Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 May 2015

Tuesday, 19 May 2015

Ceisteanna (432)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

432. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aici athbhreithniú a dhéanamh ar líon na múinteoirí a chuirtear ar fáil do scoileanna dara léibhéal oileánda, lena chinntiú go mbeidh cothromas ag scoláirí ar na hoiléain ó thaobh rogha ábhair de agus chun go mbeidh na scoileanna inmharthana agus go dtiocfaidh fás agus forás ar na cúig oileán a bhfuil scoil dara léibhéal orthu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19542/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tugann mo Roinnse faomhadh do na leithdháiltí múinteoirí ar na scoileanna dara leibhéal ar fad de réir rialacha seanbhunaithe atá bunaithe ar an líon daltaí aitheanta ar an rolla. Cuirtear na critéir do phoist a leithdháileadh in iúl do lucht bainistíochta na scoileanna gach bliain agus tá siad ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne. I dteannta le leithdháiltí múinteoirí atá bunaithe ar an mórchóir ar chóimheasa daltaí le múinteoir, leithdháiltear aon phost múinteoireachta amháin lasmuigh den chuóta ar scoileanna Oileáin.

De réir na socruithe foilsithe foirnithe ceanglaítear ar gach aon údarás bainistíochta scoile a chuid roghanna ábhair a eagrú laistigh dá leithdháileadh faofa múinteoirí. Faoin údarás bainistíochta scoile atá sé sa chéad ásc foireann múinteoireachta a imlonnú sa scoil, cinneadh ar an raon ábhar a thairgtear agus faoi dheoidh freagracht a ghlacadh as an gcaighdeán múinteoireachta agus foghlama sa scoil.

Ag an iar-bhunleibhéal agus de réir na socruithe atá ann faoi láthair, áit nach mbíonn údarás bainistíochta scoile in ann a chuid tiomantas curaclaim a chomhlíonadh laistigh dá leithdháileadh faofa, breithníonn mo Roinnse iarratais ar thacaíocht bhreise ghearrthéarma i.e., lamháltais churaclaim. Bíonn gá le tacaíocht ghearrthéarma (ar feadh bliana amháin de ghnáth ach gan dul thar 2/3 scoilbhliain) chun cur ar chumas an údaráis scoile freagairt ar dheacracht atá sainaitheanta le freastal ar na tiomantais churaclaim fíor-riachtanacha i leith na ndaltaí laistigh den ghnáth-leithdháileadh foirne.

Leagtar amach mionsonraí ar phróiseas an lamháltais churaclaim in éineacht leis na critéir leithdháilte post agus tá siad seo ar fáil chomh maith ar an suíomh idirlín.

Tá sás achomhairc san áireamh sa phróiseas leithdháilte chomh maith faoina féidir le scoileanna achomharc a dhéanamh in aghaidh an leithdháilte atá ag dul dóibh faoi na sceidil foirnithe. Tá na nósanna imeachta maidir le hachomharc leagtha amach sna socruithe foilsithe foirnithe chomh maith. Feidhmíonn an Bord Achomhairc go neamhspleách ar an Roinn agus ní bhíonn dul thar a bhreith.

Leis an gcur chuige atá ag an Rialtas i leith an gheilleagar a athshlánú tá Éire tagtha ar ais chuig staid ina bhfuil fás geilleagrach le feiceáil. Is de bharr feabhsaithe leanúnaigh ar an bhfás geilleagrach againn thar tréimhse mharthanach a bheimid in ann gluaiseacht ar aghaidh chuig pointe ag a bhféadfaimid machnamh arís ar acmhainní breise múinteoireachta a chur ar fáil i scoileanna, lena bhféadfaí tuilleadh feabhsúchán ar an gcóimheas daltaí le múinteoir, méid na ranganna agus tacaíocht do mhúinteoirí rangsheomra a chur i gcrích.

Is é an dúshlán atá roimh na scoileanna go léir ná a chinntiú go mbaineann siad leas as na hacmhainní atá leithdháilte dóibh a fheabhas is féidir chun na torthaí múinteoireachta agus foghlama a uasmhéadú.

Barr
Roinn