Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Jun 1983

Vol. 343 No. 10

Written Answers. - Costas Cánach ar Bhord Soláthair an Leictreachais.

653. D'fhiafraigh

den Aire Tionscail agus Fuinnimh an dtabharfaidh sé tuairisc bheacht ar an modh ina n-aimsítear costas na cánach, seachas rátaí áitiúla, ar Bhord Soláthair an Leictreachais.

Socraíodh ag cruinniú an Rialtais ar 22 Deireadh Fómhair 1982 cáin de £35 milliúin in ionad rataí a ghearradh ar an mBórd Soláthair Leictreachais don bhlian 1983 faoi réir ag Alt 7 (2) (b) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 1982.

Beartaíodh ámh, leibhéal na cánach a ísliú go £20 milliúin i leith na bliana 1983 ag cruinnithe an Rialtais ar 31 Eanáir 1983 agus 1 Feabhra 1983 toisc an tionchar árd a d'fhéadfadh a bheith aige ar phraghas an leictreachais.

Barr
Roinn