Donal Carey
Ceist:75 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar thug sí cuairt le déanaí go Tuaisceart Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20643/97]
Vol. 483 No. 5
75 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar thug sí cuairt le déanaí go Tuaisceart Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20643/97]
Thug mé cuairt ar Bhéal Feirste i mí Lúnasa seo caite ar chuireadh ó lucht eagraithe Fhéile an Phobail i mBéal Feirste Thiar. Le linn na cuairte, ghlac mé páirt, mar chuid de phainéal cainteoirí, i seisiún poiblí díospóireachta a bhain le cúrsaí reatha. Tionóladh an seisiún i Scoil Naomh Louise, Bóthar na bhFál, Béal Feirste Thiar.