Is í aidhm mo Roinne-se i leith chur chun cinn na Gaeilge ná an Ghaeilge a bhuanú mar ghnáthurlabhra sa Ghaeltacht, a húsáid a leathadh sa chuid eile den tír agus gach dícheall a dhéanamh, i gcomhar le Bord na Gaeilge, chun go mbeidh seirbhisí Stáit d'ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus las muigh di. Is rud deacair casta é nósmhaireacht teanga a athrú, agus, cé go bhfuil ról lárnach ag an Stát i gcur chun cinn an dátheangachais, ní féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh gan comhoibriú an phobail. Is próiseas fadtréimhseach é agus ní féidir a bheith ag súil le torthaí go tapaidh. Ní hionann é sin agus a rá nach féidir an aidhm sin a bhaint amach nó nach bhfuil sí réadúil.
Aithníonn an Clár Rialtas chun Athnuachana tábhacht na Gaeilge dúinne mar phobal agus cé chomh riachtanach is atá sé go mbeadh an Stát chun tosaigh i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na teanga.
Chuige sin, tá beartas an Rialtais i leith an dátheangachais dírithe go príomha ar fheabhas a chur ar an teacht ar sheirbhísí go dátheangach ón earnáil phoiblí agus tá sé mar aidhm go mbeidh seirbhísí trí Ghaeilge d'ardchaighdeán ar fáil gan stró ón earnáil phoiblí do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge.
Tá iniúchadh déanta ag Bord na Gaeilge ar chur i bhfeidhm na dTreoirlínte trí cheistneoir a ullmhaíodh i gcomhairle leis an bhForas Riaracháin agus a scaipeadh ar Ranna Stáit agus ar Eagrais Stáit le líonadh. D'fhoilsigh Bord na Gaeilge tuarascáil i mí na Nollag anuraidh bunaithe ar anailís ar fhreagairt an cheistneora sin a léiríonn, cé go bhfuil dul chun cinn áirithe á dhéanamh go háirithe ó thaobh úsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht agus in úsáid staiseanóireachta lán-dátheangach, nach leor an dul chun cinn atá á dhéanamh. Caithfidh an earnáil phoiblí i gcoitinne cur go mór leis na hiarrachtaí atá ar bun cheana féin chun cur leis an teacht atá ar sheirbhísí go dátheangach. Caithfidh Rúnaithe Ranna agus Príomhfheidmeannaigh na n-eagras Stáit athscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist sna Treoracha agus sna Treoirlínte agus féachaint chuige go dtosnófar ag feidhmiú dá réir. Scríobh mé chuig gach Aire arís an mhí seo caite ag iarraidh orthu iarracht speisialta a dhéanamh chun a gcearta teanga a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
Tá dul chun cinn de réir a chéile á dhéanamh maidir leis an nGaeilge a leathadh sa phobal. Maidir le húsáid na Gaeilge sa phobal i gcoitinne is é Bord na Gaeilge an bord stáit a bunaíodh chun an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an mBord chun na críche sin. I measc na n-iarrachtaí sin tá an Bord i mbun:
—teagmhálacha leis an earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san earnáil sin;
—úsáid na Gaeilge a chothú sna healaíona agus i bhforbairt phobail — mar shampla, Amharchlann de hIde; agus Coillte Mach, an Baile Dátheangach;