Trevor Sargent
Ceist:99 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth go bhfuil moill ar thógáil an fhoirgnimh bhreise atá ag teastáil ó scoil náisiúnta na mbuachaillí i nDomhnach Bat i bhFine Gall, Contae Átha Cliath; agus cathain a bheidh sé ar fáil do na daltaí atá plódaithe i seomra réamhdhéanta faoi láthair. [18684/99]