Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ealaín i dTeach Laighean

Tá bailiúchán pictiúr, dealbh agus saothar ealaíne eile i dTeach Laighean. Féach ar rogha díobh anseo nó tabhair cuairt orainn chun iad a fheiceáil.

Clár Faisnéise

Teach na hEalaíne

Fiosraítear na portráidí atá i mBailiúchán Ealaíne an Stáit i dTeach Laighean sa chlár faisnéise seo, arna chur i láthair ag an ealaíontóir agus uachtarán an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga (RHA) ag an am Mick O’Dea. Tugann O’Dea léargas uathúil freisin ar a phictiúr den Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn atá ar crochadh i dTeach Laighean.

Amharc ar an bhfíseán

Portráidí d’iar-Thaoisigh na hÉireann

I rith Shaorstát Éireann (6 Nollaig 1922 – 29 Nollaig 1937) thugtaí Uachtarán na hArd-Chomhairle ar an gceann rialtais.

Físturas

Dealbha Theach Laighean

Féach ar fhísturas sé nóiméad de dhealbha agus séadchomharthaí laistigh agus lasmuigh de Theach Laighean.

Amharc ar an bhfíseán

Clár Faisnéise

A Woman's Place

Lean an t-ealaíontóir Noel Murphy ar a thuras sé mhí chun an pictiúr uathúil a phéinteáil den 53 bean atá ina gcomhaltaí reatha de Thithe an Oireachtais.

Amharc ar an bhfíseán

Roinnt den saothar ealaíne eile atá ar taispeáint i dTeach Laighean

Nuashonraithe go deireanach: 7 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn