Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Maoiniú Mara.

Paul McGrath

Ceist:

45 D'fhiafraigh Mr. McGrath den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cá mhéad iarratas a fuair sí go dtí seo faoi alt 42 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, chun róin a mharú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14496/98]

Tá méid na n-iarratas a fuarthas agus na gceadúnas a eisíodh i ndáil le rónta faoi alt 42 den Acht Fialdhúlra, 1976, leagtha amach sa tábla seo leanas don tréimhse trí bliana atá thart:

Iarratais Faighte

Ceadúnais Éisithe

1995

9

8

1996

11

8

1997

15

15

1998 — go dáta

7

6

Tá iarratas amháin á mheas faoi láthair. Is speiceas cosanta é an rón faoin Acht Fiadhúlra, 1976, agus is cóir é iad a fhiach nó a mharú, seachas faoi cheadúnas nó faoi chead atá tugtha agam faoin Acht.
Tá staidéar ar siúl faoi láthair ar dháileadh agus nósanna imirce na rónta in uiscí n hÉireann. Cuirfidh an togra seo, atá comhmhaoinithe ag mo Roinnse, Roinn na Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus BIM, eolas ar fáil faoi dhaonra na rónta.
Tabharfaidh an staidéar, atá le bheith críochnaithe i 1998, deis dúinn ar ár gcumas daonra na rónta agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith acu ar stoic éisc in uiscí na hÉireann a mheasúnú agus a thomhas níos cruinne.
Barr
Roinn