den Aire Tailte an feasach dó go bhfuil an-fhonn ar thalmhaithe i gceantar Rosmuc gabháltais talún d'fháil ar an achréidh in ómós a gcuid féin a thabhairt suas do Choimisiún na Talún; go bhfuil gá le timpeall leath-chéad acu d'athshuíomh amhlaidh le bochtanas na ngabháltas sa gceantar a mhaolú; agus an abróidh sé go dtiúrfar aird ar an bhfonn agus ar an ngá sin.
Written Answers. - Rosmuc: Gabhaltais Talún.
D'fhiafraigh
Tá Coimisiún na Talún ag déanamh a ndícheall athshocrú agus feabhsú na ngabhaltas idirmhiascaithe i gceantar Rosmuc do chriochnú comh luath agus is féidir. Tá súil aca go mbeidh síad i ndhán suas le fiche gabháltas d'athshocrú go luath san Earrach.