Robert Molloy
Ceist:75 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén íocaíocht a bhí ar fáil do mhná tí i leith daltaí a bhíonn ag freastal ar chúrsaí Samhraidh sa nGaeltacht i 1995 agus cén íocaiocht a bheidh ar fáil i 1996; an méid iomlán a caitheadh ar an scéim seo i 1995; an costas iomlán a mheastar le haghaidh 1996; líon iomlán na daltaí a bhain tairbhe as na scéim seo i 1995 agus 1985; agus an gcuirfeadh sé in iul a pholasaí i leith thodhchaí na scéime seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5803/96]