Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 1997

Vol. 483 No. 5

Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Paul McGrath

Ceist:

76 D'fhiafraigh Mr. McGrath den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas i leith scéim na mbóithre áise; an ndéarfaidh sí cén fomhírcheann de Vóta na Roinne as ar thóg sí é; cé mhéad a bheidh ar fáil i 1998 agus ar leag sí síos coinníollacha speisialta i leith chaitheamh an airgid seo. [20776/97]

Thairg mé deontais de £0.5 milliúin san iomlán le déanaí do na seacht gcomhairle chontae a bhfuil ceantair Ghaeltachta laistigh dá dteorainneacha mar chabhair chun bóithre Gaeltachta a fheabhsú. I gcás bóithre atá faoi chúram na gcomhairlí contae beidh suim comhionann le deontas na Roinne le cur ar fáil ag na comhairlí chontae féin. Íocfar na deontais seo as Fomhírcheann F de Vóta mo Roinne — Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht.

Beidh soláthar airgid ag mo Roinnse i 1998 chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú ach níl méid an tsoláthair sin ná sonraí na scéime socraithe go fóill.

Barr
Roinn