gur ghlac na sínitheoirí Éireannacha rioscaí comhchosúla, nó níos mó. Dúirt sé:

‘Tá na rioscaí a ghlac siad ag teacht chun solais díreach anois sa choimhlint fhíochmhar atá ar siúl díreach anois in Éirinn, agus is onóir dóibh uile iad. Ní déarfaidh mé focal – agus déanaim achainí ar gach Feisire sa teach seo gan focal a rá – a dhéanfadh a dtasc níos deacra.’

Grianghraf de David Lloyd George

David Lloyd George, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (1916 - 1922) | Le caoinchead Leabharlann na Comhdhála

Réabhlóid bhunreachtúil

Ní raibh cáinteoirí dígeanta an Chonartha, ar ndóigh, ag iarraidh géilleadh don iarraidh seo, agus bhain siad feidhm as argóintí eile in éadan a fhaofa. Ceann acu ba ea an rún – a d’aithin dar leo dealú cuid den Ríocht Aontaithe – lenar moladh an t-athrú ba mhó riamh sa stát ‘Briotanach’ ó cruthaíodh an Ríocht Aontaithe faoi théarmaí Acht Aontais na hÉireann 120 bliain roimh sin. Ach, a dúirt siad, ag gearán, ní ghlacfadh an Rialtas le haon leasuithe ar an téacs a comhaontaíodh leis na hionadaithe Éireannacha. Ina áit sin ní raibh ann ach gur gheall an Rialtas gurbh fhéidir reachtaíocht a bheadh ann dá thoradh a thabharfadh dúshraith reachtaíochta le haghaidh Saorstát Éireann a chruth, gurbh fhéidir sin a phlé agus a leasú ar an ngnáthbhealach. D’áitigh na cáinteoirí gurb ionann a leithéid de chur chuige agus réabhlóid bhunreachtúil, ceann a rinne níos measa géilleadh an Rialtais d’éirí amach leis an sos cogaidh leis na fórsaí Poblachtacha an samhradh roimhe sin.

D’fhreagair Lloyd George go maith, ag cur i gcuimhne do cháinteoirí mar sin go raibh go leor ócáidí i stair na Breataine nuair a rinneadh comhréiteach le reibiliúnaigh, agus gurb í an Pharlaimint ‘an t-údarás is deireanaí sa domhan’ a sheasfadh leis an moladh gur cheart an t-éirí amach a chur faoi chois gan trócaire, nuair a chuirfí san áireamh gur ‘mar gheall ar ghéilleadh do reibiliúnaigh arís agus arís eile a bhí a cuid ceart agus pribhléidí aici’. Níorbh fhéidir nár thuig siad siúd a thacaigh le ceannairceacht Aontachtaithe Uladh lasmuigh den Pharlaimint in éadan an tríú Bille Rialtas Dúchais seacht mbliana roimhe sin an tagairt intuigthe don Chogadh Cathartha sa 17ú haois.

Tuaisceart Éireann

Thug na daoine in éadan an Chonartha aird faoi leith do na forálacha maidir le Tuaisceart Éireann Ba é seasamh Aontachtaithe Uladh, ar dhílseoirí iad go léir, nuair a ghlac siad leis an Acht um Rialtas na hÉireann an bhliain roimhe sin, go raibh siadsan tar éis dul chomh fada agus ab fhéidir maidir lena raibh siad in ann a ghéilleadh nó a raibh siad sásta a ghéilleadh mar chuid dá raibh siadsan sásta cur le réiteach in Éirinn. Dearbhaíodh dóibh nach bhféadfaí aon ní breise a lorg uathu. Ach anois, a dúirt siad, d’athraigh an Rialtas céanna a sheasamh ar thrí bhealach bhunúsacha, iad go léir ar mhaithe le teacht ar chomhréiteach le reibiliúnaigh admhaithe: Tuaisceart Éireann a bheith curtha san áireamh ar dtús laistigh de dhlínse Shaorstát Éireann; bunú Choimisiún na Teorann chun an teorainn a atarraingt dá roghnódh Tuaisceart Éireann í féin a ghlacadh amach as an dlínse sin; an tuairim go gcuirfí brú eacnamaíoch i bhfeidhm chun a thabhairt ar Thuaisceart Éireann glacadh le hathaontú.

