Cúnamh a thabhairt do dhaltaí dara leibhéal dul i ngleic le téacs na ndíospóireachtaí faoin gConradh Angla-Éireannach. Tá na hacmhainní seo oiriúnach don tSraith Shóisearach, an Idirbhliain agus an tSraith Shinsearach.

Treoir
Treoir agus seicliosta acmhainne
Tosaigh leis an treoir acmhainní seo. Mínítear inti conas an tsraith acmhainní a úsáid agus an chaoi a dtagann na gníomhaíochtaí leis an gcuraclam.
Fiosraigh Foinsí Stairiúla
Roghnaigh as measc ceithre acmhainn, a ndíríonn gach ceann acu ar na Teachtaí Dála a labhair i rith Dhíospóireachtaí an Chonartha.

Póstaer
Ó Shos Cogaidh go Saorstát
Féach ar na fíricí agus na dátaí tábhachtacha a bhaineanna leis an gConradh, a thug Éire ón Sos Cogaidh go dtí an Saorstát sa ghrafaic faisnéise seo.
Tuilleadh foinsí le haghaidh taighde breise
D’fhéadfadh na naisc seo a bheith úsáideach do scoláirí na sraithe sinsearaí chun tuilleadh taighde a dhéanamh ar Dhíospóireachtaí an Chonartha.
- Liosta de na Comhaltaí Uile den Dara Dáil Éireann
- Naisc chuig an Tuairisc Oifigiúil ar na Díospóireachtaí maidir leis an gConradh
- Dictionary of Irish Biography
- Cartlanna Míleata.
- Céad Bliain na hÉireann - RTÉ
- Téacs deiridh na nAirteagal Comhaontaithe le haghaidh Conartha idir an Bhreatain Mhór agus Éire

Teachtaí Dála ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla le haghaidh Dhíospóireachtaí an Chonartha / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tuairiscíocht Illustrated London News ar oscailt Dhíospóireachtaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath ar an 14 Nollaig 1921 | © Illustrated London News Ltd/Mary Evans
Díospóireachtaí an Chonartha
In 1921 agus 1922 déanaimid comóradh céad bliain ar dhíospóireachtaí na Dála ar an gConradh Angla-Éireannach.
Ba é an plé ar an gConradh an díospóireacht ba shuntasaí i stair na Dála. Tráth ríthábhachtach i stair na hÉireann a bhí ann, inar socraíodh conair nua d’Éirinn.