Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Bhí sé an-spéisiúil bheith ag éisteacht le Teachtaí ag labhairt ar an dtairiscint seo agus ag cur a ndearcadh féin ar an aidhm atá romhainn. Maidir le urlabhraí Fhianna Fáil, Deputy Denis Gallagher, chuir sé an-chuid béim ar an méid a bhí déanta ag múinteoirí na tíre. Bhí an ceart aige. Níor ceart dó aon drogall a bheith air sin a rá mar mhúinteoir. Is múinteoir mé féin agus caithfear a admháil, muna mbeadh múinteoirí na tíre seo ann le leath-chéad bliain, bheadh cruth i bhfad níos measa ar staid na Gaeilge inniu.
B'fhéidir go bhfuil cúis mhaith le nár éirí le leathnú na Gaeilge chomh maith agus ba mhaith linn a fheiceáil. Sé an tuairim agus an smaoineamh agam féin ag éisteacht le Teachta amháin ná go mb'fhéidir go raibh an iomarca bhrú orainn ó thaobhanna eile ar dtús tar éis ár saoirse a bhaint amach agus ansin go raibh rudaí eile ag cur as go mór dúinn. Glactar leis in áiteanna eile nach dtugtar aird ar rudaí cultúrtha go háirithe — nílim ag rá faoi chultúr féin na Gaeilge. Tá mé ag caint ar rudaí cultúrtha i gcoitinne. Tá rudaí eile ag cur as go mór dúinn — ceisteanna polaitíochta, rudaí cosúil le maireachtáil, go deimhin, agus fostaíocht. Go dtí go mbeidh na ceisteanna sin réitithe againn, ní thig linn dul i mbun rud cosúil le cultúr teanga.
Labhair Deputy Gallagher ar naíscoileanna agus scoileanna lán-Ghaelacha. Tá an-job dá dhéanamh ag na scoileanna seo. Tá rudaí mar sin ag díriú meas an phobail ar thábhacht na teanga. Rinne a lán Teachtaí tagairt do RTÉ agus gur fíorbheag an méid daoine atá sásta leis, an teilifís go háirithe, agus an méid atá dá dhéanamh acu ar son na Gaeilge. Ní déarfainn é seo mura mbeinn go bhfuil cuid mhaith den fhírinne ann. Ceapaim féin nach bhfuil a ndualgas dá dhéanamh ag RTE mar stáisiún na tíre. Tá deacrachtaí acu, agus nuair a phléann tú an cheist leo cuireann siad a lán béim ar dheacrachtaí airgeadais agus uile. Ach tá dualgas acu nach bhfuil siad ag comhlíonadh.
Bhí an Teachta Prendergast, ag caint faoi chúrsai staire, cnámh spáirne, agus go ndearnadh sé sin dochar don Ghaeilge. Ní dóigh liom go raibh an Ghaeilge mar cnámh spáirne poiliticiúil ariamh. B'fhéidir gurb é sin ceann de na rúdaí a chur as don teanga. B'fhéidir go mbeadh bail níos fearr ar an dteanga inniu gan é sin, is ar éigean é. Ach sin tuairim atá ag daoine. Ní cnámh spáirne é anois agus tá an-áthas orm go bhfuil chuile Teachta ag teacht leis an moladh atá os comhair an Tí.
Rinne an Teachta céanna tagairt do na meáin chumarsáide, go háirithe RTE.
Maidir leis an Teachta Mac Giolla, thagair sé don chomhchoiste agus na baill a bheith ann. Tá foirm áirithe leagtha síos i gcóir Comhchoistí Oireachtais. Tá coiste ceapacháin ann agus is iad sin a leagann síos cé bheas páirteach ó na phairtí ar Chomhcoistí. Cheap mé go ndúirt an Teachta rud aisteach amháin. Bhí sé ag caint faoi na ndeacrachtaí atá ag scoileanna lán-Ghaelacha agus rinne sé tagairt do Bhaile Munna. Dúirt sé seo, agus deanfaidh mé iarracht é a thabhairt go cruinn: "Ach is ón bpobal féin atá an t-iarracht ag teacht". Cháin sé é sin agus dúirt sé gurb é an Stáit féin ba cheart an brú bheith ag teacht uaidh. Sin é an rud atá ag tarla: níl neart iarracht dá ndéanamh agus a dhóthain brú ag teacht ón phobal. Tá a lán daoine sa tír ag féachaint chuig an Stáit le cabhair a thabhairt do chuile rud atá ar siúl ó mhaidin go hoiche. Bheadh i bhfad níos mó cabhair ag an Stáit dá mbeadh neart brú ag teacht ón bpobal. I ndeireadh na dála, ceapaim gurb é an pobal féin a dhéarnaidh slán ar an Ghaeilge agus a chuirfidh feabhas ar úsáid na Gaeilge agus ní Rialtas ar bith, is cuma cén Rialtas atá i gcumhacht.
