Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Feb 1984

Vol. 348 No. 5

Adjournment Debate. - Donegal Factory.

Tá mé buíoch díot as ucht an am a thabhairt dom chun an cheist seo a phlé maidir leis na dea-crachtaí atá faoi láthair ag Smailcbhia Teoranta i monarcha Stáit tionscail Údarás na Gaeltachta ar na Doire Beaga i mo dháilcheantar féir. Le déanaí cuireadh na hoibrithe ar thrí lá sa tseachtain in áit cúig lá sa tseachtain mar ba ghnáth dóibh a bheith ó bunaíodh an mhonarcha seo.

Ag dul ar ais go dtí 1974 thug Aire na Gaeltachta an ama sin cead do Ghaeltarra Éireann tacaíocht a thabhairt chun an tionscal seo a bhunú agus ní raibh ag an am sin ach mionlach na scaireanna a bhí ag Gaeltarra Éireann. Ó am go ham nuair a bhí deacrachtaí ag an gcomhlacht seo, chuir Aire na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann nó Údarás na Gaeltachta airgead isteach sa chomhlacht sin go dtí gur tháinig an t-am nuair a bhí tuairim is 100 faoin gcéad de na scaireanna ag Údarás na Gaeltachta. Glacaim gur tuairim is 95 faoin gcéad de na scaireanna atá ag Údarás na Gaeltachta anois. Os rud é go bhfuil an méid sin scaireanna acu — 95 faoin gcéad — glacaim gur ag Údarás na Gaeltachta agus ag Aire na Gaeltachta atá an dualgas chun fadhbanna na monarchan seo a réiteach.

Tá a fhios ag Roinn na Gaeltachta agus ag Aire na Gaeltachta, an Teachta O'Toole, go bhfuil a lán fadhbanna agus deacrachtaí maidir leis an chomhlacht seo. An deacracht is mó atá acu ná na fiacha atá ag an gcomhlacht seo a ghlanadh. Thuig mise roimh dheireadh na bliana go mbeadh an tAire ag dul chuig an Rialtas chun cead a fháil níos mó airgid a thabhairt don chomhlacht seo chun na fiacha seo a ghlanadh agus an comhlacht seo a chur ar bhunús nua. Tá díomá orm, a Cheann Comhairle, nár tharla rud ar bith go dtí seo — faoi mar is eol dom ná ag duine ar bith sa cheantar sin — maidir leis an rud a thuig mise, go raibh an tAire ag dul chuig an Rialtas chun fordheontas a fháil chun cuidiú leis an mhonarcha seo agus chun cuidiú leis na hoibrithe. Shíl mé freisin go raibh rationalisation study déanta agus ceapaim de réir an staidéir sin go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil áit don chomhlacht seo agus gur féidir na jobanna atá ansin a shábháil agus b'fhéidir níos mó jobanna a chur ar fáil.

The function of Údarás na Gaeltachta is to create jobs in the Gaeltacht and this industry is based on a raw material which is available in County Donegal and the Six Counties. We should ensure that a factory such as this is a viable proposition. It is the only factory in the industrial estate which has raw material readily available. The packaging material is manufactured in the factory next door. The expertise should be available and the only problem appears to concern market research and development. Donegal farmers should be encouraged to grow the type of potato which is necessary for the product. However, farmers are being discouraged from doing so because of the uncertainty surrounding the factory's future.

It is difficult for me to establish the exact number of jobs involved since some of the employees are full-time and others are part-time or temporary. I understand that about 100 people are employed directly while others are employed in auxiliary industries. Europlas manufacture the packaging material and jobs could be at risk there too. A rationalisation programme was prepared and this should be with the Minister for consideration. Based on this he will make his case to the Government. I would point out to him that this is the only factory on the estate which has raw material available in the county and province. Some of the money which is owed is due to the Revenue Commissioners and it would be poor economics if the Minister for Finance did not give the Minister for the Gaeltacht the necessary funds to ensure the maintenance of jobs in this factory. I believe the industry could be expanded and the number of jobs increased.

I regret to say that some of the unfounded allegations in relation to Údarás na Gaeltachta and companies within the Údarás may have contributed to the difficulties of this factory and of several other factories under the umbrella of Údarás na Gaeltachta. It is unfortunate that the Member who made the allegations here is not taking the opportunity tonight to make a short statement of regret in regard to his allegations which have now been proved, as a result of the report of the Director of Public Prosecutions, to have no basis.

