Is mian liom Meastacháin 2009 do Vóta 27 na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a chur i láthair.
Tá a fhios ag comhaltaí an choiste go bhfuil a dtríú ráiteas táirgeachta bliantúil foilsithe ag Ranna i mbliana le cur faoi bhráid choistí an Oireachtais. Ciallaíonn sé seo, ar ndóigh, go gcuimsíonn na ráitis tuairiscí ar an méid atá bainte amach in aghaidh na dtáirgeachtaí a moladh do 2008 agus tá mé ag súil go mór le hiad seo a phlé leis an gcoiste. Tá nóta mionteagaisc sa bhformáid thraidisiúnta curtha ar fáil freisin ag mo Roinnse don choiste. Dá réir sin, níl i gceist agam ach idirghabháil ghearr a dhéanamh anois, chun am a thabhairt le staidéar níos déine a dhéanamh ar an Meastachán agus ar na gnéithe éagsúla cláir, táirgeachtaí agus mar sin de.
Mar is eol don choiste freisin, le cúrsaí eacnamaíochta mar atá siad faoi láthair, bhí cinntí deacra le déanamh againn sa cháinaisnéis dheireanach. Bhreathnaigh an Rialtas ar líon áirithe bearta chun táirgeacht fioscach stuama a chothú do 2009 agus chun bunús a chur ar fáil do chur chuige inmharthana maidir leis an staid reatha airgeadais. Ar fud an Rialtais ar fad, is é an cur chuige atá againn ná é seo a dhéanamh ar an mbealach is cothroime is féidir agus tá sé seo le feiceáil i leithdháiltí Mheastacháin Athbhreithnithe 2009 do mo Roinnse.
Ba mhaith liom tagairt ghearr a dhéanamh do roinnt de na príomhghnéithe caiteachais a bhfuil freagracht dhíreach agam astu. Ansin, ligfidh mé do mo chomhleacaí, an tAire Stáit, an Teachta John Curran, labhairt faoi ghnéithe oiriúnacha den chlár forbartha pobail, chomh maith leis an gclár chun dul i ngleic le mí-úsáid drugaí. Tabharfaidh seisean faoi Vóta 24 freisin. Clúdaíonn sé sin Oifig na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla.
Léiríonn oll-leithdháileadh Mheastacháin Athbhreithnithe 2009 do mo Roinnse, €475.7 milliún, laghdú de €47.385 milliún ar an gcéad leithdháileadh measta a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2008. Baineann €11.8 milliún de laghdú mo Roinnse le caiteachas caipitil. Cuimsíonn sé seo aistriú de thart ar €2.5 milliún chuig Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir leis an gciste áiseanna agus seirbhísí do dhaoine óga. Is é an t-iarmhéid toradh na gcoigeartaithe i gcaiteachas caipitil a rinneadh sa phacáiste bearta a d'fhógair an tAire Airgeadais ag deireadh mhí Eanáir 2009. Maidir le caiteachas reatha, tá laghdú de €35.6 milliún, a chuimsíonn aistriú de €17.4 milliún chuig Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige don chiste áiseanna agus seirbhísí do dhaoine óga agus aistriú de €2 mhilliún chuig an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta as ciste na Gaeilge maidir leis an gcomhpháirt chaipitil de chlár forbartha réigiúnach Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Cuimsíonn an t-iarmhéid sábháilt a rinneadh, den chuid is mó, trí laghdú ar chostais riaracháin i mo Roinnse, i ngníomhaireachtaí Stáit faoina cúram agus i réimse eagras eile a mhaoinítear ón Vóta.
Maidir le clár 1, forbairt pobal, tá suas le €163.316 milliún, nó 34% d'acmhainní mo Roinnse, á leithdháileadh ar an réimse seo do 2009. Áiríonn sé seo €50.65 milliún don chlár seirbhísí pobail, chomh maith le maoiniú i dtreo chomhordú níos fearr ar na scéimeanna áitiúla agus forbartha pobail, ar a dtugtar an próiseas 'comhtháthaithe'. Tá soláthar freisin ann do chlár giarála RAPID de chuid mo Roinnse, a dhíríonn ar na ceantair uirbeacha is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír, agus do chiste na gcuntas díomhaoin a théann i ngleic le míbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta. Creidim go bhfuil curtha go mór ag an réimse clár do chuimsiú sóisialta, a mhaoiníonn mo Roinnse, leis na hiarrachtaí atá ar bun chun dul i ngleic le míbhuntáiste agus chun comhionannas agus cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn sna pobail ar a bhfuiltear ag freastal. Is í an phríomhchúis imní a bheadh agamsa ná go bhfeidhmíonn na cláir seo i gcomhar lena chéile, ní i gcomórtas lena chéile, agus go mbaintear an leas is fearr as acmhainní trí thús áite a thabhairt do sheirbhísí agus do thacaíochtaí ar an talamh seachas do chostais choimhdeacha nó d'fhorchostais.
