Pat the Cope Gallagher
Ceist:75 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé hiad na Comharchumainn i nGaeltacht Dhún na nGall atá ag fáil Deontas Reatha i mbliana; an méid atá á fháil do gach ceann acu i gcomparáid le 1994; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15841/95]