Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 February 2017

Wednesday, 8 February 2017

Ceisteanna (123)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

123. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige a chinntiú go mbeidh múinteoir breise ex quota ag na scoileanna Gaeltachta ó Mheán Fómhair ar aghaidh mar a gealladh i mBeartas na Roinne ar Oideachas Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6191/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Maidir leis an ngníomh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a bhaineann le socrúcháin scoile bliana i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta Gaeltachta, do chéimithe ó na cláir nua um oiliúint tosaigh múinteoirí (ITE) bunscoile agus iar-bhunscoile, is gníomh amháin é sin de roinnt gníomhartha a dhéanfar. Cuirfear gníomhartha an pholasaí i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ó Mheán Fómhair 2017. Ní thosóidh an gníomh seo i Meán Fómhair 2017, ach ag céim níos déanaí sa chur i bhfeidhm.

Barr
Roinn