Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 8 Nov 1950

Vol. 123 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúdú Béil.

D'fiafraigh

den Aire Oideachais an ndearna sé breithniú maidir le scrúdú béil sa Ghaeilge a dhéanamh riachtanach sa scrúdú (a) le haghaidh na meán-teistiméarachta, agus (b) le haghaidh na hárd-teistiméarachta, sna meán-scoileanna, agus an bhfuil aon ní socruithe aige ina thaobh sin.

Do dheineas an scéal a bhreithniú i dtaobh scrúdú béil sa Ghaeilge bheith riachtanach sa scrúdú meán-teistiméireachta, agus sa scrúdú árd-teistiméireachta, agus táim ar an dtuairim narbh'fhéidir é sin a dhéanamh ar shlí a thabharfadh cothrom na Féinne do chách agus a mbeadh lucht údaráis na scoileanna sásta leis.

Bhfuil fhios ag an Aire go ndearna Comhdáil Náisiúnta na Gaeilge roinnt molta go mba ceart an rud seo a dhéanamh, chomh maith le pointe eile a chur i bhfeidhm. Bhfuil sé le tuiscint againn ón fhreagra a thug an tAire nach bhfuil aon rud le déanamh leis an scrúdú béil seo a chur i bhfeidhm?

Is dóigh liom go bhfuil fhios ag an Teachta cheana cad a bhíonn ar siúl ins na scoileanna agus na deacrachtaí a bhaineann le scrúdú béil. Is dóigh liom go bhfuil tuairim eigin aige cad ba cheart agus cad a b'éigin a dhéanamh chuige sin. Ba cheart go mbeadh fhios aige na deacrachtaí atá ann. Tá a lán daoine go bhfuil tuairimí acu cad ba cheart a dhéanamh sna scoileanna ach ní chuireann tuairimí an gléas oibre ar siúl. B'fhéidir go dtuigeann an Teachta é sin. Más féidir aon rud a dhéanamh déanfaidh mé é. Tá fhíos ag an Teachta go bhfuil scéim faoi leith ann i gcóir na mean-scoileanna chun labhairt na Gaeilge a chur ar siúl in sna scoileanna sin agus go bhfuil deontaisí ar fáil ag scoileanna a dheineas an obair sin. Ní dóigh liom gur féidir ach chur leis an obair chomh maith agus is féidir é. Ní dóigh liom gur féidir a dhéanamh ar shlí a thabharfadh cothrom na Féinne do chách.

An bhfuil sé le tuiscint againn ón Aire nach ceist airgid nó ceist costais atá i gceist——

——ach na deacractaí atá ann leis an scéim d'oibriú?

Barr
Roinn