It is necessary that financial assistance should be forthcoming to save these 100 jobs and to help create further employment in my constituency which has the highest rate of unemployment in the country. Figures show that west Donegal has an unemployment rate which is three times higher that the national average. These points should be borne in mind by the Government when deciding on the future of this factory.

Market research and development would seem to be a problem, as there is a drop in the market at present despite the fact that this product, this Sam Spuds product, can compete with any other product of its type in this country or on the Continent. It is based on a natural, national and renewable resource. That cannot be repeated too often. In adition, in this factory there is some of the most modern machinery in the world. I hope the Minister will ensure that this money is made available as quickly as possible. The fact that the factory is now on a three-day week could be its death knell. I appeal to the Minister to make the necessary finance available. No doubt my two colleagues with whom I am sharing my time will fully support my plea on behalf of the workers in this factory.

Mr. Coughlan

A Cheann Comhairle, i dtús báire ba mhaith liom a rá go bhfuil sé ar intinn agam cupla nóiméad a chaitheamh ag labhairt ar an ábhar seo mar tá a fhios agam go bhfuil an Teachta eile as Tír Chonaill ina chónaí sa cheantar agus go mba mhaith leis cúpla focal nó b'fhéidir níos mó a rá. Ba mhaith liom, ar dtús, tacaíocht a thabhairt don méid atá ráite ag Pádraig Ó Gallchóir anseo. Tugadh le fios dúinn i mí Mheán Fómhair — an triúr Teachtaí as Dún na nGall — go raibh deacrachtaí ag an am sin ag na hoibrithe sa chomhlacht seo. On ráiteas atá agam anseo — foilsithe ag an Aire ar 13 Deireadh Fómhair — tá na deacrachtaí seo ag Údarás na Gaeltachta ó 1981 agus is amhlaidh nach bhfuil réiteach déanta orthu ag an am seo. Tá a fhios agam go bhfuil comhlachtaí eile ar fud na tíre, agus b'fhéidir nár cheart é a rá, ach nuair a chuireann tú an méid airgid a bhíonn de dhíth orthu, cuir i gcás i CIE nó ceann ar bith mar sin — i gcom-paráid leis an méid atá Smailcbhia ag iarraidh i láthair na huaire, is fíor-bheagán é. Níl na cuntais foilsithe don bhliain seo go fóill, ach sa bhliain 1982 bhí siad ag déanamh brabaigh. Is é an rud is tábhachtaí ar fad ná go bhfuilimid ag caint faoi jobanna do idir 88 agus 100 daoine agus ba mhór an trua nach ndéanfadh an Rialtas gach iarracht iad sin a shábháil. Tá mé ag iarraidh ar an Aire — más féidir ar chor ar bith é — an t-airgead atá de dhíth ar an chomhlacht seo a chur ar fáil chomh luath agus is féidir.

Ar dtús ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí ar an dtaobh eile a thug deis dom cúpla focal a rá ar an ábhar seo, mar sílim go bhfuil sé an-tábhachtach. Tá an mhonarcha seo suite ar estát tionscail Gaoth Dóbhair i mo pharóiste féin i nDún na nGall. Inné thug mé cuairt ar an estát agus cuireadh in iúl dom go bhfuil breis agus 1,700 duine fostaithe ar an estát san Ghaeltacht sin. Mar a dúirt na Teachtaí ar an dtaobh eile tá beagnach 100 de na daoine sin fostaithe i monarcha Smailcbhia nó Irish Snack Foods. Dá mba rud é go dtarlódh aon rud chuirfeadh sé isteach go mór ar chúrsaí dífhostaíochta sa Ghaeltacht ansin. Dá gcailleodh an oiread sin daoine a bpostanna bheadh beagnach 15 faoin gcéad de na daoine atá ag obair ar an eastát gan obair.