Bhí an Teachta McGinley ag caint faoin chomhchoiste agus deir sé cúpla rudaí nach dtagann le téarmaí tagartha an chomhchoiste, rudaí faoi dheontais agus faoi pholasaí na Roinne agus an Rialtais in a leith agus na rialacha a bhaineann le híocaíocht deontas. Ní bheidh baint ar bith ag an gcomhchoiste leis sin mar ní bheidh sé sin in a dtéarmaí tagartha.
Maidir le téacsleabhair, sin ceist nach mbeidh aon bhaint ag an gcomhchoiste leis ach oiread.
Dúirt an Teachta McGinley agus an Teachta Cope Gallagher, maidir leis na daoine a bheas páirteach sa Chomhchoiste, nach gá agus nach ceart go mba Gaeilgeoirí líofa iad, go mba cheart go mbeadh meascán ar an gcomhchoiste sin de dhaoine go raibh Gaeilge líofa acu agus daoine a bheadh ar bheagán Gaeilge. Glacaim leis sin go hiomlán agus aontaím go mbeadh sé seafoídeach Comhchoiste a bheith ann ar a raibh daoine líofa amháin air. Má tá aon deathoradh le bheith ar obair an Chomhchoiste sin caithfidh siad a fháil amach cad iad na deacrachtaí atá ag daoine atá ar bheagán Gaeilge, cur leis an méid acu agus líofacht a bhaint amach trí chleachtú agus rl. Is é an bealach is fearr gur féidir é sin a fháil amach ná dá gcuirfí áit in áirithe ar an gcoiste do dhuine nach bhfuil focal Gaeilge aige.
Bhí an Teachta O'Rourke ag caint faoin mbord curaclaim. Bhí sí ag cáineadh an Aire Oideachais gan tada a rá aici faoin mholadh a dúradh a bhí déanta ag fo-choiste an bhoird curaclaim. Ní gá don Aire Oideachais aon diúltú ná aon rud a rá faoi, mar níl moladh déanta ag an mbord. Go deimhin níl an cheist seo fiú amháin pléite ag an mbord curaclaim. Rinne an Teachta O'Rourke tagairt do shuirbhéanna a rinneadh. Dúirt sí go raibh atmasféar amuigh ansin a bhí ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge mar theanga agus d'úsáid na Gaeilge. Tá sé sin fíor agus, mar a dúirt mé féin sa ráiteas a thug mé, ag dul i méid ata na daoine atá sásta go bhfuil an Ghaeilge acu. Ag an am céanna, níl a lán daoine sásta aon rud a dhéanamh. Fágfaidh siad ag daoine eile an obair a dhéanamh, ar an mbun go ndeireann siad: "tá an Ghaeilge chomh tábhachtach go bhfuil daoine ansin nach leigfidh dí bas a fháil agus ní ghá domsa tada a dhéanamh faoi." Tá sé sin go forleathan agus sin é ceann de na deacrachtaí atá againn. Tá tacaíocht don Gaeilge, tá bá don Gaeilge, tá daoine ag foghlaim na Gaeilge in a gcéadta agus in a mílte, ach cuir ceist ar dhuine acu "céard atá tusa sásta a dhéanamh le cur leis sin?", agus deireann sé, "Níl am agam ach tá mé cinnte go bhfuil daoine eile ata ábalta agus sásta é a dhéanamh níos fearr ná mise". Tá páirt le glacadh ag chuile dhuine sa tir. Is linne ar fad an teanga, ní le páirtí polaiticiúil í, ní le Rialtas í, ní le héinne faoi leith í. Is ár dteanga í agus tá sé de dualgas orainn a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh sé ansin len ár linn agus in ár ndiaidh.
