Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Jan 1994

Vol. 437 No. 7

Written Answers. - Méadú ar Phobalscoil Ghnaoth Dobhair (Contae Dhún na nGall).

Dinny McGinley

Ceist:

115 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ar mhéadú a chur le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall; an bhféadfadh sí sonraí a thabhairt maidir leis an mhéadú atá i gceist; agus cén uair a chuirfear tús leis an obair.

Tá iarratas faighte ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar chóiríocht bhreise sa scoil seo d'fhoirghneolaíochta, do mhíotalóireacht agus d'eacnamaíocht bhaile.

Fuarthas tairiscintí don obair agus tá na socruithe teichniúla beagnach críochnaithe. Tá soláthar don obair seo i gclár caipitil na bliana seo.

Barr
Roinn