Thug Charles Craig, deartháir Phríomh-Aire Thuaisceart Éireann, faoin gcéad phointe. Luaigh sé go mbeadh ar Thuaisceart Éireann rud gránna a dhéanamh agus iad féin a vótáil amach as dlínse an tSaorstáit. Is é a bheadh i gceist leis sin na hAontachtaithe sin sna trí chontae eile i gCúige Uladh agus ar fud dheisceart agus iarthar na hÉireann a ghearradh ar shiúl d’aon toil. Rinne seisean agus cainteoirí eile ar aon aigne leis é soiléir go rachaidís an bealach sin go dearfa, ach rinne siad gearán géar goirt gur measfaí gurbh orthu siúd a bhí an fhreagracht as an scaradh.

Cartún de John Bull ina shuí ar chlaí a bhfuil “Boundary” marcáilte air agus é ag caint le W.T. Cosgrave

Cartún a foilsíodh ag an gcéad chruinniú de Choimisiún na Teorann in 1924 | Leabharlann Cartún Punch/TopFoto

Le bunú Choimisiún na Teorann, a raibh de bhagairt ag baint leis go n-aistreofaí daonra agus talamh ó Thuaisceart Éireann go dtí an Saorstát, rinneadh seo níos measa. Chaillfí mar gheall air níos mó Aontachtaithe arís go smacht Bhaile Átha Cliath. Cé gur chuir lucht tacaíochtaí sheasamh an Rialtais comharthaí a bheith ag teacht salach ar a chéile maidir le cé chomh leitheadach is a d’fhéadfadh an t-aistriú a bheith, rinne William Coote achoimre ar mhothúcháin na ndaoine a bhí i gcoinne an Chonartha:

‘Is beag go bhfuil an dúch tirim ar shíniú an Rí [ar Acht Rialtas na hÉireann] nuair a chuirtear in iúl dúinn go ndéanfar na críocha sin a mharcáil as an nua.’

Chuir sé suas don smaoineamh freisin gur leor an gealltanas go mbeadh cánacha níos ísle i Saorstát Éireann chun agóid na nAontachtaithe i gcoinne an athaontaithe a shárú.

Ba é príomhchosaint an Rialtais in éadan líomhaintí mar seo go raibh toiliú Thuaisceart Éireann riachtanach le go dtarlódh athaontú mar seo, cé gur shoiléirigh an Príomh-Aire gurbh é rogha Londain Éire aontaithe. Bhain Austen Chamberlain, ina achoimre ar an díospóireacht don Rialtas roimh an vóta i dTeach na dTeachtaí ar an tríú lá, an lá deiridh, casadh breise as an líne seo, ag rá go géarchúiseach:

‘Maíonn Feisirí Onóracha nach bhfuil de cheart againn a iarraidh ar Chúige Uladh a bhreithniú an bhféadfadh sí teacht isteach i bParlaimint Uile-Éireann. Mura gcuirfimis an moladh sin ina láthair, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an méid a fuaireamar an chéad uair faighte againn – toiliú ionadaithe Dheisceart Éireann ceart Thuaisceart Éireann fanacht lasmuigh a aithint.’

Teach na dTiarnaí

Caitheadh a lán ceisteanna eile isteach sa díospóireacht sa Teach Íochtarach – foclaíocht nuálach an mhionna, tionchar an Chonartha ar an Impireacht agus ar sheasamh na Breataine sa domhan trí chéile, cás na ndílseoirí sa Saorstát, agus socruithe cosanta na Breataine, gach ach ceithre cinn a lua. Ní nach ionadh, bhí an díospóireacht i dTeach na dTiarnaí an-chosúil leis sin, le foclaíocht beagnach mar an gcéanna leis sin a úsáideadh ‘san Áit Eile’.

Rud a chuir téagar breise sa díospóireacht sa Teacht Uachtarach, áfach, ba é beirt de na baill ab airde próifíl den chomhghuaillíocht idir Aontachtaithe agus Coimeádaigh i gcoinne an tríú Bille Rialtas Dúchais ar dhá thaobh an tí i gcoinne a chéile. Ba iad sin Edward, anois an Barún, Carson, agus F.E. ‘Galloper’ Smith, anois an Tiarna Birkenhead agus an Tiarna Seansailéir. Ba mar gheall ar a dhlúithe agus a bhí a gcomhghuaillíocht agus a gcairdeas sa chéaduair go raibh an scaradh poiblí seo eatarthu níos nótáilte, agus níos míthaitneamhaí.

