Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 16 May 1984

Vol. 350 No. 5

Written Answers. - Seirbhísí Farantóireachta.

285. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén polasaí atá aige i leith na seirbhísí farantóireachta go hoileáin sa Ghaeltacht.

286. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ar lorgaíodh aon chúnamh ón gComhphobal Eorpach i leith na seirbhísí farantóireachta go hoileáin sa Ghaeltacht agus munar deineadh, an mbeidh sé ag lorg a leithéid de chúnamh.

287. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén freagra a thugann sé ar na hiarratais ó na comharchumainn sna hoileáin go mbunódh a Roinn seirbhísí cuimsitheacha cothroma farantóireachta go dtí na hoileáin go léir.

Tógfaidh mé Ceisteanna 285 go 287 le chéile.

Ba mhaith liom go mbeadh seirbhísí sásúla farantóireachta ag na hoileáin Ghaeltachta ar fad. Tá córais éagsúla i bhfeidhm d'oileáin áirithe le fada agus cuirtear feabhas orthu aon uair is féidir. Ní hiad na fadhbanna céanna a bhíonn ag oileáin i bhfad ó chéile agus ní dóigh liom go bhfuil teacht ar réiteach amháin a d'oirfeadh dóibh uile. Is fearr cloí leis an ngnáthnós, dar liom, agus iarratas i ngach cás ar leith a bhreithniú.

Ní bhíonn cúnamh breise le fáil ag an tír seo ó Chomhphobal na hEorpa do sheirbhísí farantóireachta go hoileáin ach caitear cuid den chúnamh a bhíonn ar fáil ó Chiste Réigiúnach an Chomhphobail ar mhaithe leo uaireanta.

Barr
Roinn