Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Apr 1946

Vol. 100 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhair d'Fhoilsiú.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an ndéarfaidh sé cá mhéad lámhscríbhinn de chuid an Ghúim atá ag Oifig an tSoláthair faoi láthair, agus cá mhéad atá ag na clodóirí; cá mhéad lamhscríbhinn acu sin atá ina n-ábhair téasc-leabhar; cá mhéad leabhar a foilsíodh ó bhí bliain gus an t-am seo ann; agus cad é an seal aimsire a caitear de ghnáth ó bheirtear ábhar leabhair do chlódóir go dtí go ndéantar an leabhar a fhoilsiú.

Tá 120 abhairleabhar de chuid an Ghúim ag Oifig an tSoláthair faoi láthair Orra sin tá 23 abhair téacs-leabhar. De na 120 láimscríbhinní sin tá 106 ag na clódóirí, agus 13 abhair téacs-leabhar orra sin. Tá 63 leabhar eile de chuid an Ghúim ag na clódóirí le h-aghaidh ath-chlódha.

Foillsíodh 50 leabhar nua agus h-athchlódhadh 15 leabhar idir an chéad lá Aibreán 1945 agus 31ú Márta, 1946.

Braitheann méid an ama a imíonn ó cuirtear leabhar i lámhaibh na gclódóirí go dtí go bhfoillsítear é ar abhar an leabhair féin agus ar na ndeacrachtaí fé leith a ghabhann leis. Ní thógfadh sé ach ráithe nó mar sin chun leabhar beag nach mbeadh mórán deacrachtaí ann do chur ar an margadh, ach i gcás leabhar áirithe eile thógfadh sé roinnt blian.

Barr
Roinn