Maidir le clár 3, forbairt tuaithe, tá €103.422 milliún ar fad leithdháilte in 2009 do réimse tacaí agus clár infheistíochta atá dírithe ar phobail tuaithe a chothú agus tacú leo. Áiríonn sé seo €16.86 milliún do CLÁR, chomh maith le maoiniú de €4.254 milliún faoin gceannteideal áineas tuaithe, a éascóidh roinnt príomhthionscnamh siúlbhealaí in 2009. Tá leithdháileadh de €27 milliún ann don chlár nua forbartha tuaithe 2007-2013.
Ta an clár á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus tá an maoiniú atá ar fáil chun gníomhaíochtaí de chineál LEADER a sholáthar méadaithe beagnach faoi thrí ó €150 milliún don tréimhse 2000-2006 go os cionn €425 milliún don tréimhse 2007-2013. Tá 36 grúpa gníomhaíochta áitiúil ar fud na tíre ag cur na gnéithe LEADER i bhfeidhm ag leibhéal áitiúil.
Tá soláthar iomlán de €49.401 milliún curtha ar fáil don scéim sóisialta tuaithe, SST, rud a chiallóidh go mbeidh an scéim rathúil tuaithe seo ábalta leanúint ar aghaidh in 2009. Le linn 2008, thug Pobal faoi anailís costais is tairbhe sóisialta an SST thar ceann mo Roinnse. Léiríonn an anailís seo go soiléir an luach ar airgead agus na buntáistí a bhaineann pobail as an scéim. Ó na tuairimí agus an t-aiseolas a fhaighim maidir leis an SST, tuigim go maith an dea-thionchar a bhíonn aige ar an talamh. É sin ráite, is mór an údar misnigh domsa a chloisteáil go mbaintear buntáistí inchainníochtaithe ar fiú €2.89 iad as gach €1 a chaitear as an státchiste. Cuirtear maoiniú ar fáil faoin teideal seo freisin do Choimisiún Forbartha an Iarthair agus do chiste infheistíochta an iarthair.
Maidir le clár 4, tá soláthar €85.918 milliún ag forbairt na Gaeltachta agus na n-oileán chun tacú le pobail Ghaeltachta agus oileán. Cuimsíonn sé seo leithdháiltí do réimse sóisialta, cultúrtha, infreastruchtúrtha agus feabhsúcháin Ghaeltachta, lena n-áirítear roinnt clár suntasach teangabhunaithe. Mar gheall ar an líon mór iarratas idir lámha agus an méid gealltanas atá tugtha cheana féin faoin scéim tithíochta Gaeltachta, chuir mo Roinnse an scéim ar fionraí ón 7 Aibreán 2009 go dtí go bhfógrófar a mhalairt. I gcás iarratais ar dheontas do theach nua, má bhí cead iomlán pleanála faighte ar nó roimh an 7 Aibreán 2009, glacfar le hiarratais suas go dtí an 15 Meitheamh 2009.
Tabharfaidh an soláthar €23.732 milliún d'fhorbairt ar na hoileáin deis do thuilleadh oibreacha móra infreastruchtúir bogadh ar aghaidh, lena n-áirítear oibreacha ar ché Chill Rónáin, an tionscadal oileáin is mó riamh i stair an Stáit, chomh maith le cur i gcrích na hoibre ar na haerstráicí ar Inis Bó Finne agus ar an gClochán. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, tá soláthar iomlán de €35.635 milliún, a áiríonn €15.985 milliún i gcomhair riaracháin agus clár reatha, agus €19.650 milliún do chláir chaipitil, as a gcaitear 20% ar a laghad a chaitheamh ar fhiontair theangabhunaithe.
Maidir le clár 5, cuireann cur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge maoiniú de suas le €8.374 milliún in 2009 ar fáil chun tacú le húsáid na Gaeilge ar fud na tíre. Cuimsíonn sé seo soláthar do chiste na Gaeilge, an Coimisinéir Teanga agus an tionscnamh ardscileanna gaeilge, a bhfuil sé mar aidhm aige dlús a chur le soláthar sainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal chun freastal ar na riachtanas a thagann as aitheantas an Aontas Eorpach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre.
Maidir le clár 6, cuirtear soláthar de €55.102 milliún ar fáil do Chomhoibriú Thuaidh-Theas chun tacú leis an dá fhoras forfheidhmithe Thuaidh-Theas, an Foras Teanga — a áiríonn Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch — agus Uiscebhealaí Éireann. Tá leithdháileadh ann freisin do bhearta iomchuí faoi na cláir nua PEACE III agus INTERREG.
Ar deireadh, b'fhéidir gur mhaith le comhaltaí a n-aird a dhíriú ar an mheicníocht a ndéantar tagairt di i gclár 7, seirbhísí tacaíochta corparáideacha chun costais riaracháin a chur i leith clár feidhme ar bhonn pro rata. Mar a dúirt mé ag an tús, beidh mé sásta níos mó eolais a thabhairt ar aon ábhar ar mian le comhaltaí a ardú i dtaca le soláthar na Meastachán agus le tuairsciú ar tháirgeachtaí sa ráitis táirgeachta bliantúil araon. Idir an dá linn, seo chugaibh mo chomhleacaí, an tAire Stáit John Curran.