Dúirt an Teachtá Lyons nar íocadh an t-airgead le CCE. Íocadh £200,000 láithreach leo tar éis an tairiscint a bheith rite anseo, agus íocadh an tseachtain seo caite £100,000 a bhí ag dul dóibh. Dúirt sé rud eile maidir le tuairimíocht i leith na Gaeilge. Éinne a chloistear ag caint Gaeilge go líofa taobh amuigh den Ghaeltacht glactar leis gur múinteoir é. Níl a fhios agam cén fáth. Ní gá go mbeadh sé sin fíor agus cruthaíonn an Teachta Lyons é, fear nach múinteoir é agus a bhfuil Gaeilge an-líofa aige, agus mar a dúirt sé féin tá fáth leis sin, go bhfuair sé a chuid scolaíochta sa Mhainistir Thuaidh.
Bhí an Teachta Dowling ag caint faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus faoi choláistí Gaeilge agus cúrsaí Gaeilge. Bhí sé cinnte maidir leis na múinteoirí Gaeilge sin nach Gaeilgeoirí ó dhúchas iad. Bhí polasaí ag RTE ar feadh na mblianta Gaeilgeoirí ó dhúchas a bheith ag léamh na nuachta ar chláracha RTE. Stop siad é sin ar an gcúis gur cheap siad go mb'fhéidir go mb'fhearr daoine go raibh an Ghaeilge foghlamtha acu agus go dtabharfadh sé uchtach do dhaoine a bhí ag éisteacht leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Níl a fhios agam cé acu an polasaí is fearr ach ní dóigh liom gur ceart a rá muna bhfuil Gaeilge ó dhúcas ag duine nach ceart dó bheith ag múineadh i gcoláiste Gaeilge nó ar chúrsa Gaeilge. Tá sé riachtanach agus an-riachtanach go mbeadh Gaeilge na dteaghlach líofa agus ceart ach ní dóigh liom gur gá gur cainteoir ó dhúchas é.
Arís bhí an Teachta Wilson ag caint faoin mbord curaclaim agus tá focal ráite agam air sin. Maidir le ceisteanna Dála, ní ceart masla ná acusán a thabhairt agus bhí an Teachta O'Kennedy agus an Teachta Allen ag caint faoin rud céanna. Dúirt mé cheana go minic go bhfuil rud amháin ag cur isteach ar an Ghaeilge agus níl focal Gaeilge air, agus sin élitism. Tá daoine sa tír seo a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a chaitheann anuas ar dhaoine nach bhfuil acu ach an-beagán. Anois tá sé sin ag damnú ceisteanna Gaeilge. Is mór an trua é sin agus is ceart dúinn uchtacht a thabhairt do dhaoine agus misneach a chur iontu an méid Gaeilge atá acu a labhairt gan aon fhaitíos a bheith orthu go mbeifí ag gáire futhu má tá an ghramadach mí-cheart nó muna bhfuil leaganacha cainte acu de réir leabhar, mar a déarfá. Tá ciniciúlacht in aigne na ndaoine mar gheall air sin.
Dúirt Teachtaí nach raibh ach lá amháin Gaeilge sa Teach seo leis na blianta anuas, is é sin nuair a bhíonn Meastachán Roinn na Ghaeltachta á phlé. Tá sé sin ceart go leor; níl aon locht agam air sin ach amháin go mba cheart go mbeadh i bhfad níos mó Gaeilge á úsáid sa Teach seo. Inniu bhí deis againn díospóireacht a bheith againn as Gaeilge. Má bhí daoine sásta abhairt as Béarla bhí fáilte rompu agus ní raibh éinne ag iarraidh caitheamh anuas orthu toisc nach raibh siad ábalta an méid a bhí le rá acu a rá go hiomlán as Gaeilge nó fiú amháin muna mbeadh focal amháin le rá acu as Gaeilge.
(Cur isteach.)