Pat the Cope Gallagher
Ceist:76 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an scéal is déanaí faoi na hOibreacha Cuain ar Oileán Thoraí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15842/95]
Vol. 457 No. 6
76 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an scéal is déanaí faoi na hOibreacha Cuain ar Oileán Thoraí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15842/95]
Is í an aidhm atá agam ná go mbeidh áiseanna oiriúnacha calaíochta ar Thoraigh a luaithe is féidir chun freastal ar riachtanais na seirbhíse farantóireachta chuig an oileán agus ar riachtanais phobal an oileáin i gcoitinne. Íocadh suim £100,896 le Roinn na Mara chun suirbhéanna agus staidéir éagsúla a dhéanamh ar an láthair agus tá pleananna agus meastachán costais don obair a fuarthas ón Roinn sin á meas ag mo Roinnse anois.