Tar éis athbhreithniú a bheith déanta ar leithdháileadh foirne i gcomhair Bunscoileanna Beaga, forálann ceann de na bearta a fógraíodh i gCáinaisnéis 2017 do bhunscoileanna aon oide ar oileáin. Sa chás gurb í an scoil an t-aon bhunscoil ar an oileán, is féidir an dara hoide a cheapadh sa scoil. Beidh éifeacht leis seo ó mhí Mheán Fómhair 2017 agus leagfar amach é sa chiorclán maidir le sceideal foirne don scoilbhliain 2017/18 a bheidh ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne sna seachtainí seo amach romhainn.
Maidir leis an ngníomh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a bhaineann le socrúcháin scoile bliana i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta Gaeltachta, do chéimithe ó na cláir nua um oiliúint tosaigh múinteoirí (ITE) bunscoile agus iar-bhunscoile, is gníomh amháin é sin de roinnt gníomhartha a dhéanfar. Ní thosóidh an gníomh seo i Meán Fómhair 2017, ach ag céim níos déanaí sa chur i bhfeidhm.