Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 May 1975

Vol. 280 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Eagras Drámaíochta Gaeilge.

61. D'fhiafraigh

agusMr. Cunningham d'Aire na Gaeltachta ar chuir an coiste fiosraithe moltaí le haghaidh comhréitigh chuig an dá thaobh san Eagras Drámaíochta Gaeilge; má chuir, cén dáta; agus cén uair a bhéas réiteach ann.

Tuigtear dom go raibh an coiste fiosraithe i gcomhairle leis an dá thaobh sa ghluaiseacht drámaíochta fad a bhí an fiosrú ar siúl acu. Fuair mé féin moltaí ón gcoiste le déanaí agus tá siad á mbreithniú agam faoi láthair. Ní féidir liom a rá ag an bpointe seo cathain a bheidh réiteach ann.

Barr
Roinn