Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Liúntais Cúitimh do Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 October 2012

Tuesday, 16 October 2012

Ceisteanna (518)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

518. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth go bhfuil moill le híocaíocht deontais faoin scéim um limistéir faoi mhíbhuntáiste le feirmeoir (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44266/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fuarthas iarratas faoin Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe an 13 Aibreán 2012. Níor eisíodh íocaíocht go fóill, áfach, mar nárbh fhéidir go dtí seo a fhíorú gur comhlíonadh ceann de Théarmaí agus Coinníollacha Scéim 2012, a bhaineann le meánmhéid bliantúil de 0.15 aonad beostoic a choimeád in aghaidh an acra foráiste dearbhaithe. Chomh luath agus is féidir an coinníoll sin a fhíorú, déanfar an cás a phróiseáil le súil agus íocaíocht a dhéanamh chomh luath ina dhiaidh sin agus is féidir.

Barr
Roinn