Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 Dec 1995

Vol. 459 No. 4

Written Answers. - Cé ag Inis Oírr (Gaillimh).

Éamon Ó Cuív

Ceist:

65 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas ó Chomhar Chaomháin Teoranta fánán a thógáil in aice na céibhe nua in Inis Oírr, mar chuid den obair atá ar siúl ann faoi láthair. [18347/95]

Maidir le seleamhnán a thógáil in aice na cé ag Inis Oírr tá curtha in iúl ag Roinn na Mara le déanaí go meastar go gcosnódh sé £110,000 chun an sleamhnán sin a thógáil. Tá tuarascáil iarrtha ó Roinn na Mara ar thionscal na hiascaireachta ar Inis Oírr agus ar thábhacht an tsleamhnáin don tionscal sin.

Breithneofar cás an tsleamhnáin mar thogra ann féin nuair a gheofar an tuarascáil sin.

Barr
Roinn