Mar a dúirt Teachtaí ar an dtaobh eile, tá siad ar thrí lá sa tseachtain anois agus tá mé féin agus na Teachtaí eile ag plé leis an cheist seo le cúpla mí. De réir mar a thuigim tá iarratas istigh ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire — sílim gur cuireadh ar aghaidh é chuig an Rialtas i mí na Nollag — ar bhreis airgid fá choinne an mhonarcha seo a choinneáil ar siúl. Tá súil agam nuair a thiocfaidh sé roimh an Aire agus roimh an Rialtas go gcuimhneoidh siad ar an méid is fiú an fhostaíocht atá curtha ar fáil ansin agus an dochar mór a dhéanfadh sé don Ghaeltacht dá dtarlódh aon rud a chuireadh deireadh le fostaíocht. Chomh fada agus is eol dom, ghlac Udarás na Gaeltachta nó Gaeltarra Eireann a bhí ann roimhe seo ceannas an tionscail seo orthu féin i 1979. Chaill an tionscal airgead go leor roimh 1979, mar i litir a fuair mé féin ón iar-príomhfheidhmeannach a bhí ar Údarás na Gaeltachta i mí na Samhna seo caite dúirt sé liom, an chuid is mó den airgead atá caillte ag an tionscal gur cailleadh é roimh 1979. Dúirt sé chomh mhaith leis sin go ndearna siad proifid de bhreis is £100,000 i 1982 agus go raibh an mhonarcha ag déanamh proifide go dtí lár 1983 agus ó shin d'éirigh na deacrachtaí. Sílimse, mar a dúirt na Teachtaí ar an dtaobh eile, go bhfuil an mhonarcha agus an tionscal seo bunaithe ar ábhar atá le fáil i dTír Chonaill — prátaí — agus ní amháin go bhfuil an tslí beatha atá ag na daoine sa mhonarcha i gceist, ach tá slí bheatha go leor feormeoirí agus daoine eile i dTír Chonaill i gceist. Dá dtarlódh aon rud, ni hé amháin go gcuirfeadh sé isteach ar an Ghaeltacht ach chuirfeadh sé isteach ar an chontae go léir.

Mar sin, tá mé cinnte nuair a thiocfaidh an cás roimh an Aire agus róimh an Rialtas go mbreathnóidh siad go fábharach air. Leis an fhírinne a rá nuair a bhí an tAire i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine tá a fhios agam gur chas sé le cuid de na hoibrithe as an mhonarcha agus tá a fhios aige go díreach cad é mar atá an scéal ansin mar bhí cruinniú aige leis na hoibrithe an oíche sin. Le bliain anuas thug an Rialtas agus an tUdaras tarrtháil ar thionscail eile san Ghaeltacht. Seachtain nó coicís ó shin chuir siad beagnach £100,000 ar fáil do mhonarchan Europlast ansin agus tá comh-oibriú mór idir Europlast agus an tionscal seo. Déanann an tionscal seo an tairgeadh agus cuireann Europlast na málaí ar fáil. Tá súil agam nuair a thiocfaidh an t-am go mbeidh airgead le fáil. Mar a dúirt mé tá beagnach 100 post ansin agus faoi choinne 100 post a chur ar bun sa Ghaeltacht cosnóidh sé na milliúin punt. Is é an rud atá le déanamh anseo ná na postanna atá ansin anois a chaomhnú agus chomh fada agus is eol dom is é an t-iarratas atá istigh ná timpeall £1 mhilliún. Is é sin £10,000 an post faoi choinne an mhonarcha a choinneáil ansin agus ligean dó dul ar aghaidh. Ní féidir postanna úra a chruthú sa Ghaeltacht ná taobh amuigh den Ghaeltacht inniu ar £10,000 nó b'fhéidir £20,000 ach an oiread. Má chuirtear an t-airgead isteach sílim go mbeidh sé caite go maith mar coinneoidh sé monarcha agus fostaíocht sa cheantar sin.

Aontaím go hiomlán leis an triúr Teachta Dála a labhair thar ceann na monarchan seo gur an-tábhachtach an togra é sa cheantar ina bhfuil sé, áit a bhfuil dí-fhostaíocht an-ard. Ag an am céanna tá infheistíocht mhór ag an Stát i Smailcbhia Teoranta ina bhfuil 95 faoin gcéad de na scaireanna ag Údarás na Gaeltachta: foilsíodh i gcuntais an Údaráis do 1982 go raibh caiteachas beagnach £1.3 milliún mar seo a leanas go dtí deireadh na bliana sin:

Scaireanna

963,677

Deontais

333,336

£1,297,013

Ina theannta sin bhí caiteachas nach beag ar mhonarchana atá ar léas ag an gcomhlacht ón Údarás féin.

Sa bhliain 1974 a thug Aire na Gaeltachta cead do Ghaeltarra Éireann cúnamh a thabhairt chun an tionscal a bhunú. Ar ndóigh, ní raibh ach mionlach na scaireanna le bheith ag Gaeltarra ag an am seo. Ina dhiaidh sin, áfach, nuair a bhí fadhbanna le réiteach, fuarthas cead ón Rialtas do chaiteachas breise ó thráth go chéile.

