Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Oideachais don Ghaeltacht.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon mholtaí ullmhaithe aige le haghaidh cúrsaí oideachais tríú leibhéal do mhuintir na Gaeltachta.

Is ar an Aire Oideachais atá an phríomhfhreagracht sna cúrsaí sin agus bímse i gcomhairle leis go rialta ina dtaobh. Más mian leis an Teachta aon mholtaí a chur ar fáil beidh áthas orainn iad a bhreithniú.

Glacaim leis sin, ach ba mhaith liom cur ina luí ar Aire na Gaeltachta go bhfuil cúramaí faoi leith air maidir le oideachas, go mór mhór oideachas tríú-leibhéal, agus bhéinn ag súil go gcuirfeadh an tAire é sin ina luí ar an Aire Oideachais.

Tá a fhios agam gur ceist an-thábhachtach ceist oideachais i ngach leibhéal maidir leis an Ghaeltacht. Bím i gcomhairle go minic leis an Aire Oideachais. Mar adúras sa Dáil roimh Nollag nuair a bhí ceist agam ón dTeachta faoi scoláireachtaí go na coláisti réigiúnacha, go raibh scéim nua scoláireachtaí go na coláistí sin bunaithe i 1974, ach is oth liom a rá nach bhfuil na cúrsaí sin ar fáil ach i gcoláiste réigiúnach amháin, sé sin i nGaillimh. Dúras ar an ócáid sin go raibh mé ag súil— táim ag súil fós—go mbeidh cúrsaí mar sin le fáil i Litir Ceanainn, i dTrá Lí agus in áiteanna eile. I nGaillimh tá timpeall is 20 micléinn ag freastail ar na cúrsaí.

Tuigeann an Aire, ar ndóigh, go bhfuil oideachas ag an tríú leibhéal ann seachas sna coláistí réigiúnacha. Bhéinn ag súil maidir le hOllscoil na Gaillimhe go bhfuil sé tábhachtach d'Aire na Gaeltachta a chur ina luí ar an Aire Oideachais chomh tábhachtach is atá sé go mbeidh ollscoil ann ina mbeidh ábhair dá dhéanamh trí Gaeilge.

Admhaím gur ceist an-thábhachtach é. Táimse ag féachaint ar an scéal. Bím ag éisteacht le tuairimí ó dhaoine áirithe atá baint acu le cúrsaí oideachais, agus nuair a gheibhim tuairimí mar sin cuirim iad ar fáil don Aire Oideachais.

Barr
Roinn