d'Aire na Gaeltachta cé mhéid post nua a soláthraíodh i monarchana a fuair cabhair ó Údarás na Gaeltachta i 1983, 1984 agus 1985.
Written Answers. - Postanna Nua.
55. D'fhiafraigh
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 687 bpost nua sa bhliain 1983 i dtionscail a fuair cúnamh uathu agus 748 bpost nua sa bhliain 1984. Cailleadh roinnt post freisin sna blianta sin rud a d'fhág méadú glan de 117 bpost i 1983 agus 144 i 1984. Foilseofar an t-eolas do 1985 i dtuarascáil an Údaráis don bhliain sin.