Noel Davern
Ceist:219 D'fhiafraigh Mr. Davern den Aire Oideachais cén fáth nár tugadh cead do dhuine (sonraí tugtha) dul ar an gCúrsa Teastas i dTeagasc na Gaeilge, ainneoin gur éirigh leis an duine sin i gcúrsa go leibhéal na céime sa Ghaeilge - dara onóracha, grád a haon, a d'eagraigh Ollscoil Luimnigh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10466/96]