Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge íocann mo Roinnse deontas laethúil le teaghlaigh cháilithe sa Ghaeltacht a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas fad a bhíonn siad ag freastal ar Choláistí Gaeilge Samhraidh aitheanta. I 1997 íocadh dontas i leith 22,803 Foghlaimeoir aitheanta faoin Scéim.
Mar a d'fhógair mé le déanaí, tá méadú 10 faoin gcéad — ó £4.00 go £4.40 in aghaidh an lae — ceadaithe agam sa deontas a íoctar leis na teaghlaigh i gceist. Ar ndóigh cabhraíonn an deontas seo go mór chun na táillí a ghearrann na Coláistí ar thuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí a choimeád chomh híseal agus is féidir.
Anuas air sin, tuigtear dom go gcuirtear thart ar 500 scoláireacht ar fáil go bliantúil trí eagrais eagsúla cosuíl le Glór na nGael, ceardchumainn, coistí gairmoideachais, comhluchtaí áitiúla agus mar sin de chun cabhrú le daoine óga freastal ar na Coláistí Gaeilge Samhraidh.
Tá an cheist maidir le cúnamh breise a chur ar fáil chun cuidiú le páistí ó theaghlaigh bhochta chun freastal a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge Samhraidh sa Ghaeltacht tógtha ag mo Roinnse leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus tuigim go bhfuil an cheist á meas ag an Roinn sin faoi láthair.