Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 18 go 21 agus 25 le chéile. Tá méadú mór ar an iomlán don Roinn agus Gaeltarra Éireann go dtí £9.332 milliún.
Ní bhíonn caiteachas rialta gach tréimhse i ndiaidh a chéile faoi aon cheann de na scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Is amhlaidh a chuirtear an meastachán do thréimhse áirithe in oiriúint don chaiteachas a mheastar a thitfidh ar an Roinn sa tréimhse sin.
Mar shampla, i gcás saoráidí ilghneitheacha is ar chórais leictreachais d'oileáin áirithe is mó a bhí caiteachas le roinnt blianta anuas agus, ó tharla go bhfuil an chuid is mó den obair sin críochnaithe um an dtaca seo, bhí laghdú le déanamh.