Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Dec 1985

Vol. 362 No. 13

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Cabhair Do INNIU.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard atá á dhéanamh aige le teacht i gcabhair ar fhoilsitheoirí Inniu atá go mór i bhfiacha agus a thuilleann aitheantas ar leith ón Stát de bharr a gcuid oibre ar son na Gaeilge.

D'íoc Roinn na Gaeltachta ag deireadh na bliana 1984 deontas speisialta £20,000 le foilsitheoirí Inniu mar chabhair dóibh chun fiacha a ghlanadh i dteannta le suim £42,223 ar mhaithe le ceathrar a bhí ag obair ar Inniu le breis agus 27 mbliana. Is oth liom nach bhféadfar tuilleadh cúnaimh a thabhairt dóibh chun na fiacha a bhí orthu ar 30.11.84 a ghlanadh.

An nglacann an tAire leis gur fágadh daoine díomhaoin de bharr nár tugadh deontais do Inniu le leanúint ar aghaidh agus go bhfuil comhlacht ann a bhí ag brath go mór ar na deontais — sé sin FNT — agus go bhfuil baol ann go gcaillfidh 20 duine a gcuid postanna más rud é nach bhfuil cabhair le fáil ón Rialtas; agus ó tharla an obair íontach a rinne na daoine a bhí i mbun Inniu ar feadh na mblianta don Ghaeilge, go bhfuil cás speisialta anseo agus go mba cheart do Roinn na Gaeltachta agus don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal arís le teacht i gcabhair ar na daoine seo ag súil go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá á déanamh acu le foilsitheoireacht i nGaeilge agus freisin mar aisíoc ar an méid a rinne siad don Ghaeilge i gcaitheamh na mblianta?

Chomh fada agus is féidir liom a chomhaireamh tá dhá cheist ansin. Sa mhéid a bhaineann leis an gcéad cheist níl a fhios agam ar thuig mé go beacht——

Dhá cheist agus scéal fada.

Ní bheidh mise ró-fhada. Chomh fada agus a bhaineann leis an gcéad cheist, níl a fhios agam ar thuig mé go beacht cad a bhí an Teachta Gallagher ag rá. Más é an rud é go raibh sé ag iarraidh orm dhá mbeadh deontas Stáit le fáil ag an gcomhlacht atá anois i gCathair na Mart — sin ceist atá go hiomlán ar thaobh na ceiste atá faoin ár mbráid anois. Níl a fhios agam go beacht an í sin an cheist a chuir an Teachta ach más ea caithfidh mé a rá nach bhfuil aon phlean againn deontas ar bith a chur ar fáil do chomhlacht nach bhfuil ag fáil deontais faoi láthair.

Sa mhéid a bhaineann leis an dara ceist, tá aithne pearsanta agam féin ar chuid de na daoine atá i gceist anseo. Tá aithne pearsanta agam le blianta anuas ar an obair a bhí á déanamh acu. Caithfidh mé a rá áfach go raibh rabhadh ag an muintir i gceist go raibh deireadh ag teacht leis an deontas. Fuair muintir Inniu scéal ó Roinn na Gaeltachta i Mí Feabhra 1984 go mbeadh deireadh leis an deontas taréis 24 Lúnasa 1984.

An nglacann an tAire leis go raibh deacrachtaí ag an gcomhlacht maidir le áit a bhí ar cíos acu agus go gcaithfidh siad seasamh leis an gconradh maidir leis an gcíos a bhí ar an áras sin i Sráid Uí Chonaill agus go bhfuil deacrachtaí acu chomh maith leis na Coimisinéirí Ioncaim agus dá bhrí sin go mba cheart an scéal a athbhreithniú le teacht i gcabhair ar na daoine seo más féidir é.

Glacaim leis go bhfuil deacrachtaí ann den tsaghas a luaigh an Teachta Gallagher. Ní féidir liom glacadh leis go bhfuil cúis ansin an scéal a athbhreithniú nuair a chuireamar é sin go léir san áireamh ar an gcéad lá.

Barr
Roinn