Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díospóireacht na nÓg

D'óstáil Seanad Éireann díospóireacht le buaiteoirí chomórtas scoile uile-oileáin an Oireachtais an 17 Aibreán. 16 bhuaiteoir a bhí ann san iomlán. Rinne na scoláirí díospóireacht faoi oidhreacht na gluaiseachta ceart vótála.

Físeán

Féach ar an díospóireacht

Bhí an díospóireacht ar siúl i Seomra an tSeanaid an 17 Aibreán. Ba é an rún:

"Maidir leis an troid ar son na saoirse, an cheartais agus an chomhionannais, ar fíoraíodh í in institiúidí, i gcultúr agus i sochaí na hÉireann?"

Amharc ar an bhfíseán

Bhí níos mó ná 350 iarrthóir sa chomórtas uile-oileáin agus roghnaíodh 16 scoláire astu siúd chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht. Thug na hiarrthóirí buaiteacha, agus a gcuid múinteoirí, cuairt ar Theach Laighean i mí na Nollag chun casadh le foireann Vótáil100.

Scoláirí díospóireachta na hidirbhliana i dTeach Laighean

Na scoláirí buacacha agus a gcuid múinteoirí ag tabhairt cuairt ar Theach Laighean, Nollaig 2017

D’fhill na scoláirí i mí Feabhra, nuair a d’fhoghlaim siad faoi fhoinsí stairiúla a úsáid ó na staraithe Louise Ryan agus Mary Clancy. Ghlac siad páirt chomh maith i gceardlann leis an gcóitseálaí díospóireachta William Dunne.

Tháinig an grúpa le chéile arís i mí an Mhárta le haghaidh ceardlann díospóireachta deiridh faoi stiúir an Dr Maurice Manning, seansailéir Ollscoil na hÉireann.

An Dr Maurice Manning ag labhairt leis na scoláirí i Seomra an tSeanaid

An Dr Maurice Manning, seansailéir Ollscoil na hÉireann, ag labhairt leis na scoláirí i Seomra an tSeanaid, Márta 2018

Bhí an díospóireacht ar siúl an 17 Aibreán i Seomra an tSeanaid. Rinne gach ceann na scoláirí plé ar an rún seo a leanas ar feadh trí nóiméad:

"I gcás go leor mná Éireannacha, bhí na snáitheanna éagsúla (a thagadh salach ar a chéile corruair) a bhain leis na trí ghluaiseacht seo – náisiúnachas, ceardchumannachas agus gluaiseacht na mban – mar chéimeanna difriúla den aon troid amháin ar son na saoirse, an cheartais agus an chomhionannais; bhíothas ag súil go bhfíorófaí an troid sin in institiúidí, i gcultúr agus i sochaí an Rialtais Dúchais a d'fhéadfadh Éire a bhaint amach, nó, i gcás na ndaoine níos radacaí, i bpoblacht neamhspleách na hÉireann." – an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, Lá Idirnáisiúnta na mBan, 2018

"Maidir leis an troid ar son na saoirse, an cheartais agus an chomhionannais, ar fíoraíodh í in institiúidí, i gcultúr agus i sochaí na hÉireann?"

Díospóireacht na nÓg i Seanad Éireann

An díospóireacht i Seomra an tSeanaid, Aibreán 2018

Sonraí teagmhála

Chun teagmháil a dhéanamh linn faoin díospóireacht óige, cuir ríomhphost chugainn tríd an seoladh seo:

 

SeanadTYDebate@oireachtas.ie

Barr
Roinn