Grianghraf de Sir Edward Carson

Sir Edward Carson | Le caoinchead Leabharlann na Comhdhála

Rinne Carson a chéad óráid le linn na díospóireachta agus níor choinnigh sé srian ar an ngangaid a dhírigh sé ar an gconradh. Chreid sé gur chomhartha báis do pháirtí na gCoimeádach é, agus gur fhaomh sé tréigean na ndílseoirí ó dheas, ónar eascair sé féin ar ndóigh. B’aitheantas foirmiúil é ar dhíomua míleata faoi lámha ‘drong marfach’ poblachtach, ‘feillbheart nach bhfacthas a leithéid riamh déanta ar shaoirse bhunreachtúil’, agus tús le deireadh na himpireachta. Ba é an toradh é ar shraith d’fhill ar an Aontas ag an Rialtas i Londain a thosaigh nuair a ritheadh an tAcht Rialtas Dúchais in 1914, a lean ar aghaidh leis an teip coinscríobh a chur i bhfeidhm ar Éirinn, agus a tháinig chun críche le hachtú an Achta um Rialtas na hÉireann. Óráid ab é a thug Carson a thabharfadh fear a thuig go raibh an chúis a chosain sé cloíte, de thoradh ar volte-face ag cuid de na daoine ba mhó a thacaigh léi roimhe sin, agus d’úsáid sé lán a chumhachtaí reitriciúla chun a n-athrú aigne a dhamnú.

Óráid ab é a thug Carson a thabharfadh fear a thuig go raibh an chúis a chosaint sé cloíte, de thoradh ar volte-face ag cuid de na daoine ba mhó a thacaigh léi roimhe sin, agus d’úsáid sé lán a chumhachtaí reitriciúla chun a n-athrú aigne a dhamnú.

Mar urlabhraí an Rialtais i dTeach na dTiarnaí ba ar cheann Birkenhead a thit sé freagairt orthu seo agus ar cháineadh eile agus é ag cur críoch ar an díospóireacht. Mar ba dhual dó, throid sé tine theanga le tine theanga, ag rá nach raibh sna daoine a bhí ag cur i gcoinne an Chonartha ach ‘daoine ón meánaois’ nach raibh in ann na hathruithe ollmhóra a cuireadh i bhfeidhm ar riaradh stáit mar gheall ar an gCogadh Mór a aithint. Bhí dímheas faoi leith aige ar líomhain Carson gur ghreamaigh sé féin (Birkenhead) le cúis Chúige Uladh díreach ar mhaithe le féinchur chun cinn. Cé gur ghlac sé leis, aisteach go leor b’fhéidir, gurbh ionann an Conradh agus ‘náiriú míleata’, dhiúltaigh sé don rogha eile, cur faoi chois níos déine, a mhol na daoine dígeanta de bhrí nach ndéanfadh sé ach ‘cuimhní a fhágáil míle uair níos lasánta agus níos gangaidí’, agus bheadh na croí-cheisteanna fós le plé ag deireadh na cogaíochta. B’óráid é ó fhear a thuig go raibh a rás rite ag an gcúis a chosain sé, agus a bhí meáite ar a chinntiú nach mbeadh sé ar an taobh den stair a chaillfeadh.

Cartún ina léirítear Lloyd George mar Naomh George ag marú an dragain dar teideal "Irish Problem"

Rinneadh dearmad ar an gConradh beagnach láithreach i bhfeasacht pholaitiúil na Breataine agus ní raibh Ceist na hÉireann ar chlár Westminster a thuilleadh | © Illustrated London News Ltd/Leabharlann Pictiúr Mary Evans

Bhí, mar sin, difríochtaí agus cosúlachtaí idir na díospóireachtaí daingnithe i mBaile Átha Cliath agus Londain. Is é an difríocht ba shuntasaí eatarthu an méid a tharla tar éis dóibh críochnú. Rinneadh dearmad ar an gConradh beagnach láithreach i meabhair pholaitiúil na Breataine. D’imigh ‘Ceist na hÉireann’, a ghlac an oiread sin ama agus fuinnimh sna 120 bliain roimhe sin, ó chlár oibre Westminster ar feadh beagnach 50 bliain. In Éirinn, áfach, rinneadh tobar na polaitíochta in Éirinn a thruailliú mar gheall ar an scoilt i dtuairimí maidir leis an gConradh ar feadh na scórtha bliain, agus is féidir a áitiú go bhfuil saol polaitiúil an lae inniu fós faoina scáil.


Téacs iomlán na ndíospóireachtaí in Westminster

Hansard

Téacs iomlán na ndíospóireachtaí in Westminster

Chun téacs iomlán dhíospóireachtaí Pharlaimint na Ríochta Aontaithe maidir leis an gConradh a léamh, féach ar shuíomh gréasáin Hansard.

Barr
Roinn