Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Oct 2000

Vol. 523 No. 2

Written Answers. - Bille na Gaeilge.

Eamon Gilmore

Ceist:

115 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a fhoilseoidh sí Bille na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [20245/00]

Ag a gcruinniú den 19 Iúil thug an Rialtas cead don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán scéim ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla a ullmhú. Tá an scéim sin á hullmhú faoi láthair le hintinn í a chur faoi bhráid an Rialtais le ceadú roimh dheireadh na bliana. Bheadh an Bille le dréachtú ansin ag an Dréachtóir Parlaiminte. Bheinn ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille roimh lár na bliana 2001.
Barr
Roinn