Tá an Rialtas ag díriú ar dhá laigí bunúsacha i gcomhthéacs an Chláir Oibre reatha ar mhaithe le cur le buntáistí an tionscal turasóireachta atá ag fás go sláintiúl.
Ar an gcéad dul síos, maidir le rogha, caighdeáin agus áiseanna, tá táirge na turasóireachta in Éirinn teoranta i gcomórtas le tíortha eile. Tá gá le rogha níos leithne chun cuairteoirí idirnáisiúnta a mhealladh. Tá sé riachtanach béim láidir a chur ar áiseanna turasóireachta nach mbeidh ag brath ar an aimsir. Sa dara cás, tá tionscal na turasóireachta an-séasúrach go fóill, agus is gá táirgí turasóireachta a fhorbairt a spreagfaidh gnóirith na bliana.
Tá an clár oibre ag tabhairt faoi na laigí seo trí infheistíocht shubstaintiúl, le straitéis atá dírithe ar tháirgí nua feabhsaithe a fhorbairt, áiseanna neamhspleách ar an aimsir san áireamh, maraon le fócus níos mó ar mhargaíocht agus traenáil.
Tá an clar oibre don Turasóireacht 1994-1999 ag cur leis an gcomhpáirtíocht idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a tosaíodh faoi'n gclar oibre deireannach. Beidh forbairt bhreise ar an turasóireacht in Éirinn de bharr an straitéis atáthar á leanúint faoi'n gClár seo de thoradh an bhéim atá á chur ar:
*méadú mór i ngníomhaíochtaí margaíochta;
*táirgí nua a fhorbairt chun freastal ar eilimh nach bhfuiltear á soláthar faoi láthair;
*feabhas suntasach in áiseanna comhdhála, iascaireacht slaite agus turasóireacht cultúrtha; agus
*meadú ar réimse agus scóip na traenála chun freastal ar an bfhfás san fostaíocht atáthar ag súil leis.