Táim tar éis a mhíniú go minic – an uair dheiridh le hagallamh nuachtáin inné – céard atá i gceist agam a dhéanamh. Tá mé tar éis a iarraidh ar an Oifig Staidreamh eolas cruinn a chur ar fáil maidir le húsáid laethúil na Gaeilge. Nuair a bheidh an t-eolas agus na mapaí ar fáil don tír ar fad, foilseofar iad.
Bunaithe ar sin, leagfar amach critéir teangeolaíochta don Ghaeltacht, don chéad uair. Ina dhiaidh sin, rachfar chuig na pobail agus tabharfar na roghanna dóibh. Má theastaíonn uathu dul bealach na Gaeltachta déanfar pleanáil teangan sa phobal sin agus ansin déarfar leo go gcaithfidh siad sprioc áirithe a shroichint laistigh d'achar réasúnta ama agus muna sroicheann go gcuirfear an pobal taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an próiseas thar a bheith soiléir.
Nílim sásta daoine a chaitheamh amach gan fógra bunaithe ar an eolas atá againn faoi láthair. Tá mé chun seans a thabhairt do na pobail cinneadh a dhéanamh agus pleanáil teangan a chur i bhfeidhm. Cinneadh bunaithe ar spriocanna teangeolaíochta a bheas soiléir agus intuigthe atá i gceist agam do na pobail Ghaeltachta.
Maidir leis an teorannú deiridh, níl an t-eolas beacht agam agus sna seachtóidí nó ag deireadh na seascaidí tugadh aitheantas do Ghaeltacht na Mí do chéad uair agus d'éírigh thar cinn leis an nGaeltacht sin.