d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn ag Údarás na Gaeltachta tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil i nGaeltacht Iar-Dheisceart Thír Chonaill.
Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Fostaíocht i dTír Chonaill.
5. D'fhiafraigh
Mr. Coughlan
Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta d'fhonn tionscail fhiúntacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil sa cheantar sin agus i ngach ceantar Gaeltachta.
An féidir leis an Aire a insint dúinn an méid daoine a bhfuil fostaíocht acu san taobh sin den Ghaeltacht agus an méid daoine a bhfuil iarratais curtha isteach acu le haghaidh jobanna?
Sa mhéid a bhaineann le Gaeltacht iar-dheisceart Dhún na nGall, ar 31 Nollaig 1984 bhí 435 de na fostaithe go lán-aimseartha i dtionscail i gceantair Chill Chártaigh agus Gleann Columchille i gcomparáid le 370 duine bliain roimhe sin, sin méadú 65 sa líon fostaíochta i rith na bliana sin.