Tá roinnt mhaith airgid de dhíth chun fiacha an chomhlachta a ghlanadh agus is gá dul ar ais go dtí an Rialtas chun an t-airgead sin a cheadú. Nuair a bhíonn cás á chur faoi bhráid an Rialtais bíonn léargas chomh cruinn agus is féidir le tabhairt ar a bhfuil i ndán don tionscal: níl aon dul as sin i gcás Smailcbhia ó tharla nár baineadh amach spriocanna a cuireadh in iúl don Rialtas cheana. Mar shampla, nuair a bhí cás Smailcbhia os comhair an Rialtais i mí an Mheithimh 1981 bhí brabach maith measta ach is caillteanas tubaisteach a tháinig amach i ndeireadh na bliana sin.

Thug mé freagra mar seo a leanas anseo sa Dáil ar an 14 Nollaig seo caite ar Cheist ón Teachta Ó Gallchóir i dtaobh Smailcbhia Teo:

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil iarrachtaí ar siúl lena chinntiú go gcuirfear oiread agus is féidir de na poist sa mhonarcha sin ar bhonn slán ach, chun é sin a dhéanamh, go meastar nach mbeidh dul as ach scaoileadh le cuid den fhoireann.

Níl ag éirí leis an gcomhlacht earraí a dhíol a choinneodh an fhoireann uile sa mhonarcha ar obair lánaimsire faoi láthair agus, ó tharla nach bhfuil aon socrú déanta fós le scaoileadh le cuid acu, ní fheictear go bhfuil aon dul as ag an bpointe seo. Is mar sin atá an scéal agus is ar mhaithe leis na daoine atá ag obair ansin atá socrú dá leithéid á chur i bhfeidhm.

Faoi mar a luaigh mé, beidh airgead mór breise de dhíth chun an tionscal a thabhairt slán — fiú le foireann laghdaithe — agus beidh ormsa dul os comhair an Rialtais agus a léiriú go bhfuil eagar ceart ar an tionscal sula mbeidh aon seans go gceadófaí airgead mar sin.

Mar a dúirt mé cheana tá droch bhail ar an gcomhlacht faoi láthair agus le go mbeadh deis ann réiteach a fháil ar an scéal seo beidh lán-chomhoibriú na n-oibrithe ag teastáil. Muna bhfuil obair ann don fhoireann atá ann faoi láthair in iomlán caithfear roinnt dóibh a ligean ar siúl. Is eatarthu féin atá sé á réiteach agus idir daoine eile atá ag plé na ceisteanna thuas ansin atá le réiteach cé ligfear chun siúl. Ach i ndeireadh na dála is trí chomh-oibriú a réiteofar an rud seo agus is trí chomhoibriú a choinneofar an mhonarcha ar oscailt. De réir sin, tá súil agam go mbeidh an fhoireann sásta an comhoibriú sin a thabhairt don chomhlacht i dtreo nach mbeidh an tionscal i mbaol. Chomh fada agus a bhaineann liomsa ní bheidh aon mhoill an moladh a bhéas á dhéanamh agam a thabhairt os comhair an Rialtais nuair a bhéas chuile rud in a áit féin.

Ba mhaith liom a rá mar fhocal scoir go raibh deacrachtaí ag an Údarás féin maidir le moltaí a thabhairt chomh fada liomsa. Go deimhin tá deacrachtaí faoi leith acu go fóill maidir le moltaí faoi leith ach ar aon nós tá go leor agamsa anois le dul os comhair an Rialtais agus tá an talamh á réiteach faoi láthair leis sin a dhéanamh. Idir an dálinn, ar fhaitíos go gcuirfí an mhonarcha i mbaol níos measa ná mar atá sí faoi láthair, mholfainn do na Teachtaí ón gceantar sin, más féidir leo, iarraidh ar na hoibrithe atá ansin a gcomhoibriú iomlán a thabhairt don bhainistíocht le go féidir an mhonarcha seo a thógáil as an mbaol in a bhfuil sé agus i ndeireadh an lae go n-osclófar é go lánaimseartha arís fiú amhán más an toradh a bhéas leis ná go mbeidh daoine ligthe ar siúl. Is fearr é sin ná daoine a bheith ag obair gan aon obair dóibh mar ní sheasódh sé sin i bhfad go ndúnfaí an rud ar fad.

Ceist amháin. Os rud é go bhfuil gach rud ag an Aire, cén uair a mbeidh an cheist seo á plé ag an Rialtas?

Is é a cheapfainn, an chuid is mó de mhí. Tá rudaí faoi leith le déanamh idir an dá linn agus tógfaidh sé thart ar mhí.

The Dáil adjourned at 9 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 29 February 1984.

Barr
Roinn