Is chun cumhachtaí Ghaeltarra Éireann a leathnú atá an Bille seo os comhair an tSeanaid anois. Trí bhliana ó shin a tugadh na cumhachtaí atá i gceist do Ghaeltarra—cumhacht chun páirt a ghlacadh i dtionscail i gcomhar le daoine eile agus cumhacht chun deontais a thabhairt do dhaoine gan dul i bpáirtíocht leo.
Faoi mar atá na hAchtanna i láthair na huaire tá uasteorainn £2,000 leis na deontais a thugann Gaeltarra chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Ní miste a lua gur ceadaíodh luach £50,000 de na deontais sin go dtí 31 Márta, 1968, agus go bhfuiltear ag súil le fostaíocht do níos mó ná 100 duine breise dá dhroim sin. De thoradh na taithí atá againn ar riaradh na ndeontas sin táimid sásta anois gur ceart an uasteorainn a ardú go £5,000 agus tá leasú dá réir sin sa Bhille. Ina theannta sin, más é ár mbarúil ar ball gur cóir deontais níos airde fós a thabhairt, beidh cumhacht agamsa faoin mBille, le toiliú an Aire Airgeadais, uasteorainn nua a údarú gan dul thar £10,000.
Maidir leis an leasú eile atá beartaithe, feicfear go mbaineann sé leis na hionaid ina bhfuil tionscail faoi chúram Ghaeltarra lasmuigh den Ghaeltacht— is iad sin Ard an Rátha agus An Bhroclais i gContae Dhún na nGall agus Cloch na Rón i gContae na Gaillimhe. Faoi láthair níl ar chumas Ghaeltarra dul i bpáirtíocht le daoine eile sna hionaid sin cionn is gur leis an nGaeltacht amháin a bhaineann an chumhacht chun tionscail a reachtáil i gcomhar le daoine eile. Meastar anois, áfach, gur cóir go leathnófaí an chumhacht sin go dtí na hionaid atá luaite agam—mar a bhfuil foirgnimh agus foireann ag Gaeltarra—agus tá leathnú dá réir sin sa Bhille. Ní miste a rá go bhfuil feidhm éifeachtach á baint as an gcumhacht sin sa Ghaeltacht cheana féin agus nach fada go mbeidh suas le 100 fear agus 80 cailín ag obair i gceithre cinn de chomhthionscail.
Is é mo bharúil gur maith is fiú cumhachtaí Ghaeltarra a leathnú mar atá beartaithe agus go bhfuil tuiscint ag na Seanadóirí do na cuspóirí atá i gceist agus go bhfuil bá acu leo. Iarraim ar an Seanad glacadh leis an Dara Céim den Bhille.