Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 1993

Vol. 427 No. 6

Written Answers. - Scoil Nua i nGaeltacht na Rinne.

Eamon Gilmore

Ceist:

323 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachis an bhfuil sé i gceist aici airgead a chur ar fáil do scoil nua dara leibhéal i nGaeltacht na Rinne, mar atá molta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge agus an ndéanfaidh sí ráiteas faoin scéal.

Maidir leis an scoil nua dara leibhéal atá molta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge le haghaidh Scoil San Nioclas i nGaeltacht na Rinne, tá an Roinn i gcomhfhreagras leis an gcoiste faoi láthair i dtaobh láithreán togála oiriunach a fháil don scoil.

Barr
Roinn